Mínitheoir: Cad is Periscope ann?

Mínitheoir: Cad is Periscope ann?

cad is Periscope ann

Cad is Periscope ann?

Aip é
Periscope a ligeann duit sruthanna físeáin beo a roinnt agus a fheiceáil go díreach ó d’fhón cliste nó ó do tháibléad. Féadtar é a úsáid chun an callán i measc an lucht tacaíochta ag cluiche tábhachtach a ghabháil, chun nuacht atá díreach ag titim amach a chraoladh nó chun léargas a fháil ar an gcaoi a mothaíonn sé siúl síos sráideanna Nua-Eabhrac nó Dubai.

Spreagann neasacht na haipe na breathnóirí chun páirt a ghlacadh i cibé rud atá ar siúl san fhíseán. Déanann na breathnóirí an méid sin ach teachtaireachtaí a sheoladh. Is féidir leis an duine a roinneann an físeán freagra a thabhairt orthu i bhfíor-am. Mar thoradh ar an ngné sin de Periscope, is bealach níos gníomhaí é le hamharc ar fhíseáin i gcomparáid leis na bealaí traidisiúnta a n-amharctar ar fhíseáin.

 Gnéithe Periscope

Beoshruthú: Is é bonn na haipe go ligeann sé duit beoshruthú a dhéanamh ar fhíseán gó díreach ó do ghuthán nó ó do tháibléad.

Eispéireas idirghníomhach féachana: Seachas amharc ar shruthanna físeáin, ligeann Periscope duit dul i mbun idirghníomhaíocht fíor-ama. Tig leis na breathnóirí “croí” a chur leis na sruthanna a thaitníonn leo agus is féidir leo a bheith ag caidreamh leis an duine a roinneann an físeán a bhuíochas le feidhm na dteachtaireachtaí/an chomhrá.

Amharc na Léarscáile: Tig leat féachaint ar na físeáin atá á gcraoladh i ngach cearn den domhan trí amharc na léarscáile idirghníomhaí. Ligeann sé sin duit cuardach le haghaidh físeán de réir láithreach agus sruthanna a fháil d’imeachtaí áirithe atá ar siúl.

cad is Periscope ann

Cabhraíonn Amharc na Léarscáile leat beoshruthanna a fháil timpeall na cruinne

cad is Periscope ann

Tig leat beoshruthanna nua a athchraoladh suas le 24 uair an chloig tar éis a gcraolta

Athchraoltaí: Déantar físeáin a chraoltar ar Periscope a shábháil go huathoibríoch agus is féidir iad a athchraoladh suas le 24 uair an chloig tar éis a gcéadchraolta.

Sruth físeáin a íoslódáil: Nuair a bhíonn tú críochnaithe le do chraoladh Periscope, féadfaidh tú do shruth físeáin a shábháil ar rolla do cheamara ionas go mbeidh taifead agat ar an bhfíseán tar éis dó dul in éag.

Comhcheangal le Twitter: Ós rud é gur le Twitter Periscope anois, ní hionadh ar bith é go bhfuil an aip comhcheangailte go maith le Twitter. Ligeann sé duit ceangal le do leantóirí Twitter go héasca agus do leantóirí Twitter a chur ar an eolas faoi do chuid craoltaí Periscope.

Gearrshaolach: Fearacht Snapchat, ní bhíonn ábhar a chuirtear ar Periscope ar fáil ach ar feadh seal teoranta sula n-imíonn sé arís. Mura n-athraíonn tú na socruithe, ní bheidh na sruthanna ar fáil ach ar feadh 24 uair an chloig ar a mhéad sula n-imíonn siad arís.

Úsáid a Bhaint as Periscope

Cad is Periscope ann?

Chun físeán a shruthú, brúigh an cnaipe ceamara, scríobh cur síos agus brúigh “Start Broadcast”

Chun Periscope a úsáid le físeáin bheo a roinnt, caithfidh tú an aip a íoslódáil ar d’fhón cliste nó ar do tháibléad. Ina dhiaidh sin, cruthaíonn tú cuntas le do shonraí Twitter nó le d’uimhir fón póca. Chun tús a chur leis an gcraoladh, brúigh an cnaipe ceamara ar an mbarra nascleanúna ar bun, scríobh cur síos ar d’fhíseán agus brúigh “Start Broadcast”. Tig le duine ar bith na craoltaí uile a fheiceáil i dtús báire de réir réamhshocrú, mura n-athraíonn tú na socruithe.

Níl cuntas Periscope uait chun amharc ar fhíseáin Periscope ach beidh ort clárú más mian leat físeán a chraoladh tú féin nó más mian leat teachtaireacht a fhágáil nó “croí” a chur le físeán. Tig leat breathnú ar shruthanna ar do ghuthán, ar do tháibléad nó ar do ríomhaire glúine, bíodh sé tríd an aip nó trí Twitter.

Cruthaíonn lucht úsáidte Periscope ainmneacha úsáideora agus próifílí. Tig le duine ar bith na sonraí sin a fheiceáil i gcónaí. Spreagtar na húsáideoirí a gcairde agus úsáideoirí suimiúla eile de chuid Periscope a leanúint lena fháil amach cad atá ar bun acu.

Téarmaí agus Coinníollacha agus an Príobháideachas ar Periscope

Tá Periscope á rialú ag beartas príobháideachais Twitter agus, mar sin de, tá cuid mhór dá théarmaí agus coinníollacha cosúil le cinn Twitter. Macasamhail Twitter, caithfidh na húsáideoirí a bheith 13 bliana d’aois ar a laghad agus tá na gníomhaíochtaí uile le feiceáil go poiblí mura n-athraíonn tú na socruithe. Ní féidir sruthanna a chur ar Periscope gan ainm ná breathnú ar shruthanna ar Periscope gan ainm tar éis síniú isteach san aip.

cad is Periscope ann

Nuair a chláraíonn tú le Periscope trí Twitter, tugann tú teacht do Periscope ar fhaisnéis áirithe.

Tig le duine ar bith faisnéis uile na próifíle (ainm, ainm úsáideora, ainm Twitter, beathaisnéis, pictiúr próifíle, na daoine a leanann tú, lucht leanta agus líon na gcroíthe a fhaigheann tú) a fheiceáil. Bíonn do chuid meiteashonraí, cá háit agus cá huair a chraolann tú mar shampla, le feiceáil go poiblí leis. Níl geo-shuíomh sonrach le feiceáil go poiblí uaidh féin, áfach.

Dála sheirbhísí na meán sóisialta eile, ní éilítear ar Periscope monatóireacht a dhéanamh ar ábhar a phostáiltear trí Periscope ná é a rialú. Mar sin féin, ceanglaítear orthu fáil réidh le hábhar neamhdhleathach, ábhar a sháraíonn dlí an chóipchirt agus ábhar a sháraíonn treoirlínte pobail. Féadtar úsáid a bhaint as na huirlisí bactha agus tuairiscithe sa sruth chun teachtaireachtaí nó craoltaí atá goilliúnach nó maslach a thuairisciú.

Is tábhachtach a chuimhneamh go dtugann tú teacht ar fhaisnéis áirithe do Periscope go huathoibríoch, lena n-áirítear do sheoladh ríomhphoist, nuair a chláraíonn tú le Periscope trí Twitter.

Na Rioscaí a d’Fhéadfadh a Bheith i gCeist le Periscope

Toisc go gcraoltar físeáin beo, tig leis a bheith deacair gach teachtaireacht atá goilliúnach nó maslach a sheachaint. Is cosúil go ndíríonn cuid de na troill mhíchlúiteacha ar Twitter ar bheoshruthanna áirithe agus go scríobhann siad teachtaireachtaí gríosaitheacha agus ciapacha fúthu.

Cad is Periscope ann?

Mura n-athraíonn tú na socruithe, b’fhéidir go bhfeicfí do Periscope ar fud an domhain.

Cé go gcrosann na treoirlínte pobail ar úsáideoirí ábhar a phostáil atá pornagrafach, atá gnéasach go follasach nó atá grafach go soiléir, ní hé sin le rá nach bhfuil a leithéid d’ábhar ann. Toisc go gcraoltar físeáin beo, is deacair ábhar do dhaoine fásta a rialú agus is deacair cosc a chur ar uaslódáil an ábhair sin.

Tig le duine ar bith gach cuntas agus craoladh Periscope a fheiceáil, mura n-athraíonn tú na socruithe. Is éasca lucht féachana a bhaint amach ar fud an domhain mar gheall ar an gcomhcheangal le Twitter. Tá sé níos fusa do phríobháideachas a rialú agus teachtaireachtaí ar bith atá maslach nó míchuí a thuairisciú, áfach, a bhuíochas le nuashonrú a rinneadh ar an aip ar na mallaibh. De bharr an mhóid nua ‘Follower Only’, ní cheadaítear ach teachtaireachtaí ó na daoine a leanann   ; ní mór é sin a roghnú sna socruithe. Tig le húsáideoirí anois bac a chur ar úsáideoirí eile ach tapáil ar theachtaireacht úsáideora agus rogha an bhaic a phiocadh.

B’fhéidir go síleann tú go n-imíonn físeán nuair a bhíonn an sruth thart ach níl sé sin go hiomlán ceart agus b’fhéidir go mothófá go bhfuil cúrsaí i gceart nuair nach bhfuil dá bharr. Is féidir leat do bheoshruthanna a íoslódáil nó tig le daoine eile do shruthanna a thaifeadadh. A luaithe a dhéantar cóip dhigiteach, níl tú i gceannas níos mó agus tig le haon duine an físeán a fheiceáil.

Is iomaí teagmhas ann cheana féin ina raibh daoine i dtrioblóid as ucht dlíthe an chóipchirt a shárú trí bheoshruthú a dhéanamh ar cheolchoirmeacha, ar imeachtaí spóirt agus ar chraoltaí teilifíse.