Facebook do mhúinteoirí: 11 leid chun do phríobháideachas a chosaint

Facebook do mhúinteoirí: 11 leid chun do phríobháideachas a chosaint

Más múinteoir nua thú nó mura bhfuil mórán taithí agat ar Facebook, ba cheart duit do shocruithe príobháideachais Facebook a sheiceáil sula leagann tú cos sa seomra ranga. Is breá le daltaí faisnéis phearsanta a bheith acu faoina gcuid múinteoirí. Féadfaidh tú a bheith cinnte de go mbeidh siad ag caitheamh súil ar do phróifílí ar líne a luaithe is a dhéanann siad amach cén céadainm atá ort.

Chun na grianghraif a ghlac tú ar do laethanta saoire a choinneáil príobháideach agus a chinntiú nach mbeidh a fhios ag an saol mór go mbíonn tú ag éisteacht le Cheryl Cole le linn traenála duit, glac leis an gcomhairle seo do mhúinteoirí ar Facebook:

1. Beidh rudaí áirithe poiblí i gcónaí.

Is cuma céard a dhéanfaidh tú, beidh do phictiúr próifíle, do phictiúr clúdaigh agus d’ainm le feiceáil go poiblí ar Facebook i gcónaí. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin nach dtarraingíonn na pictiúir phróifíle agus chlúdaigh sin amhras nó náire ort os comhair an tsaoil. B’fhearr duit pictiúr breá ginearálta a roghnú a chuireann cuma mhaith ort nó nach nochtann cé thú féin in aon chor.

Grianghraif chlúdaigh

Nuair nach pictiúr próifíle nó clúdaigh é an pictiúr a thuilleadh, is féidir leat socruithe príobháideachais an phictiúir a chur in eagar sa dóigh is nach mbeidh sé poiblí níos mó.

2. Déan an tSeiceáil Príobháideachais

Bealach maith é le seiceáil cé atá in ann breathnú ar do chuid postálacha ar Facebook is ea an tSeiceáil Príobháideachais. Má chliceálann tú ar shiombail an ghlais ar bharra uirlisí Facebook, treorófar thú tríd an tSeiceáil Príobháideachais a bhfuil trí chuid inti. Is féidir leat a athrú go sciobtha ansin cé atá in ann breathnú ar do chuid postálacha agus ar fhaisnéis do phróifíle.

3. Seiceáil na socruithe príobháideachais atá i bhfeidhm agat faoi láthair

An raibh a fhios agat go bhfuil socruithe príobháideachais Facebook “greamaitheach”? Más postáil phoiblí a rinne tú an uair dheireanach, cuir i gcás, beidh an chéad phostáil eile uait poiblí freisin mura n-athróidh tú na socruithe príobháideachais arís. Bíodh a fhios agat cé a fheicfidh an phostáil sula gcuirfidh tú suas ar líne í. Má tá an deilbhín beag cruinneoige le feiceáil, beidh an saol mór in ann féachaint ar do phostáil.

Ag athrú socruithe príobháideachais postálacha

4. Féach ar do phróifíl faoi mar a fheiceann an pobal mór í

Uirlis eile ar Facebook atá úsáideach chun a chinntiú nach bhfuil an iomarca á roinnt go poiblí agat is ea an rogha “Féach air seo mar…”. Cuireann an rogha sin ar do chumas agat féachaint ar do phróifíl amhail is gur duine de do chairde thú nó duine den phobal mór i gcoitinne. Agus tú ag féachaint ar do phróifíl faoi mar a fheiceann an pobal mór í, beidh a fhios agat go sciobtha an bhfuil an iomarca faisnéise á roinnt agat.

Facebook do mhúinteoirí

Chun teacht ar an uirlis “Féach air seo mar…” cliceáil ar na trí phonc as a chéile (comhartha focalbhá) atá in aice leis an gcnaipe ‘Féach ar do Thaifead Gníomhaíochta’ ar bharr leathanach do phróifíle.

5. Glan suas do stair phearsanta

Nuair a thosaíonn tú ag múinteoireacht den chéad uair, tá sé tábhachtach súil siar a chaitheamh ar na postálacha a rinne tú nuair a thosaigh tú ag úsáid Facebook. B’fhéidir go bhfuil roinnt pictiúr ann ó oícheanta airneáin na chéad bhliana, a glacadh sular thosaigh tú ag smaoineamh ar chúrsaí príobháideachais. Sa dóigh is nach mbeidh ort socruithe príobháideachais gach postála a sheiceáil ina cheann agus ina cheann, bain úsáid as an rogha “Cuir teorainn le seanphostálacha”. Athróidh sé sin an socrú príobháideachais ar gach seanphostáil ó phoiblí nó ó chairde cairde go cairde amháin.

Facebook do mhúinteoirí

 

Chun teacht ar an uirlis ‘Cuir teorainn le seanphostálacha’, cliceáil ar ‘Socruithe’ agus ansin ar ‘Príobháideachas’.

6. Bí ar d’airdeall faoi bheith ag cur in iúl gur “maith leat” rudaí a chuirfeadh aiféaltas ort

Tá an chuid den phróifíl a bhaineann leis na rudaí is maith leat níos deacra a bhainistiú. Fiú má tá teorainn curtha agat le lucht féachana do chuid seanphostálacha, is minic a bhíonn na rudaí is “maith leat” fós le feiceáil go poiblí.

facebook do mhúinteoirí

Le bheith cinnte nach bhfaighidh do dhaltaí amach cén dúspéis rúnda atá agat, féadfaidh tú socruithe príobháideachais na rudaí is maith leat a chur in eagar. Níl le déanamh agat ach cliceáil ar ‘Bainistigh’ faoin gcuid den phróifíl a bhaineann leis na rudaí is maith leat agus ansin ar an rogha ‘Cuir príobháideachas in eagar’ chun na daoine a bheidh in ann féachaint ar na rudaí sin a athrú.

7. Cosain do chairde ar shúile fiosracha

Dar le teoiric na sé chéim deighilte, níl ach sé chéim teagmhála ar a mhéad idir aon bheirt. Ach is cosúil gur lú an deighilt sin fós ar Facebook. Ceann de na deacrachtaí is minice a bhíonn ag múinteoirí ar Facebook is ea go n-éiríonn go héasca le daltaí iad a aimsiú tar éis dóibh teacht ar leathanaigh comhghleacaithe leo.

facebook do mhúinteoirí

Cuir príobháideachas do liosta cairde in eagar sa dóigh is nach mbeidh daltaí in ann múinteoirí eile a aimsiú trí do leathanach Facebook. Féadfaidh tú sin a dhéanamh ach cliceáil ar an gcluaisín ‘Cairde’ ar do phróifíl agus ansin ar dheilbhín an phinn luaidhe (nó ar an gcnaipe ‘Bainistigh’) sa choirnéal ag barr an chluaisín ar dheis.

8. Coinnigh smacht ar do chuid aipeanna

Nuair a fheicimid aip nua ar mian linn triail a bhaint aisti, aontaímid minic go leor le gach aon rud ann gan na téarmaí agus coinníollacha a léamh. Uaireanta, d’fhéadfaimis a bheith ag tabhairt cead do na haipeanna sin rudaí a phostáil ar ár n-amlíne Facebook. Bíonn sin ceart go leor de ghnáth, ach bí cinnte gur tusa an té atá i bhfeighil air agus gurb eol duit cé na haipeanna atá ag postáil go poiblí ar do shon. Is féidir leat seiceáil ar úsáid na n-aipeanna ach cliceáil ar an gcluaisín ‘Socruithe’.

Aipeanna ar Facebook

9. Is féidir le duine ar bith thú a aimsiú ar Facebook

Cé gur féidir leat cosc a chur ar innill chuardaigh sheachtracha nascadh le do phróifíl, tá gach úsáideoir Facebook (mionúir san áireamh) inchuardaithe tríd an inneall cuardaigh atá ag Facebook é féin. Má tá a fhios ag do dhaltaí cén chaoi d’ainm a litriú, seans maith go mbeidh siad in ann thú a aimsiú.

Ní féidir leat cosc a chur ar dhaoine thú a chuardach ar Facebook, ach tig leat, trí na socruithe príobháideachais, teorainn a chur leis na daoine ar féidir leo cuirí chun cairdis a sheoladh chugat. Réiteach eile atá aimsithe ag múinteoirí chun aird gan iarraidh ó dhaltaí a shrianadh is ea litriú a n-ainm a athrú nó ainmneacha láir a úsáid in áit sloinnte.

10. Cuir cosc ar innill chuardaigh nascadh le do phróifíl

Mar atá a fhios ag an saol mór, má tá tú ag iarraidh eolas a fháil faoi rud éigin níl le déanamh agat na laethanta seo ach “ceist a chur ar Google”. Más ag déanamh taighde nó ag lorg eolas teagmhála atá tú, is é an t-inneall cuardaigh is mó ar domhan is túisce a cheadaítear. Ceann de na bealaí a dhéanfaidh níos deacra do dhaltaí é thú a aimsiú ar líne is ea cosc a chur ar Google, agus ar innill chuardaigh eile, do phróifíl a liostú i dtorthaí cuardaigh.

Cuir teorainn le torthaí inneall cuardaigh

Chun cosc a chur ar inneall cuardaigh d’amlíne a liostú, cuir an rogha maidir le hinnill chuardaigh in eagar istigh sna Socruithe Príobháideachais. Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire go bhféadfaidh nithe a phostálann tú go poiblí a bheith le fáil i dtorthaí cuardaigh fiú amháin mura bhfuil d’amlíne féin liostaithe iontu.

11. Coinnigh súil ar do chuid clibeanna

Ó am go chéile déanfar thú a chlibeáil i bpictiúir nach gcuireann cuma iontach ort nó a lua i bpostálacha nárbh fhearr leat a bheith ceangailte leo. Déanfaidh do chuid dlúthchairde, fiú amháin, é sin gan smaoineamh. Mura bhfuil tú sásta le postáil ina bhfuil clib ort, féadfaidh tú an chlib a bhaint. Nó d’fhéadfá iarraidh ar an gcara a chuir clib ort an phostáil bhunaidh a scriosadh.

Ag cur clibeanna in eagar

Is é an fáth a gcaithfidh tú a bheith fíorchúramach go deo faoi na grianghraif ina bhfuil clib ort ná nach bhfuil aon smacht agat ar cé a fheicfidh iad. B’fhéidir go roghnódh do chara an grianghraf a dhéanamh poiblí. Déan athbhreithniú ar chlibeanna gan iarraidh, nó déan iad a bhaint nó a thuairisciú, trí do  Thaifead Gníomhaíochta.

Facebook do mhúinteoirí

Cé nach féidir leat cosc a chur ar dhaoine thú a chlibeáil i bpostálacha, féadfaidh tú teorainn a chur leis na clibeanna atá le feiceáil ar d’amlíne. Déan é sin leis na roghanna eagarthóireachta faoin mír ‘Amlíne agus Clibeáil’ istigh sna Socruithe.