Acmhainn Nua Múinteoireachta Seolta ag Webwise

Acmhainn Nua Múinteoireachta Seolta ag Webwise

Seoladh an chéad acmhainn múinteoireachta riamh do bhunscoileanna maidir le sábháilteacht Idirlín ní ba luaithe i mbliana.

Leabhrán is ea Clár Bunscoile Webwise ina dtugtar cabhair do mhúinteoirí OSPS chun úsáid shábháilte fhreagrach as an Idirlíon a mhúineadh.

Tá Clár Bunscoile Webwise faoi choinne múinteoirí OSPS.

Ba iad Webwise agus Bí Sábháilte (an Clár um Chosc ar Mhí-Úsáid Páistí) a rinne an Clár a fhorbairt. Frances Fitzgerald, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, a sheol an Clár i mí Feabhra.

Ceapadh é chun dul i ngleic níos mó le gnéithe de na cuspóirí sa churaclam OSPS a bhaineann le sábháilteacht phearsanta agus oideachas na meán, nach gclúdaíonn acmhainní eile.

Dírítear sa chéad chuid den acmhainn ar na scileanna a theastaíonn chun an tIdirlíon a scimeáil amhail cuardach éifeachtach sábháilte a dhéanamh, íomhánna a íoslódáil agus an t-ábhar ar líne atá iontaofa a oibriú amach.

Caitear súil sa dara cuid den leabhrán ar na scileanna a theastaíonn chun cumarsáid a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtach ar líne nó i dteachtaireacht téacs agus ar shaincheisteanna a bhaineann le faisnéis phearsanta a roinnt ar líne, leis an tslí a gcaitear le daoine eile i gceart, le cibearbhulaíocht agus leis an tslí ar féidir déileáil le turscar.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/WebwisePrimaryProgramme.pdf”]

“Tig linn uile – tuismitheoirí, múinteoirí, lucht déanta beartas – ról a imirt chun na scileanna a thabhairt dár bpáistí chun caidreamh tacúil a bhunú le daoine eile, chun an dúrud faisnéise ar líne a fhiosrú, agus chun lántairbhe a bhaint as na deiseanna a thugtar dóibh de bharr na teicneolaíochta le bheith gníomhach ina sochaí agus lena sochaí a chur chun feabhais,” arsa Fitzgerald ag an seoladh.

“Sa díospóireacht maidir le páistí ar an Idirlíon, creidim gurbh fhearr go ndíreofaí ar an dóigh ar féidir linn an t-aos óg a chumasú leis na rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht a láimhseáil iad féin ionas go mbeidh siad in ann an oiread leasa agus is féidir a bhaint as, seachas ar an dóigh a léirítear daoine óga mar íospartaigh de thoradh teicneolaíochtaí a mheastar atá mioscaiseach.”

Dúirt sí leis: “Ar an ábhar sin, tá ríméad orm Clár Bunscoile Webwise a sheoladh.”

Má theastaíonn uait cóip a fháil den acmhainn seo, cuir ríomhphost chuig internetsafety@ncte.ie agus luaigh do shonraí pearsanta agus d’uimhir rolla scoile.