Suíomhanna Idirlín a Mholtar atá Dearfach agus Sábháilte

Suíomhanna Idirlín a Mholtar atá Dearfach agus Sábháilte

Acmhainn foghlama den scoth é an tIdirlíon ar a bhfaightear a lán eolais, cluichí agus suíomhanna gréasáin atá suimiúil agus faisnéiseach.

Áit chontúirteach é an tIdirlíon freisin áfach. Is iomaí suíomh gréasáin pornagrafach air agus déanann daoine neamhscrupallacha a seacht ndícheall díriú ar úsáideoirí i mbaol, lena n-áirítear páistí, chun iad a sceamáil agus a mhealladh.

B’fhearr go mbeadh a fhios ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí na suíomhanna is fearr agus is sábháilte dá gcuid páistí nó dá gcuid daltaí.

Tá cuid de na suíomhanna is fearr le Webwise roghnaithe anseo arna bhformheas agus arna léirmheas ag múinteoirí Éireannacha.

Scoilnet

Tairseach na Roinne Oideachais maidir le hoideachas na hÉireann é Scoilnet.

Déanann múinteoirí léirmheas ar an uile acmhainn.

Is é an NCTE a d’fhorbair é agus tá na mílte acmhainn le fáil air i mbunachar sonraí digiteach. Clúdaítear an uile ábhar sa churaclam iar-bhunscoile.

Déanann painéal múinteoirí léirmheas ar na hacmhainní uile agus cuireann siad i gcatagóirí iad.

Tá míreanna ar leith ar Scoilnet faoi choinne múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí. Déantar acmhainní curaclaim a aibhsiú agus faightear ailt, CCanna, nuacht, argóintí agus pobalbhreitheanna air.

Seachas mórbhunachar sonraí d’acmhainní, is ann do roinnt míreanna mealltacha eile de chuid Scoilnet a sainchruthaíodh le haghaidh múinteoirí bunscoile agus daltaí.

Gifted Kids

Suíomh gréasáin tacaíochta é Gifted Kids do thuismitheoirí agus d’oideoirí páistí “tréitheacha” in Éirinn.

Sásaíonn sé riachtanais na dtuismitheoirí, na múinteoirí agus na bpáistí tréitheacha in Éirinn.

Pointe eolais é an suíomh gréasáin le haghaidh acmhainní. Faightear a lán ábhar air, lena n-áirítear fóram pobail ar líne a bhfuil an-éileamh air, áit a bhfuil tuismitheoirí agus múinteoirí in ann comhrá a bheith acu faoi pháistí tréitheacha.

Cartlann Dhigiteach The Irish Times

Suíomh fíorthábhachtach eile í Cartlann Dhigiteach The Irish Times do dhaoine de gach aois ar mhaith leo a bheith ina staraí.

Ligeann an suíomh duit cartlann The Irish Times a chuardach idir 1859 agus an lá inniu.

ImageBank

Leabharlann shábháilte ghrianghraf ar líne é ImageBank ina bhfuil na mílte grianghraf atá oiriúnach le haghaidh saothair sa seomra ranga nó le haghaidh tionscadail scoile.

Tugann an suíomh rochtain ar ghrianghraif lena mbaineann tábhacht Éireannach agus a bhaineann le hábhar maidir le curaclam na hÉireann, amhail láithreacha agus foirgnimh stairiúla, ainmhithe, spórt agus bláthanna.

National Geographic Kids

Tá sé lán le cluichí, físeáin agus grianghraif.

Tá sé mar aidhm ag an suíomh gréasáin spreagúil seo iarraidh ar pháistí cúram a thabhairt don domhan agus do na daoine, na háiteanna agus na hainmhithe atá ann.

Suíomh gréasáin é ina bhfaightear an dúrud cluichí, físeán agus grianghraf ó gach cearn den domhan (agus den réaltra!).

Spreagann sé páistí chun smaointe agus coincheapa eolaíochta a fhiosrú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ach gníomhaíochtaí a cheapadh agus a dhéanamh. Ina theannta sin, cuireann sé ar chumas páistí smaointe a chur in iúl, saothar a chur i láthair agus torthaí a thuairisciú trí úsáid a bhaint as cineálacha éagsúla meán.

Maths is Fun

Is é cuspóir an tsuímh seo áiseanna matamaitice a chur ar fáil chomh maith le spraoi, agus an dá ghné in éineacht lena chéile nuair is féidir.

Tá príomhábhar an tsuímh dírithe ar naíonáin aníos go daltaí an Teastais Shóisearaigh.

Tá sé lán le puzail agus le quizeanna a chuirfidh dua fiú orthu siúd a bhfuil bua na matamaitice iontu.

Webwise ar Facebook

Is é an rud is tábhachtaí is féidir le tuismitheoir a dhéanamh chun a bpáistí a choimeád slán ar líne ná caint leo faoin ábhar.

Rinneadh Webwise ar Facebook a fhorbairt chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí tús a chur leis an gcomhrá lena bpáistí faoina ndéanann siad ar líne.

Agus tú i do thuismitheoir, tá sé thar a bheith tábhachtach cumarsáid mhaith oscailte a bheith agat le do pháiste faoin Idirlíon.

Fearacht gné ar bith eile dá saol, tá sé tábhachtach go labhraímid lenár bpáistí faoin mbaol a bhféadfaidís teacht air ar líne, mar aon leis an iomad tairbhí a bhainfidh siad as.

Cuid thábhachtach chun iad a choimeád sábháilte ar líne é leagan síos rialacha agus teorainneacha faoin úsáid a bhaineann do pháistí as an Idirlíon.

Tá réimse ábhar ar Webwise ar Facebook a bhfuil mar aidhm acu na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt do thuismitheoirí chun smacht a choimeád ar an úsáid a bhaineann a bpáistí as an Idirlíon.

Tá físeáin air ó shaineolaithe tuismitheoireachta, cartúin idirghníomhacha a mhúineann na bunrialacha maidir leis an Idirlíon do pháistí, agus rogha foilseachán ina dtugtar faisnéis agus comhairle.

Déanaimid an leathanach Facebook a nuashonrú gach lá; cuirimid ailt, físeáin agus pictiúir fhaisnéiseacha air.

San Francisco Symphony – Kids’ Site

Suíomh thar a bheith idirghníomhach é seo. Múineann sé uirlisí na ceolfhoirne agus na bunchéimeanna a theastaíonn chun ceol a léamh. Tá raidió ar líne air freisin a chasann cuid den cheol clasaiceach is fearr riamh.

Is féidir le páistí triail a bhaint as an gceol.

Ligeann sé do pháistí triail a bhaint as an gceol agus a bheith ina gcumadóir.

Oireann sé do ranganna bunscoile agus do luathranganna meánscoile.

The Literacy Centre

Eagraíocht neamhbhrabúis é Gréasán Oideachais an Literacy Centre a thugann ábhar oideachais saor in aisce arna dhearadh go gairmiúil do pháistí nach bhfuil in aois na scoile fós.

Tugann sé ceachtanna litearthachta agus uimhearthachta ar líne do pháistí óga, a bheag nó a mhór.

Seomra Ranga

Déanann múinteoir ag a bhfuil tuairim mhaith faoi acmhainní úsáideacha le haghaidh réimse ábhar bunscoile, nuashonrú ar an suíomh gréasáin seo.

Bailiúchán atá ann d’acmhainní do mhúinteoirí bunscoile atá éasca le húsáid agus a bhaineann le curaclam na hÉireann go sonrach.

Ask About Ireland

Tionscnamh digitithe é Ask About Ireland a bhfuil de chuspóir aige foilseacháin ar líne de na bunbhailiúcháin, de na bailiúcháin neamhghnácha agus de na bailiúcháin uathúla a chur le chéile chun acmhainn náisiúnta chultúir a chruthú ar an Idirlíon.

Leabharlanna poiblí atá ina bhun in éineacht le hiarsmalanna agus cartlanna áitiúla. Tá sé foirfe do mhúinteoirí ag an uile leibhéal agus do pháistí in ardranganna bunscoile agus sa mheánscoil.

Cartlann Náisiúnta na Ríochta Aontaithe – Oideachas

Cartlann Náisiúnta na Ríochta Aontaithe

Is iomaí acmhainn ar líne ar an suíomh seo do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Féadtar na hacmhainní seo a úsáid sa seomra ranga nó sa bhaile.

Faightear ábhair agus ceachtanna ar líne, mar aon le podchraoltaí.

Dírítear ar stair na Breataine, ach tá i bhfad níos mó ná sin le fáil air.

Ceaptar na hábhair le go mbeidh siad níos sonraí. Tá na ceachtanna le haghaidh rang amháin agus cuirtear béim ar cheisteanna a d’fhéadfaí a thabhairt mar obair bhaile.

Eolaíocht Éireann (Science Ireland)

Acmhainn é seo do pháistí agus do mhúinteoirí a bhfuil dúil acu san eolaíocht.

Tá faisnéis air faoi mhórán réimsí eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice in Éirinn do dhaltaí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí.

Níos Mó

  • French.ie: Soláthraítear acmhainní do mhúinteoirí ar an suíomh seo agus tugtar deis dul i dteagmháil lena gcuid comhpháirtithe. Tá an suíomh dírithe ar an tSraith Shóisearach agus ar an tSraith Shinsearach.
  • Seirbhís Tacaíochta Tíreolaíochta: Tugtar tacaíocht ar an suíomh seo d’inseirbhís mhúinteoirí na tíreolaíochta san Ardteistiméireacht. Tugtar rochtain ar acmhainní curaclaim freisin san Aimsitheoir Acmhainní.
  • Gearmáinis: Soláthraítear acmhainní do mhúinteoirí ar an suíomh seo agus tugtar deis dul i dteagmháil lena gcuid comhpháirtithe. Tá an suíomh dírithe ar an tSraith Shóisearach agus ar an tSraith Shinsearach.
  • HIST (Foireann Inseirbhíse Staire): Tugtar tacaíocht ar an suíomh seo d’inseirbhís mhúinteoirí na staire san Ardteistiméireacht. Tugtar acmhainní curaclaim do dhaltaí agus do mhúinteoirí freisin.
  • Féach ar an Stair: Treoirthionscadal comhoibríoch é seo le RTÉ ina gcuirtear gearrthóga meán arna gcaomhnú ag Cartlann RTÉ ar fáil le haghaidh an oideachais iar-bhunscoile.