Smaointe le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín nach sáraíonn srianta Covid-19

Smaointe le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín nach sáraíonn srianta Covid-19

Cé go bhfuil gníomhaíochtaí Lá na Sábháilteachta Idirlín beagán difriúil i mbliana, agus sinn á gcur in oiriúint do shrianta Covid-19, táimid fós in ann ceiliúradh spraíúil, bríomhar agus spéisiúil a dhéanamh ar #SID2021!

 

Cé gur rud tábhachtach é treoirlínte do scoile nó d’eagraíochta maidir le Covid-19 a bheith ar eolas agat agus cloí leo, is iomaí bealach atá ann fós chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a chomóradh ar bhealach atá éasca, oideachasúil agus nach sáraíonn srianta Covid-19.

 

Seo a leanas 12 smaoineamh chun cuidiú leat tosú amach

1. Cúrsaí Digiteacha i gCeannas

I mbliana, níos mó ná riamh cheana, bain an leas is mó is féidir as na hacmhainní atá ar fáil duit chun aird a tharraingt ar Lá na Sábháilteachta Idirlín. Cén fáth nach bhfiosrófá na scáileáin i do scoil a úsáid chun feasacht a ardú faoi shábháilteacht ar líne? Is deis iontach a bheadh ann chun aird phobal uile na scoile a tharraingt, trí fhíseáin a thaispeáint agus leideanna a thabhairt.

D’fhéadfá do chuid féin a chruthú, nó d’fhéadfá úsáid a bhaint as cuid dár bhfíseáin faoinsábháilteacht ar líne, nó d’fhéadfá meascán den dá rud a úsáid!

 

2. Seol litir #SID2021 abhaile

Is deis mhaith é Lá na Sábháilteachta Idirlín chun teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí agus iad a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá ar siúl ar scoil, agus iad a spreagadh a bheith níos rannpháirtí sa tsábháilteacht idirlín.

Is féidir leat ár dteimpléad saor in aisce do litir a úsáid, agus í a chur in oiriúint do do scoil féin.

3. Cruthaigh d’fhíseán nó do phodchraoladh féin

Is bealach cruthaitheach é, agus bealach a bhfuil an-tóir air, físeán nó podchraoladh a dhéanamh chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a chomóradh agus chun sábháilteacht idirlín a chur chun cinn. Bíodh agallaimh, comhairle nó leideanna faoin tsábháilteacht ar líne á dtaifeadadh ag na scoláirí, is deis a bheadh ann dóibh foghlaim faoin tsábháilteacht ar líne, agus chun a bhfíseán nó a bpíosa fuaime féin a phleanáil agus a thaifeadadh agus eagarthóireacht a dhéanamh air.

 

Má tá inspioráid á lorg agat, léigh faoin tslí ar úsáid scoláirí físeáin agus podchraoltaí chun aird a tharraingt ar Lá na Sábháilteachta Idirlín sna blianta roimhe seo.

4. Nuachtán, nuachtlitir nó suíomh gréasáin na scoile

Cén fáth nach mbainfeá úsáid as nuachtán nó suíomh gréasáin do scoile chun poiblíocht a dhéanamh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín?

 

Ní hamháin gur deis a bheadh ann do scileanna scríbhneoireachta a thaispeáint, is féidir feasacht faoi imeachtaí nó gníomhaíochtaí atá ag tarlú a ardú trí inneachar a chruthú do na hardáin sin, nó chun leideanna a thabhairt faoi ábhair éagsúla a bhaineann le sábháilteacht ar líne, amhail cumarsáid mheasúil, folláine ar líne, íomhánna a roinnt agus príobháideachas.

D’fhéadfá Preaseisiúint a scríobh freisin agus í a sheoladh chuig do nuachtán nó stáisiún raidió áitiúil chun aird a tharraingt ar na gníomhaíochtaí atá ar bun sa scoil chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a chomóradh.

Is féidir ár dteimpléad de Phreaseisiúint a íoslódáil agus a chur in oiriúint do do scoil féin!

5. Déan suirbhé i do scoil

Déan suirbhé ar scoláirí sa scoil chun a dtuairimí a fháil faoi ábhar nó ábhair sábháilteachta idirlín.

Is bealach maith é sin freisin chun aird a tharraingt ar shábháilteacht ar líne agus is féidir é a úsáid mar bhuntaca chun na cineálacha saincheisteanna a ndíreofar orthu ar Lá na Sábháilteachta Idirlín, nó ar feadh na bliana, a chinneadh.

6. Bí i d’óstach d’aoi fíorúil

Cé gur dheacair do scoileanna cuireadh a thabhairt d’aíonna teacht chun na scoile chun labhairt faoin tsábháilteacht idirlín aghaidh ar aghaidh de bharr shrianta Covid19, cén fáth nach smaoineofá ar sheimineár gréasáin nó caint fhíorúil a reáchtáil don rang?

7. Féach ar fhíseán faoi shábháilteacht idirlín ar líne

Is deis iontach é Lá na Sábháilteachta Idirlín chun sábháilteacht ar líne a chur chun cinn agus chun raon príomhábhar a fhiosrú – agus is bealach fíormhaith é féachaint ar fhíseáin faoin tsábháilteacht ar líne chun tús a chur leis an bplé!

Tá físeáin do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna ag Webwise, ina bhfiosraítear raon saincheisteanna tábhachtacha amhail cumarsáid mheasúil/cibearbhulaíocht, fógraíocht ar líne, faisnéis bhréagach, olltiomsú sonraí, íomhánna a roinnt agus féinmheas.

Tá na físeáin go léir saor in aisce agus is féidir iad a shruthú nó a íoslódáil ónár suíomh gréasáin. Tá na físeáin le fáil anseo.

8. Cuir d’fheachtas ar líne

Cruthaigh Blag, suíomh gréasáin nó feachtas ar na meáin shóisialta faoi #SID2021. Cibé acu an feachtas a mhairfidh mí atá ar bun agat, nó gníomhaíochtaí níos lú chun aird a tharraingt ar an tsábháilteacht ar líne, is bealach iontach atá sna meáin shóisialta chun lucht féachana níos mó a aimsiú do do theachtaireacht. Déan machnamh ar na hardáin is féidir leat a úsáid, ar an lucht féachana atá tú ag iarraidh a aimsiú, agus ar na teachtaireachtaí ar mian leat aird a thabhairt orthu!

Cuimhnigh go bhféadfaidh tú páirt a ghlacadh sa phlé náisiúnta agus idirnáisiúnta ach an haischlib #SID2021 a úsáid, agus trí Webwise Ireland a chlibeáil ar na meáin shóisialta.

9. Cuir i láthair saor in aisce a bhfuil script leo le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín

Tá cuir i láthair saor in aisce a bhfuil script leo le fáil, ar leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile. Ceapadh iad go sonrach chun cabhrú le scoileanna agus le heagraíochtaí a bheidh rannpháirteach i Lá na Sábháilteachta Idirlín. Is féidir na cuir i láthair a úsáid sa seomra ranga agus tá gníomhaíochtaí agus ábhair físeáin a thacaíonn leo.

 

10. Déan tráth na gceist

Is bealach spraíúil é tráth na gceist chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh. Faigh amach cé chomh gaoiseach faoin ngréasán atá do scoláirí leis an tráth na gceist idirghníomhach Laochra HTML, nó bain úsáid as Ceacht 8 san acmhainn chun measúnú a dhéanamh ar chumas do scoláirí cumarsáid agus caidreamh a dhéanamh le daoine eile ar líne gan iad féin a chur i mbaol gan ghá, leis an tráth na gceist Chatwise.

Nó cruthaigh do thráth na gceist féin le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín, ach uirlisí ar líne a úsáid, amhail Kahoot, Menti Meter, nó Quizizz.

 

11. #BeKindOnline - Déan Cód Ar Líne nó Conradh Ranga a fhorbairt

Bain úsáid as ár ngníomhaíocht faoin gCód Ar Líne in-íoslódáilte chun cabhrú le scoláirí treoirlínte ar úsáid an idirlín agus na teicneolaíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus chun cabhrú le cosc a chur ar chibearbhulaíocht. Is cuid de Cheacht 5 den acmhainn oideachais MySelfie agus an Domhan Mór í an ghníomhaíocht sin.

12. Cuir do scoil ar an léarscáil!

Is cuma cé chomh mór nó chomh beag d’imeacht nó do ghníomhaíocht, má tá Lá na Sábháilteachta Idirlín á chomóradh agat – inis dúinn faoi!

Léireoidh léarscáil idirghníomhach na hÉireann um Lá na Sábháilteachta Idirlín na scoileanna ar fud na tíre a bheidh rannpháirteach sa lá.

Cláraigh le bheith ar an léarscáil agus le pacáiste SAOR IN AISCE faoi Lá na Sábháilteachta Idirlín a fháil do do scoil!

Téigh siar chuig an Mol maidir le Lá na Sábháilteachta Idirlín chun tuilleadh smaointe, inspioráide agus acmhainní a fháil le húsáid chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh.