Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 in Éirinn

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 in Éirinn

lá na sábháilteachta idirlín 2015

Bhí Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015, a comóradh an 10 Feabhra, ar an gceann ba mhó agus ab fhearr go dtí seo. Arna sheoladh go hoifigiúil ag ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag an Aire Scileanna, Taighde agus Nuálaíochta, Damien English TD, chomóir beagnach 34,000 duine óg Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015, ag eagrú agus ag glacadh páirte in 219 ócáid éagsúla a bhain le Lá na Sábháilteachta Idirlín ar fud na hÉireann.

Comóradh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 le 219 ócáid éagsúla

lá na sábháilteachta idirlín 2015

Bailiúchán de chuid de na híomhánna a postáladh ar Twitter leis an haischlib #Up2Us chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 a chomóradh

 

Tionscnamh faoi Chlár an Choimisiúin Eorpaigh um Idirlíon níos Sábháilte atá ann a fhéachann le feasacht a ardú faoin Idirlíon a dhéanamh níos sábháilte agus níos fearr do chách, go háirithe do pháistí agus do dhaoine óga.

Ba é téama na hócáide in 2015 “Cruthóimid Idirlíon níos Fearr le Chéile” agus thug na céadta scoileanna agus grúpaí óga an dúshlán sin trí bheith ag comóradh Lá na Sábháilteachta Idirlín lena bhfeachtais phobalthionscanta féin.

D’éirigh go hiontach le rap Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015

Bhí Criú ÓgraGMC ar cheann de na grúpaí a shocraigh rud éigin a dhéanamh faoin gcibearbhulaíocht, mar sin chum siad píosa ceoil rap a chuireann ina haghaidh. Fonn a d’fhanfadh leat é an rap seo dar teideal ‘I Like It’ agus díol mór suntais i bhfeachtas Lá na Sábháilteachta Idirlín, óir breathnaíodh ar an bhfíseán breis agus 100,000 uair, chuir 2,000 duine in iúl gur maith leo é agus roinneadh 500 uair é , gan é a bheith ar líne ach le seachtain.

Buaiteoirí chomórtas Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015

Tá aitheantas speisialta tuillte freisin ag an dream daltaí óga as Meánscoil Loreto i gCill Chainnigh. Bhuaigh siad an comórtas #Up2Us do Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 de bharr an obair a rinne siad chun sábháilteacht ar an Idirlíon agus meon na frithbhulaíochta a chur chun cinn ina bpobal i gcaitheamh na bliana. Cúitíodh a saothar leo le gig phríobháideach Hogan agus Beat 102-103 sa scoil s’acu ar Lá na Sábháilteachta Idirlín.

Chomh maith leis sin, fuair Scoil Náisiúnta Bhriathar Dé ceamara GoPro mar dhuais as a bhfeachtas Super Selfie do Lá na Sábháilteachta Idirlín. Ba é a ngrianghrafsan dar teideal “Swaggy not slaggy” a fuair an líon is mó vótaí i measc gach pictiúr a postáladh ar líne faoin haischlib Up2Us.

MySelfie agus an Domhan Mór á sheoladh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015

Buaicphointe eile de Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 ba é seoladh oifigiúil MySelfie agus an Domhan Mór, Lámhleabhar nua do Mhúinteoirí in aghaidh na Cibearbhulaíochta sna Bunscoileanna. Acmhainn OSPS é MySelfie a cruthaíodh chun daltaí i rang a cúig agus i rang a sé a chur ar an eolas faoin gcibearbhulaíocht.

Gné lárnach den acmhainn seo is ea sraith beochaintí gearra. Is é is aidhm leis an acmhainn seo cabhrú le daltaí scileanna agus tuiscint a fhorbairt chun an tIdirlíon a úsáid go freagrach, go héifeachtach agus go hairdeallach ar chúrsaí sóisialta, agus iad ag baint triail as líonraí sóisialta den chéad uair. Tá úsáid á baint cheana as an acmhainn MySelfie i 948 scoil ar fud na hÉireann agus is féidir le gach scoil é a ordú saor in aisce.

Ón gcéad uair a reáchtáladh é in 2004, tá borradh as cuimse tagtha faoi Lá na Sábháilteachta Idirlín le breis agus 100 tír ar fud an domhain á chomóradh, 28 dtír an Aontais Eorpaigh san áireamh. Tá an feachtas á chur chun cinn in Éirinn ag Webwise, ar Tionscnamh um Shábháilteacht Idirlín é de chuid na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM). Caith súil anseo ar thuilleadh grianghraf ó sheoladh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015.