Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014: Gníomhaíochtaí le haghaidh ranganna bunscoile

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014: Gníomhaíochtaí le haghaidh ranganna bunscoile

 

SID2014Logo

An bhfuil tú ag tóraíocht rud éigin le déanamh le do rang bunscoile Lá seo na Sábháilteachta Idirlín? Tá an t-ádh ort!

Seo cúpla gníomhaíocht spraíúil is féidir a thriail le do rang:

Bí Sábháilte BBC

Déan tástáil le Hacker ar an méid eolais atá agat faoin tsábháilteacht Idirlín, éist le hamhráin Stay Safe le Helen Skelton agus déan tuilleadh lena gcois san acmhainn iontach seo de chuid an BBC.

Paca Acmhainní Bunscoile

Tá comhghleacaithe linn thall san Ionad um Idirlíon Níos Sábháilte sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh acmhainní iontacha don seomra ranga bunscoile a chur i dtoll a chéile is féidir a íoslódáil. Istigh sa Phaca Acmhainní Bunscoile tá gníomhaíochtaí tapa don seomra ranga, gníomhaíochtaí drámaíochta, plean ceachta amháin a bhfuil tacaíocht iomlán ann dó, tionól scoile agus script ag gabháil leis agus póstaer a spreagfaidh plé agus a chuirfidh Lá na Sábháilteachta Idirlín chun cinn.

Lámhleabhar Bunscoile Webwise

Seoladh Lámhleabhar Bunscoile Webwise in 2012 agus is iontach an acmhainn do mhúinteoirí OSPS é chun úsáid shábháilte fhreagrach an Idirlín a theagasc. Ceapadh é chun dul i ngleic níos mó le gnéithe de na cuspóirí sa churaclam OSPS a bhaineann le sábháilteacht phearsanta agus oideachas na meán, nach gclúdaíonn acmhainní eile.