TREOIRLÍNTE DEA-CHLEACHTAIS

Safer Internet Day 2019

TREOIRLÍNTE DEA-CHLEACHTAIS

Molaimid na céimeanna tábhachtacha seo a leanas a thógáil sula dtosaíonn tú ar Chlár na Laochra HTML.

Úsáid na Teicneolaíochta ar Scoil

Ba cheart do mhúinteoirí iad féin a chur ar an eolas mar gheall ar Pholasaí Úsáide Inghlactha na scoile agus eolas na ndaltaí ar an bpolasaí agus ar rialacha na scoile i leith úsáid na teicneolaíochta a athnuachan. D’fhéadfaí go mbeadh polasaí ar leith ag roinnt scoileanna d’úsáid fón cliste, agus ní mór amhairc air sin chomh maith.

Is féidir é a íosloódáil anseo 

Gnásanna Frithbhulaíochta

Ní mór do gach scoil beartas frithbhulaíochta a chomhlíonann ceanglais na ngnásanna Frithbhulaíochta go huile a ghlacadh agus a chur chun feidhme go foirmeálta. Cuir tú féin ar an eolas mar gheall ar Pholasaí Frithbhulaíochta na scoile agus déan cinnte go dtuigeann na daltaí gnásanna na scoile sula dtosaíonn tú ag úsáid na hacmhainne seo.

Dualgas Cúraim na Scoile

Is ceart do scoileanna cur chuige gníomhach a ghlacadh chun an caighdeán cúraim atáthar ag súil uathu a chomhlíonadh agus é sin a dhéanamh trí oideachas a chur ar scoláirí agus beartais agus nósanna imeachta láidre, a ndearnadh taighde maith orthu a bheith i bhfeidhm acu. Faoi na Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile, 2017, iarrtar ar scoileanna Ráiteas Cosanta Leanaí a scríobh agus a chur ar taispeáint. Ráiteas scríofa é sin ina sonraítear na nósanna imeachta atá i bhfeidhm lena chinntiú go gcosnaítear leanaí ó dhíobháil. Éilítear sna nósanna imeachta sin go mbeidh ainm an Teagmhálaí Ainmnithe agus an duine ionaid scríofa sa Ráiteas Cosanta Leanaí agus gur cheart go mbeadh an ráiteas ar taispeáint in áit fheiceálach, gar do phríomhdhoras isteach na scoile. Faigh eolas agus tuiscint ar Ráiteas Cosanta Leanaí na scoile.

Na Meáin Shóisialta á bPlé

Tá sé tábhachtach gur ar ghníomhaíochtaí ar líne a dhíríonn an díospóireacht sa cheacht seo, agus ní ar sheirbhísí sonracha ar líne. Ba cheart duit iarracht a dhéanamh an díospóireacht a dhíriú ar na riachtanais a spreagann daltaí le húsáid a bhaint as an Idirlíon, seachas na huirlisí a mbaineann siad úsáid astu chun na riachtanais sin a chomhlíonadh. Tríd is tríd, baineann leanaí úsáid as an idirlíon chun sóisialú a dhéanamh, chun meáin a roinnt, chun faisnéis a fháil, chun cluichí a imirt, chun cumarsáid a dhéanamh, agus chun foghlaim.

Ba cheart duit a bheith ar an eolas go mbeidh roinnt leanaí i do rang ar tí aipeanna agus uirlisí líonraithe shóisialta agus roinnt meán a úsáid den chéad uair. Beidh cuid mhaith acu i mbun idirbheartaíochta lena dtuismitheoirí ar mhaithe le cead a fháil dá leithéid. D’fhéadfadh an leanbh d’fhocail féin a úsáid mar chuid den idirbheartaíocht sin sa bhaile. Sa chomhthéacs sin, is fearr labhairt faoi “grianghraif a roinnt” ná faoi “Instagram a úsáid”.

Is é 16 bliana d’aois an Aois Toilithe Dhigitigh in Éirinn, is é sin an aois íosta ar féidir le daoine óga clárú do sheirbhísí ar líne, cuir i gcás suíomhanna gréasáin na meán sóisialta, gan cead a fháil óna dtuismitheoirí ná óna gcaomhnóirí. Ciallaíonn sé sin freisin nach féidir le cuideachtaí na meán sóisialta ná idirlín do shonraí a bhailiú, a úsáid, a stóráil agus a ndíol d’fhógróirí.

Treoracha chun an acmhainn seo a úsáid

Léigh na nótaí don mhúinteoir roimh gach ceacht sula dtosaíonn tú ar Chlár na Laochra HTML. Teastaíonn roinnt obair ullmhúcháin roimh gach ceacht agus d’fhéadfaí go mbeadh ort na bileoga oibre a íoslódáil agus a chóipeáil.

Má tá clár bán á úsáid agat, déan an t-ábhar a thástáil roimh ré. Má tá gléasanna aonair á n-úsáid agat, déan cinnte go bhfuil fáil ag na daltaí ar an gclár.

Is féidir é a íosloódáil anseo