Do chlú ar líne a bhainistiú

Do chlú ar líne a bhainistiú

do chlú a bhainistiú

Caitheann daltaí an oiread ama lena gcuid múinteoirí is nach iontas ar bith é go mbeidís fiosrach fúinn. Níor cheart dúinn aon ionadh a bheith orainn nuair a chuardaíonn daltaí agus tuismitheoirí eolas fúinn ar líne nó fiú go ndéanann siad iarracht muid a chur lena gcuid líonraí sóisialta ar líne.

Ar an ábhar sin is gá dúinn a chinntiú nach ndéanann ár bpostálacha ná na pictiúir a fhoilsímid ar líne dochar dár ndea-chlú ná dár n-ionracas gairmiúil.

Bealach amháin le bheith réamhghníomhach faoinár gclú ar líne a bhainistiú is ea féachaint ar na socruithe príobháideachais inár gcuntais ar na meáin shóisialta.

Tá sé tábhachtach a thuiscint go mbíonn an téarma ‘príobháideachas’ míthreorach uaireanta i gcás na líonraí sóisialta. Cuireann na socruithe príobháideachais ar ár gcumas srian a chur leis na daoine atá in ann féachaint ar an ábhar a fhoilsímid. Mar sin féin, ní bhíonn na bearta sin go hiomlán gan locht. Is ceart caitheamh le líonraí sóisialta mar fhóraim phoiblí.

Nuair a fheiceann tú an focal príobháideachas, smaoinigh ar ‘comhroinnt’ mar is amhlaidh a thugann na socruithe sin smacht áirithe dúinn ar na daoine lena gcomhroinnimid ábhar seachas ár bpríobháideachas a chosaint.

Réamhshocruithe

Is féidir le líonra sóisialta bheith oscailte nó dúnta, agus is léiriú maith é sin ar réamhshocruithe príobháideachais na seirbhíse. Is iad sin na socruithe comhroinnte a bhíonn leis an gcuntas go huathoibríoch nuair a chláraíonn tú leis an tseirbhís den chéad uair.

Más líonra sóisialta oscailte atá ann, bíonn an t-ábhar a phostálann tú le feiceáil ag gach duine eile, mura n-athraíonn tú na socruithe.

I gcás líonraí sóisialta dúnta, ní chomhroinntear an t-ábhar ach le cairde ar leith de réir réamhshocraithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí eile bheith poiblí de réir réamhshocraithe.

I gcás múinteoirí, tá sé tábhachtach na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Am a ghlacadh chun dul i dtaithí ar na réamhshocruithe príobháideachais agus iad a athrú
  • Bheith ar an eolas maidir leo siúd atá in ann d’ábhar comhroinnte a fheiceáil
  • Ná glac leis riamh gur ábhar príobháideach atá in ábhar a chomhroinneann tú ar líne. Tá sé an-éasca ábhar digiteach a chóipeáil. Mar sin, nuair a chuireann tú ábhar ar líne, cailleann tú smacht ar na daoine a fheicfidh an t-ábhar sin agus ar conas a úsáidfear é

Cé atá in ann thú a aimsiú?

 

Go minic, ní fheiceann ach líon beag daoine an t-ábhar a phostálaimid ar líne, agus is beag nach bhfeadfaí smaoineamh air mar ábhar príobháideach. Mar sin féin, cuireann innill chuardaigh leis an líon daoine a fheicfidh an t-ábhar.

Déantar innéacsú de réir réamhshocraithe ar go leor dá gcomhroinnimid ar sheirbhísí líonraithe shóisialta. Ciallaíonn sé sin go n-aimseoidh daoine naisc chuig ár bpostálacha agus chuig ár bpróifílí ar líne má dhéanann siad cuardach orainn ar inneall cuardaigh (amhail Google).

 

Cuir cosc le haird nach bhfuil uait

Chun do phríobháideachas a chosaint agus chun cosc a chur le haird nach bhfuil uait, is maith an rud é srian a chur leo siúd atá in ann teacht ar do phróifílí. Tugann líonraí sóisialta áirithe rogha duit gan bheith sa liosta torthaí ar innill chuardaigh.

 

Comhairle do mhúinteoirí ionas nach n-aimseofar ar líne iad

Chun cosc a chur le haird ar líne nach bhfuil uait:

  • Athraigh na socruithe ionas nach mbíonn do phróifílí i liosta torthaí na n-inneall cuardaigh
  • Bí cúramach agus d’ainm fíor in úsáid agat ar líne, mar beidh sé i bhfad níos éasca teacht ort. Bí cinnte go mbeifeá sásta go bhfeicfeadh duine ar bith an t-ábhar a bhfuil d’ainm leis
  • Léigh téarmaí agus coinníollacha na n-aipeanna ar fad a úsáideann tú ionas nach ndéanfar do chuid faisnéise a chomhroinnt in aghaidh do thola

 

Leideanna Facebook do Mhúinteoirí

Más breá leat Facebook, rud amháin is gá duit a dhéanamh ná do chuid socruithe a sheiceáil. Inár dtreoir do mhúinteoirí, cuimsítear an t-eolas ar fad atá ag teastáil chun do chuid príobháideachais a chosaint ar an suíomh meán sóisialta: www.webwise.ie/facebook-for-teachers/

Chun léargas ginearálta a fháil ar conas do chlú gairmiúil agus clú do scoile a bhainistiú nuair a bhíonn na meáin shóisialta in úsáid agat, mar aon le comhairle fhiúntach dóibh siúd a bhíonn ag gabháil do na meáin shóisialta le haghaidh úsáid phearsanta agus ghairmiúil, cén fáth nach mbainfeá triail as ár gcúrsa gearr ar líne? Cliceáil anseo chun cur síos a fháil den chúrsa. Tá faisnéis maidir le dátaí seachadta an chúrsa agus faisnéis clárúcháin ar fáil trí  TeacherCPD.ie.