Scileanna Litearthachta Digití: Comhoibriú

Comhoibriú

Scileanna Litearthachta Digití: Comhoibriú






Is uirlis thábhachtach í an teicneolaíocht chun scileanna comhoibrithe a chur chun cinn agus a fheabhsú. Is scil saoil é foghlaim le hoibriú le daoine eile a sheasfaidh do gach scoláire sa todhchaí. Bíonn an comhoibriú agus obair foirne níos éasca le teicneolaíocht. Tá líon mór ardán ann is féidir le múinteoirí a úsáid chun leas a bhaint as comhoibriú mar chuid lárnach den fhoghlaim sa rang nó sa bhaile. Foghlaim mhíreanna mearaí, scríbhneoireacht chomhoibríoch agus tionscadail tascbhunaithe – níl ansin ach roinnt de na gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh ag úsáid na teicneolaíochta. Seo liosta de shuíomhanna gréasáin atá sábháilte le húsáid le scoláirí nuair a bhíonn obair thionscadail á déanamh: anseo. Áirítear leo: Scoilnet, Seomra Ranga, National Geographic Kids agus Imagebank agus go leor eile. 

Is féidir piarfhoghlaim agus comhoibriú a chruthú le do chuid scoláirí ag úsáid meáin éagsúla ar líne. Is minic le múinteoirí Google Classroom a úsáid chun obair a bhailiú agus a scaipeadh, agus bíonn láithreoireachtaí nó vicithe iontach chun na torthaí deiridh a thaispeáint. Tugann ardáin ar líne mar sin deis d’úsáideoirí ábhar agus struchtúr a chur in eagar agus a mhodhnú ar bhonn comhoibritheach. Ach an teicneolaíocht a úsáid, cuirtear ar chumas an mhúinteora ballaí an tseomra ranga a leathnú amach agus bítear in ann freastal ar stíleanna difriúla foghlama. Is féidir le scoláirí obair a dhéanamh sa rang nó sa bhaile. Ar fhormhór na n-ardán ar líne, cuir i gcás Wikispaces, bíonn an múinteoir in ann súil a choimeád ar a bhfuil ar bun ag scoláirí, teachtaireachtaí a sheoladh agus spriocdhátaí a cheapadh, agus monatóireacht a dhéanamh ar athruithe i bhfíor-am. Déan cinnte go leagfaidh tú síos cóid chleachtais shoiléire ar a bhfuil cead ag scoláirí a rá ar líne sula dtosaíonn sibh ar bhur dtionscadal ar líne. 

Cad iad na buntáistí?


Comhoibriú

Nuair a úsáidtear uirlisí comhoibrithe ar líne beidh do chuid scoláirí in ann ábhar a phlé eatarthu agus oibriú le chéile chun gnéithe físiúla a chur san obair chun cuma agus éirim iomlán a dtionscadail/láithreoireachta a fheabhsú. Is uirlis dhaonlathach é sa mhéid is go gcaithfidh scoláirí glacadh lena gcuid smaointe agus a gcuid oibre agus iad a leasú, bunaithe ar athbhreithniú piaraí agus ar aiseolas. Bíonn scoláirí in ann cur leis, dul siar agus eagarthóireacht a dhéanamh, tuairim a thabhairt, tagairt agus staidéar a dhéanamh ag úsáid na n-uirlisí foghlama feabhsaithe sin.

Dar le teoiric Vygotsky den Zón Neasfhorbartha, ar a dtugtar scafalra go minic, bíonn foghlaimeoirí a oibríonn le chéile in ann timpeallacht a chruthú ina n-oibríonn siad beagán os cionn a leibhéil féin. Dá bhrí sin, is féidir le comhoibriú le piaraí ag a bhfuil níos mó eolais gnóthachtáil agus táirgiúlacht a mhéadú. 

An bhfuil tú ag iarraidh tionscadal tascbhunaithe a thosú le do chuid scoláirí ag úsáid teicneolaíochta? Bain úsáid as ár ngrafaic faisnéise chun tosú:



Leagan clóite anseo.