Conas: Do phróifíl Facebook a chur i gcartlann

Conas: Do phróifíl Facebook a chur i gcartlann

FacebookDPCAudit (1)

Céard í Cartlann Bhreisithe Facebook?

Leis an gcartlann bhreisithe, is féidir leat taifead a íoslódáil de na gníomhaíochtaí ar fad atá déanta agat ar Facebook go dtí seo.

Féach ar gach postáil a scríobh tú agus ar gach íomhá a d’uaslódáil tú.

Tugadh an chartlann isteach in 2010 agus coinnítear cóip inti dá bhfuil roinnte agat ar Facebook, dála grianghraf, postálacha, teachtaireachtaí, liosta cairde agus comhráite.

Anois agus cartlann bhreisithe mar rogha ann, beidh tú in ann teacht ar chatagóirí breise faisnéise, mar shampla ainmneacha roimhe seo, cuirí chun cairdis a sheol tú agus seoltaí IP ar logáil tú isteach uathu.

Cén chaoi a dtiocfaidh mé ar an gcartlann bhreisithe ar Facebook?


Céim a hAon


Gabh isteach sna socruithe cuntais agus cliceáil ar an nasc Íoslódáil cóip de do chuid sonraí ar Facebook

archive_FB_general_settings_1


Céim a Dó


Ar an leathanach seo, ar a dtugtar Íoslódáil do chuid Eolais, tá dhá rogha cartlainne agat. A) Féadfaidh tú an ghnáth-chartlann a roghnú ach cliceáil ar an gcnaipe glas Start My Archive Cuntas Facebook a scriosadh - céim 2

B) Roghnaigh an chartlann bhreisithe trí chliceáil ar an nasc cartlann leathnaithe. Bíodh aird agat ar an rabhadh a thugaimid sa bhosca gorm thíos, sin é go bhfuil ábhar príobháideach le fáil i do chartlann. Cuntas Facebook a scriosadh - céim 2


Céim a Trí


Cuir isteach do phasfhocal agus cuir tús leis an íoslódáil. Tá Facebook tar éis treoir a chur le chéile maidir leis na cineálacha sonraí atá le fáil i do chartlann. Féadfaidh tú teacht uirthi ach cliceáil ar an nasc Foghlaim Tuilleadh. Cuntas Facebook a scriosadh - céim 3

Leideanna chun do chuntas Facebook a chur i gcartlann

Istigh sa chartlann tá stair iomlán dá bhfuil déanta agat ar Facebook.

Is féidir go dtógfaidh sé cuid mhór ama agus bandaleithid gach rud a chur le chéile agus go mbeidh ábhar ann freisin nár mhaith leat a dhéanamh poiblí. Ná déan san oifig é mar sin!

Ní mar a shíltear a bhítear áfach, óir aimsíodh locht sa chartlann i Meitheamh 2013 inar roinneadh sonraí teagmhála trí thimpiste nuair a cruthaíodh na cartlanna.

Dúirt Facebook go raibh “fearg agus aiféaltas” orthu faoin locht, a ceartaíodh ó shin.

Má tá rún agat do chuntas Facebook a scriosadh go buan, b’fhéidir gur mhaith leat do phróifíl bhreisithe a íoslódáil sa chaoi go mbeidh taifead agat den mhéid a rinne tú ann agus de na híomhánna a d’uaslódáil tú.

Ach tabhair do d’aire go bhféadfaí go bhfanfaidh do chuid sonraí ar fhreastalaithe Facebook.