Ask.fm: Treoir do Thuismitheoirí agus do Mhúinteoirí

Ask.fm: Treoir do Thuismitheoirí agus do Mhúinteoirí

Míniú ar AskFM

Is suíomh Idirlín é Ask.fm chun ceisteanna a ardú agus a fhreagairt gan ainm agus úsáideann neart daoine óga in Éirinn agus ar fud an domhain é go rialta.

Ceadaítear d’aon duine nótaí tráchta agus ceisteanna a phostáil gan ainm agus tá sé á úsáid níos minice chun cumarsáid a dhéanamh le hábhar maslach, bulaíochta agus gnéasaithe.

Sa treoir seo, tugann Webwise cur síos ar threoir ‘céim-ar-céim’ do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí a thugann mionsonraí maidir le conas a chláraíonn daoine óga leis an suíomh agus conas a úsáideann siad iad.

Conas clárú le Ask.fm

Nuair a thugtar cuairt ar an suíomh, spreagann Ask.fm daoine chun clárú le tús a chur le ceisteanna a fháil agus freagraí a phostáil.

TreoirAskfm

Tar éis duit ‘clárú’ a chliceáil, tiocfaidh leathanach – cosúil leis an gceann seo ar dheis – aníos ar an scáileán ina n-iarrfaidh an suíomh ar dhaoine ainm úsáideora, ainm iomlán, seoladh ríomhphoist agus pasfhocal a sholáthar.

Tugann Ask.fm an rogha do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ina n-úsáideoirí clárú lena bhfaisnéis aitheantais Facebook nó Twitter (Tuilleadh faisnéise maidir leis an idirghníomhaíocht idir na gréasáin shóisialta seo thíos).

Tar éis na sonraí seo a thabhairt, tugtar rogha d’úsáideoirí tuilleadh sonraí pearsanta a sholáthar amhail dáta breithe, inscne, láithreán agus bio – nó ráiteas pearsanta gearr. Ag an bpointe seo, is féidir pictiúir den úsáideoir a chur leis.

Tar éis an próiseas seo a chríochnú, spreagann Ask.fm daoine chun a bpróifílí a roinnt trí shuíomhanna líonraithe sóisialta éagsúla amhail Facebook, Twitter agus Tumblr.

Míniú ar AskFM

Nuair a roinntear an nasc ar an Idirlíon, is féidir le daoine teacht ar phróifíl agus tús a chur le nótaí tráchta/ceisteanna gan ainm a phostáil ar do leathanach.

Agus úsáideoirí i mbun clárúcháin, tugtar rogha dóibh freisin cuardach a dhéanamh do dhaoine a bhfuil aithne acu orthu a bhfuil Ask.fm á úsáid acu cheana trí ainmneacha, ainmneacha úsáideora nó ríomhphoist etc a chur isteach chun teacht ar chairde.

Cad a tharlaíonn anois?

Tá an córas maidir le cairde in úsáid ag Ask.fm atá cosúil leis an gcóras a úsáideann Twitter: is féidir le húsáideoirí an rogha a dhéanamh úsáideoirí eile a “leanúint”.

An rud atá éagsúil i gcomparáid le Twitter, áfach, ná nach féidir le húsáideoir fáil amach go deo cé atá á leanúint agus nach gcuirtear in iúl dó/di ach líon iomláin na leantóirí atá aige/aici.

Trí dhuine a leanúint, ceadaítear d’úsáideoir ceisteanna agus freagraí a postáladh ar phróifílí daoine eile a fheiceáil.

Míniú ar AskFM

Bíonn na fógraí seo le feiceáil ar mhír “baile” próifíl úsáideora, atá go bunúsach mar an gcéanna le fotha Twitter nó le hamlíne Facebook a bhíonn ag duine – áit ina bhfuil nuashonruithe uile do chairde comhbhailithe duit.

Tá mír “sruth” ar an suíomh freisin d’úsáideoirí. Is féidir le húsáideoir ceisteanna agus freagraí éagsúla a fheiceáil anseo atá á bpostáil ag an am sin thar phobal Ask.fm.

Tá ceisteanna laethúla d’úsáideoirí freisin, amhail “cén spórt a imríonn tú?”, “cén t-amhrán a chuireann aois d’óige i gcuimhneamh duit?” agus “cé na suíomhanna Idirlín a dtugann tú cuairt orthu is minice?”.

Tá rogha ann freisin “ceist randamach” a fháil. Is éard atá i gceist anseo ná go bpostálann Ask.fm ceist ar do shruth go randamach a fhreagraíonn tú.

Chomh maith leis seo, tá clib “móréilimh” agus de réir cosúlachta déantar próifílí úsáideoirí móréilimh a fhógairt d’úsáideoirí eile anseo.

Ag barr chomhéadan Ask.fm tá roinnt clibeanna éagsúla, agus nascann gach ceann le codanna éagsúla d’aitheantas Ask.fm duine.

Nascann an clib “ceisteanna” leis na ceisteanna uile atá ar fáil d’úsáideoir le freagairt ag an tráth sin, lena n-áirítear ceisteanna pearsanta dírithe orthu ag úsáideoirí eile agus ceisteanna níos ginearálta curtha ar an lá sin.

Míniú ar AskFM

Nascann na clibeanna próifíle agus baile le leathanach baile/próifíl duine, agus nascann an chlib do chairde le leathanach a thaispeánann na daoine uile atá á leanúint ag úsáideoir.

Ceadaíonn “cuardach” d’úsáideoirí téarmaí cuardaigh a ionchur chun cairde agus daoine eile atá gníomhach ar an suíomh a aimsiú, agus i “socruithe” is féidir le húsáideoir príobháideachas agus rialú eile amhail cuma agus sonraí teagmhála ar a p(h)róifíl Ask.fm a leasú.

Socruithe

Trí “socruithe” a chliceáil agus an chlib “príobháideachas” a leanúint, is féidir le húsáideoirí raon de shocruithe éagsúla a chur in oiriúint dá bpróifíl.

Míniú ar AskFM

Ar an gclib a bhaineann le príobháideachas, tugann Ask.fm an rogha dá úsáideoir cosc a chur ar phoist gan ainm agus a p(h)oist a bhaint ón “sruth”.

Coimeádtar dúliosta, liosta de na húsáideoirí uile ar chuir tú cosc orthu, ar an leathanach seo freisin agus tá roinnt roghanna eile maidir le rudaí cosúil leis an eolas is deireanaí ar ríomhphost míosúil ó Ask.fm agus fógraí maidir le breithlá carad.

Do Phróifíl

 

Míniú ar AskFM

Taispeánann an pictiúr thuas cén chuma a bheidh ar phróifíl ar Ask.fm. Mar a fheiceann tú, is é bosca na gceisteanna príomhghné aon phróifíle, inar féidir le haon duine – úsáideoir nó duine nach úsáideoir é/í – ceist nó nóta tráchta a phostáil dírithe ar dhuine aonair.

Is féidir le duine ceist a chur gan ainm a thabhairt nó a aitheantas a chur in iúl tríd an bhfeidhm “gan ainm” in aice leis an gcnaipe “cuir ceist” a dhiúltú trína chliceáil.

Taispeántar gach ceist a chuirtear agus a fhreagraítear ar phróifíl an úsáideora faoi bhosca na gceisteanna.

Ceisteanna a chur agus Freagraí a phostáil

Is féidir le húsáideoir ceist a chur ar aon úsáideoir eile fiú mura leanann siad an t-úsáideoir sin.

TreoirAskfm

Le Ask.fm tugtar an deis “ceist a chur ar chairde”. Nuair a dhéantar an chlib seo – atá ar leathanach baile duine – a chliceáil, tagann bosca aníos sa bhrabhsálaí.

Anseo, is féidir le húsáideoir ceist a chur ar aon duine dá c(h)airde – daoine a leanann sé/sí – gan ainm nó go hoscailte tríd an ábhar a chlóscríobh isteach, cliceáil ar an bpróifíl agus cliceáil ar “cuir ceist”.

Ansin tagann sé seo aníos sa chlib maidir le fógraí an úsáideora eile – an comhartha ceiste atá ag barr an leathanaigh in aice le lógó Ask.fm.

Is féidir leis an duine eile an cheist a fhreagairt ansin, agus tá an rogha aige/aici an freagra a roinnt ar Facebook nó Twitter, ag brath ar conas a chláraigh sé/sí.

Is féidir le húsáideoirí a fhaigheann ceisteanna diúltú lena bhfreagairt. Ciallaíonn sé seo nach dtiocfaidh siad aníos ar do leathanach próifíle, Facebook nó Twitter – caithfear ceist a fhreagairt sula mbeidh sé poiblí.

Nuair a thagann úsáideoir ar phróifíl, is féidir leo ceist a chur ar aon duine trí bhosca na gceisteanna a líonadh isteach agus trí “cuir ceist” a chliceáil.

Ask.fm ar Facebook:

Tá Ask.fm an-chomhtháthaithe le Facebook: nuair a dhéantar iarracht clárú le Ask.fm, tugtar rogha d’úsáideoirí clárú via Facebook.

Bíonn an clárú níos éasca do dhaoine óga dá bharr, ach ciallaíonn sé freisin go bhfuil an rogha acu na ceisteanna a fhaigheann siad agus na freagraí a thugann siad a thrasphostáil ar a n-amlínte Facebook freisin.

TreoirAskfm

Má dhéantar na ceisteanna agus na freagraí a thrasphostáíl, tá siad le feiceáil ag gach duine ar Facebook, ag brath ar ndóigh ar shocruithe príobháideachais Facebook.

Ciallaíonn sé seo gur féidir le hábhar maslach, gnéasaithe agus bulaíochta a bheith ar Facebook, fiú.

Méadaíonn sé seo nascacht Ask.fm láithreach, mar níl ar na húsáideoirí teagmhálaithe a chothú trí chomhéadan Ask.fm a thuilleadh.

In áit seo, tá siad nasctha cheana lena gcairde ar Facebook agus is féidir leo ceisteanna a fháil láithreach.

Tá nasc eile idir Facebook agus Ask.fm: Aip Facebook Ask.fm

Le cuardach ar “Ask.fm” a chur isteach ar Facebook tagann úsáideoirí ar aip Ask.fm.

Nuair a dhéantar é a chliceáil, deirtear le húsáideoirí go ndéanfaidh aip Ask.fm “poist ar do shon, lena n-áirítear nuashonruithe maidir le céard atá i d’intinn, grianghraif agus tuilleadh”, agus go mbeidh “rochtain ag Ask.fm ar do shonraí uair ar bith”.

Tugtar an rogha d’úsáideoirí maidir le cé a fheicfidh a p(h)oist ar Ask.fm: an pobal, cairde, mé féin amháin nó socruithe saincheaptha. Tá socruithe príobháideachais éagsúla ann freisin.

Míniú ar AskFM

Ciallaíonn an aip gur féidir le húsáideoirí a bpróifíl Ask.fm a oibriú laistigh de Facebook.

Mar a fheiceann tú, tagann Ask.fm ar an scáileán laistigh de fhráma Facebook d’úsáideoirí a roghnaíonn an aip a úsáid.

TreoirAskfm

Níl aon tionchar aige seo ar an eispéireas a bhíonn ag an úsáideoir agus iad ag úsáid Ask.fm ach amháin go gceadaítear don suíomh sonraí Facebook a phostáil tú cheana a úsáid.

Oibríonn freagraí a phostáil le ceisteanna ar an mbealach céanna is atá luaite thuas agus d’fhéadfadh siad teacht aníos ar amlínte.

Spreagann Ask.fm úsáideoirí freisin chun nasc chuig a bpróifílí Ask.fm a phostáil ar a n-amlínte Facebook chun an deis a chur chun cinn ceisteanna a chur ar an duine.

Ask.fm ar Twitter:

Mar an gcéanna le Facebook, tá Ask.fm comhtháthaithe le Twitter, ach ní ar an leibhéal céanna.

Níl aon aip Twitter/Ask.fm, ina háit, is féidir le húsáideoirí Ask.fm a chomhtháthú lena gcuntais Twitter trí ghlacadh leis an rogha clárú isteach ag úsáid a sonraí faisnéise Twitter.

Tríd an méid seo a dhéanamh, tá an rogha ag úsáideoirí freagraí ar na ceisteanna a fhaigheann siad a bhíogaíl go poiblí.

Tar éis an méid seo a dhéanamh, bíonn an cheist agus an freagra le feiceáil ar Twitter agus is féidir le haon duine a dhéanann cuardach ar “ask.fm” ar Twitter iad a fheiceáil nó is féidir le haon duine a úsáideann aip bheo do Twitter a thaispeánann bíogaílí suas chun dáta sórtáilte de réir téarmaí, amhail Tweetdeck iad a fheiceáil freisin.

Míniú ar AskFM

Arís, ciallaíonn sé seo gur féidir le húsáideoirí Ask.fm nasc a dhéanamh lena gcairde ar Twitter seachas líonra de chairde a chruthú tríd an suíomh féin – agus fiú tríd aon duine a dhéanann cuardach ar Twitter nó a úsáideann é – trí chlárú le Twitter.

Cosc a chur

Mura bhfuil úsáideoir sásta le hábhar roinnt de na ceisteanna, is féidir leo cosc a chur ar an úsáideoir sin, fiú mura bhfuil a fhios acu cé hé/hí an duine sin.

Ar dheis gach ceiste tá siombail bheag chun cosc a chur.

Míniú ar AskFM

Tar éis é a chliceáil, tagann an scáileán seo a leanas aníos.

Míniú ar AskFM

Anseo, is féidir le húsáideoirí cosc a chur ar an úsáideoir ach caithfidh siad cúis a thabhairt.

Ní thugann Ask.fm rabhadh d’úsáideoirí, áfach, fiú má chuireann siad cosc ar dhuine, gur féidir leis an duine sin rochtain a fháil fós ar an bpróifíl chun na hidirghníomhartha eile a fheiceáil.

Nuair a dhéantar “cosc” a chliceáil, ní bhfaighidh an t-úsáideoir ceisteanna nó “likes” ón duine sin.

Sna socruithe príobháideachais, faoin dúliosta, is féidir le húsáideoir an cosc seo a bhaint ó úsáideoir.

Tuairsciú

uirlis bhaic ask.fm

D’ainneoin tuairiscí preasa ina sonraítear a mhalairt, is féidir ábhar míchuí a thuairisciú ar ask.fm agus ní gá duit a bheith logáilte isteach sa suíomh (i.e. i d’úsáideoir) lena dhéanamh. Nuair a bhogann tú do luchóg thar phost ar bith ar phróifíl duine eile, feicfidh tú rogha chun ‘is maith liom’ a chur leis an bpost agus saighead anuas a ligeann duit an post a thuairisciú as ceann amháin de cheithre chúis. Is féidir bac a chur freisin le húsáideoirí eile trí scrollú chuig bun a leathanaigh phróifíle agus trí chliceáil uirthi ach ní mór d’úsáideoirí a bheith logáilte isteach lena dhéanamh. Chomh maith leis sin, is féidir le húsáideoirí aon cheisteanna a bhaint as a bpróifíl féin trí chliceáil ar an gcros sa chúinne ag an mbarr ar dheis de gach ceist agus freagra.

Má tá an aip á húsáid agat i Facebook, tá rogha ann tuairisciú a dhéanamh ar an aip trí “déan tuairisc ar an aip seo/déan teagmháil leis an aip” a thaispeántar sa chlib deiridh sa cholún ar dheis.

Ar bhealach eile, de réir dealraimh, is modh chun tuairisc a dhéanamh é an fheidhm chun cosc a chur. Níl aon fhianaise, áfach, ar an suíomh go gcuirtear na modhnóirí ar an eolas faoi ábhar míchuí nuair a chuirtear cosc ar dhuine.

Díchumasaigh Cuntas

pasfhocal caillte ask.fm

Bhí ceisteanna ó roinnt tuismitheoirí nach féidir lena leanaí a gcuntas ar ask.fm a dhíchumasú toisc gur chaill siad a bpasfhocal. Ná bíodh eagla ort, tá sé an-éasca pasfhocal nua a fháil agus an cuntas i gceist a dhíghníomhachtú le beagán cliceanna.

Logáil amach as ask.fm agus ansin bain triail as logáil isteach arís. Feicfidh tú téacs pasfhocail chaillte. Cliceáil air seo. Lean na treoracha ansin chun do phasfhocal a athshocrú.

ask.fm - díchumasaigh cuntas - céim 1

A luaithe is atá tú logáilte isteach arís, cliceáil ar ‘socruithe’ agus, ag bun an leathanaigh, cliceáil ar Díchumasaigh cuntas’.

ask.fm - díchumasaigh cuntas - céim 2

Ar an gcéad scáileán eile, iontráil do phasfhocal agus cliceáil ar ‘Díchumasaigh cuntas’ athuair.

ask.fm - díchumasaigh cuntas - céim 3

Don uair dheiridh, cliceáil ar ‘Díchumasaigh cuntas’.

ask.fm - díchumasaigh cuntas - céim 4

Díghníomhachtaíodh an cuntas go rathúil. Más maith leat é a ghníomhachtú arís, is féidir é sin a dhéanamh.