Gnéastéacsáil… an méid nach mór a bheith ar eolas ag tuismitheoirí

Gnéastéacsáil… an méid nach mór a bheith ar eolas ag tuismitheoirí

Bíonn imní mhór ar thuismitheoirí déagóirí uaireanta faoi ghnéastéacsáil. San alt seo tugaimid faisnéis faoi cad a dheirtear sa dlí faoin ghnéastéacsáil, faoin bhfáth a mbíonn roinnt déagóirí i mbun gnéastéacsála.

Tá na bealaí a dhéanann daoine cumarsáid lena chéile athraithe mar gheall ar an teacht atá againn ar an idirlíon agus ar ghairis fóin chliste. Ar cheann de na hathruithe seo tá grianghraif, teachtaireachtaí nó físeáin ghríosaitheacha nó ghnéasacha a sheoladh, ar a dtugtar “gnéastéacsáil” nó “pictiúir nochta a sheoladh” mar a thugann déagóirí air.

Cé go bhfuil an chosúlacht air nach bhfuil in íomhánna nó teachtaireachtaí téacs gáirsiúla ach píosa spraoi shoineanta do roinnt daoine óga, d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta agus dlí bheith le gnéastéacsáil.

Cion coiriúil atá i ndéanamh, tógáil, ceadú le tógáil, taispeáint, sealbhú agus/nó dáileadh íomhánna gáirsiúla mionaoiseach; mar sin is gá go mbeifeá an-chúramach faoin gcaoi a láimhseálann tú na heachtraí seo má tharlaíonn siad.

Ar an drochuair, nuair a roinntear íomhánna gnéasacha a chruthaigh an duine féin go neamhthoilteanach, d’fhéadfadh na hiarmhairtí baint go mór ó fholláine scoláirí faoi do chúram. D’fhéadfadh comhroinnt mhailíseach a bheith ina chineál cibearbhulaíochta agus d’fhéadfadh comhroinnt mhí-úsáide imní um chosaint leanaí a thabhairt le fios.

Cén fáth a mbíonn déagóirí i mbun gnéastéacsála?

Is féidir íomhánna gáirsiúla a roinnt i gcomhthéacs dlúthchaidrimh ach i gcásanna éagsúla chomh maith. Roinneann daoine ábhar dlúthphearsanta mar bhealach le haird a fháil nó le cliúsaíocht a dhéanamh le daoine a bhfuil suim rómánsúil acu iontu. D’fhéadfadh brú piarghrúpa bheith ina thoisc le gnéastéacsáil daoine óga áirithe. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh daoine óga leochaileacha nó iad siúd a bhfuil scileanna digiteacha níos laige acu, ábhar dlúthphearsanta a chruthú i ngan fhios dóibh féin nuair a dhéanann siad dearmad ceamaraí a mhúchadh. I gcásanna eile, níos tromchúisí, d’fhéadfaí daoine óga a mhealladh, iallach a chur orthu nó bob a bhualadh orthu chun íomhánna gáirsiúla díobh féin a chruthú.

D’fhéadfadh sé bheith anacrach nuair a roinntear íomhánna gáirsiúla a chruthaigh an duine féin, a roinneadh faoi rún ó thús, gan toiliú le lucht féachana níos leithne. D’fhéadfadh leanaí a bhíonn ina n-íospartaigh de chomhroinnt neamhthoilteanach (dá dtagraítear go minic mar phornagrafaíocht díoltais; cleachtas ina ndáiltear ábhar gnéastéacsála, gan toiliú, chun díoltas a bhaint amach agus duine a náiriú go poiblí) nó gnéas-sracadh (cineál sracaidh nuair a bhagraíonn an coirpeach go scaipfear ábhar gáirsiúil den íospartach mura n-íocann an t-íospartach suim airgid nó mura seolann sé/sí tuilleadh ábhar gáirsiúil) fulaingt ó dhúlagar nó imní agus d’fhéadfaidís a bheith i mbaol láithreach.

 

Cad a dheirtear sa dlí?

D’fhéadfadh go gcuirfí an tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht, 1998 i bhfeidhm má dhéanann duine faoi bhun 17 mbliana d’aois íomhá gháirsiúil a chruthú nó a roinnt nó fiú má fhaigheann sé nó sí íomhá gháirsiúil agus gan dada a dhéanamh léi.

 

Cad iad na híomhánna atá mídhleathach?

Íomhá ar bith ina dtaispeántar leanbh ag gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach nó ina ndírítear ar bhaill ghiniúna linbh, is íomhá gháirsiúil agus mhídhleathach í. Ní léir cibé an bhfuil ábhar gríosaitheach (e.g. grianghraf de dhuine uchtnocht) neamhdhleathach. Tá íomhánna ina dtugtar le fios go bhfuil leanbh ar fáil lena dhúshaothrú go gnéasach ina n-íomhánna mídhleathacha. Sa deireadh thiar is í an chúirt amháin atá in ann cinneadh a dhéanamh faoi cibé an bhféadfaí pictiúr de dhuine uchtnocht a mheas mar cheann mídhleathach.

D’fhéadfadh pionóis throma a bheith mar thoradh ar íomhánna gáirsiúla de dhaoine óga a chruthú nó a roinnt. Áirítear tréimhse príosúnachta agus fíneáil leis na pionóis. Cuirtear ciontóirí le clár na gciontóirí gnéis go huathoibríoch chomh maith ar feadh dhá bhliain go leith ar a laghad agus níl eisceacht ar bith ann!

Tá sé mídhleathach féinphiceanna de dhuine nocht a chomhroinnt gan cead an duine sin, fiú más daoine fásta iad na daoine atá bainteach. Faoin dlí um chosaint sonraí, ní féidir d’fhaisnéis phearsanta, lena n-áirítear d’íomhá, a fhoilsiú gan do chead.

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh go dtí: webwise.ie/talking-to-your-teen-about-sexting