Cóipcheart, Bradaíl agus Saincheisteanna Sábháilteachta Idirlín Eile

Cóipcheart, Bradaíl agus Saincheisteanna Sábháilteachta Idirlín Eile

Tá athruithe millteanach mór tagtha ar an dóigh a mbailítear faisnéis de bharr an Idirlín. Níl le déanamh anois ach cnaipe a chliceáil agus tagann an dúrud staitisticí, scéalta agus staróga aníos ar líne taobh istigh de chúpla soicind.

Nuair a chuimhnítear ar an dóigh ar fhoghlaim na glúine roimhe seo agus ar an dóigh a ndearna siad staidéar, is aibhseach a ghasta a thiteann athruithe teicneolaíochta amach.

Fearacht dul chun cinn ar bith eile sa tsochaí, áfach, tá míbhuntáistí ann in éineacht leis na buntáistí.

Amach ó na buarthaí is soiléire atá ann, bíodh sé ina ábhar míchuí ar líne nó creachadóirí Idirlín, ba chóir díriú ar bhradaíl agus ar chóipcheart agus sinn ag caint ar ár bpáistí a choimeád slán ar an nGréasán.

Ní mór do mhúinteoirí cabhair a thabhairt do na daltaí déileáil leis na dúshláin a eascraíonn as na saincheisteanna seo. Chun cúnamh a thabhairt leis an méid sin a dhéanamh, tá pointí faoi chóipcheart agus faoi bhradaíl san áireamh i gCreat TFC na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Doiciméad tábhachtach é seo do mhúinteoirí maidir le húsáid ICT ar scoil.

Sonraítear an dóigh le húsáid eiticiúil fhreagrach as an Idirlíon agus as ICT a mhúineadh i Réimse S den Chreat TFC, ar féidir teacht air thíos.

[pdf:http://www.ncca.ie/uploadedfiles/publications/ict revised framework.pdf]

Dlí an Chóipchirt

Tá an líon daoine a bhaineann úsáide as an Idirlíon chun a gcuid obair bhaile a dhéanamh ag dul in airde i rith an ama. Tá fáil ag na daltaí ar an iliomad íomhánna éagsúla agus ar ábhar ábhartha eile air.

Ar a shon sin, tá cuid mhór den ábhar ábhartha ar an Idirlíon faoi chosaint cóipchirt.

Is éard is ciall leis seo gur dhearbhaigh an t-údar nach bhféadfaí é a úsáid gan a t(h)oiliú a fháil roimh ré.

Scil ríthábhachtach i dtaobh litearthacht dhigiteach é a mhúineadh do na daltaí go bhfuil íomhánna agus saothar ealaíne a aimsíonn siad ar líne faoi chosaint cóipchirt.

Bí cinnte go gcoimeádann do dhaltaí súil amach faoi choinne na siombaile cóipchirt, ©, nuair is mian leo úsáid a bhaint as rud éigin a aimsíonn siad ar líne.

Go deimhin, ba chóir duit an dóigh leis an gcóipcheart a úsáid ina saothar féin a thaispeáint dóibh, mar shampla, ailt agus pictiúir a chuireann siad ar shuíomh gréasáin na scoile.

Bradaíl

Ollfhadhb í an bhradaíl sna hollscoileanna. Tá sí ag éirí níos coitianta sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna freisin.

Is éard is bradaíl ann nuair a chuireann duine saothar duine éigin eile i láthair mar a c(h)uid oibre féin.

Tá méadú mór ag teacht ar an mbradaíl de bharr na huirlise ‘cóipeáil agus greamaigh’.

Sa scoil seo agatsa, is ríthábhachtach a chur ina luí ar na daltaí nach mór aitheantas a thabhairt do smaointe, do shaothar agus d’fhoinsí daoine eile.

Go deimhin, ba cheart é seo a scríobh i ndoiciméid bheartais ábhartha na scoile lena chinntiú go mbíonn na daltaí ar an eolas nach nglacfar le bradaíl.

D’fhonn a chinntiú nach mbíonn an bhradaíl ina gnáthchleachtas, déan an dóigh a ndéantar tagairt d’ábhar agus an dóigh a gcumtar liostaí tagairtí nó leabharliostaí a mhúineadh dóibh ionas go mbeidh siad in ann a gcuid foinsí a lua go soiléir.

Ba cheart go gcuirfí ainm an tsaothair, ainm an údair, agus an nasc trínar féidir teacht air, san áireamh sna leathanaigh thagartha.

Féadfaidh an próiseas seo léargas a thabhairt do na daltaí ar chritic fhoinsiúil, mar nach mbeidh gach rud a dtagann siad air ar líne fíor.

Réimsí Eile i dtaobh na Sábháilteachta Idirlín sa Chreat TFC

Seo a leanas roinnt réimsí sa Chreat TFC a phléann le saincheisteanna sábháilteachta ábhartha Idirlín. Chun iad a fheiceáil, feic an PDF thuas agus cuardaigh an réimse ábhartha.

Réimse T – Úsáid a bhaint as ICT (an tIdirlíon san áireamh) ar mhaithe leis an smaointeoireacht agus leis an bhfoghlaim, lena n-áirítear faisnéis a mheas, fadhbanna a réiteach agus smaointe a chur in iúl i mórán réimsí curaclaim.

Réimse C – Cumas ICT (an tIdirlíon san áireamh) a fhiosrú chun faisnéis a chruthú, a chur in iúl, a chomhoibriú, a eagrú agus a tháirgeadh.

Réimse F – Eolas ar fheidhmeanna ICT a thuiscint agus a úsáid, lena n-áirítear cleachtas sábháilte, cothabháil agus eirgeanamaíocht.