Tá Páistí in Éirinn ar Bheagán Litearthachta Digití

Tá Páistí in Éirinn ar Bheagán Litearthachta Digití

DigitalLiteracy1

Scil riachtanach í an litearthacht dhigiteach chun tairbhe a bhaint as an tsochaí faisnéise. Glactar leis gur toradh í ar réimse agus ar dhoimhneacht na ngníomhaíochtaí a dhéanann páistí ar líne agus go spreagann sí na gníomhaíochtaí sin a thuilleadh.

Is dóigh leis an lucht déanta beartais go mbeidh páistí in ann tairbhe níos mó a bhaint as an Idirlíon agus déileáil níos fearr leis an mbaol a bhaineann leis an Idirlíon, nó é a sheachaint, de réir mar a thagann feabhas ar a litearthacht dhigiteach.

[gview file=”http://webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/DigitalLiteracyMay2012.pdf”]

Léiríodh i dtuarascáil le Páistí an AE ar Líne go bhfuil páistí in Éirinn faoi bhun an mheáin i gcomparáid lena gcomhghleacaithe Eorpacha ó thaobh na litearthachta digití de.

Is lú i bhfad an réimse gníomhaíochtaí ar líne a nglacann páistí idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois in Éirinn páirt iontu i gcomparáid leis an ngnáthleibhéal Eorpach, rud a fhágann go leor deiseanna gan tapú.

Meastar go bhfuil ‘dréimire deiseanna’ ann, ar sraith gníomhaíochtaí í trína ndéanann páistí dul chun cinn sa litearthacht dhigiteach, ag tosú leis an gcuardach faisnéise, ag dul ar aghaidh ansin chuig an gcumarsáid ghníomhach agus imirt cluichí, agus uaidh sin chuig úsáid agus gníomhaíochtaí níos cruthaithí agus níos rannpháirtí.

Ní shroicheann tuairim is 57% de dhaoine óga ach an dara céim ar an ‘dréimire deiseanna’.

Léiríonn cnuasanailís gurb é an patrún ‘beagán úsáide, beagán baoil’ an ceann is coitianta, agus ‘úsáid mheasartha a dhíríonn ar shiamsaíocht agus ar chumarsáid’ an dara patrún úsáide Idirlín is coitianta.

 

Tags: