Acmhainní um Fhilleadh ar Scoil

Acmhainní um Fhilleadh ar Scoil

Ós rud é go bhfuil laethanta saoire an tsamhraidh imithe uainn agus go bhfuil na scoileanna ag dul i dtaithí ar ghnáthamh an oideachais an athuair, tá roinnt acmhainní nua teagaisc curtha le chéile ag Webwise a chuideoidh leat ceachtanna nua a thabhairt isteach sa seomra ranga.

Arna fhorbairt ag Insafe, an líonra Eorpach d’ionaid feasachta a chuireann úsáid shábháilte fhreagrach as an Idirlíon agus gléasanna soghluaiste chun cinn do dhaoine óga, cuireadh na pleananna ceachta seo le chéile mar chuid den fheachtas, Back2School 2012.

Tá póstaer i dtaca le sábháilteacht Idirlín anseo chomh maith le cluiche is féidir a úsáid ar scoil.

Plean Ceachta Bunscoile

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/PrimaryLessonPlan.pdf”]

I dtús báire, bhí an ceacht seo ina chuid de shraith nótaí múinteora a bhí in éineacht leis an gcluiche ar líne, Wild Web Woods.

Cuireadh in oiriúint é d’fheachtas Back2School Insafe 2012. Spreagann sé na páistí smaoineamh faoina gcuid ceart agus faoin dóigh a bhféadfaí iad seo a chur chun feidhme ar an Idirlíon.

Tugann an ceacht seo deis do dhaltaí machnamh a dhéanamh ar na cearta a shíleann siad atá acu agus ar na cearta atá doshannta.

Pleananna Ceachta Meánscoile

Tá an plean ceachta meánscoile roinnte ina dhá chuid. Is féidir leas a bhaint astu in dá cheacht ar leith.

Fearacht an phlean bunscoile, spreagann an chéad cheann na daltaí smaoineamh faoina gcuid ceart agus ar na cinn is mó a bhaineann le hábhar i gcás na meán nua.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/SecondaryLessonPlanA.pdf”]

Pléann an dara ceann leis an dóigh a bhféadfaidh na daltaí na cearta ar líne seo a chosaint agus a chur chun cinn.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/SecondaryLessonPlanB.pdf”]

Níos Mó

Tá póstaer i dtaca le cearta ar líne ullmhaithe ag Insafe freisin mar chuid dá thionscnamh, Back2School.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/InSafePoster.pdf”]

Is féidir é a chur ar taispeáint i scoileanna ionas go mbeidh na daltaí in ann amharc air pé am is mian leo.Léirítear an téama ann faoi choinne Lá na Sábháilteachta Idirlín, atá le reáchtáil i mí Feabhra. Liostaítear sé cheart thábhachtacha ann do dhaltaí agus moltar dóibh smaoineamh ar na cearta sin nuair a bhíonn siad ar an Idirlíon.

Tá cluiche Baraiméadar Mothúchán curtha ar fáil ag Insafe chomh maith.

Ceapadh é a chéaduair chun iarmhairtí na cibearbhulaíochta a mhíniú. Cuireadh an leagan seo den chluiche in oiriúint do roinnt ábhair dhifriúla, ar nós téacsáil ábhar gnéasach nó andúile.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/FeelingBarometer.pdf”]

Dearadh é le go mbeadh sé ina chluiche staid iompraíochta, áit a spreagtar na himreoirí a shamhlú conas a mhothóidís dá dtarlódh rudaí áirithe dóibh.

Trína bhfreagra agus an gníomh ceart a phlé lena múinteoirí, is é an aidhm go bhfoghlaimeoidh na himreoirí na scileanna a theastaíonn chun an tIdirlíon a úsáid go sábháilte.

Gabhaimid mórbhuíochas le Insafe as a chuid acmhainní.