Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014: Gníomhaíochtaí le haghaidh ranganna meánscoile

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014: Gníomhaíochtaí le haghaidh ranganna meánscoile

SID2014Logo

An bhfuil tú ag tóraíocht rud éigin le déanamh le do rang meánscoile Lá seo na Sábháilteachta Idirlín? Tá an t-ádh ort!

Seo cúpla gníomhaíocht spraíúil is féidir a thriail le do rang:

ThinkB4UClick

Cuidíonn ThinkB4UClick le múinteoirí cúnamh a thabhairt do dhaltaí saincheisteanna príobháideachais ar líne a fhiosrú. Ceapadh ThinkB4UClick i gcomhair múinteoirí OSPS don Teastas Sóisearach agus seoladh é i mí Dheireadh Fómhair 2009. Déantar plé ann ar roinnt réimsí Idirlín agus tugtar aghaidh ar phríobháideachas ar líne ó thaobh ceart agus freagrachtaí ar líne de.

An Saineolaí Thú?

Is suíomh de chuid CEOP (an tIonad um Theacht i dTír ar Leanaí agus a gCosaint ar Líne) sa Ríocht Aontaithe é
Think You Know. Is suíomh gréasáin iontach é a thugann neart eolais do dhéagóirí faoi bheith sábháilte i réimse leathan cásanna ar líne, mar shampla ag úsáid ceamaraí gréasáin agus ag roinnt íomhánna. An-ábhar ceachta a bheadh sa suíomh agus tá sé leagtha amach go néata sa chaoi go bhfuil sé éasca do bhealach a dhéanamh tríd.

Web We Want

Lámhleabhar úr nuálach do dhaoine óga atá in Web We Want a seoladh in 2013 agus atá ina acmhainn oideachais dóibh siúd atá idir 13-16 bliana d’aois. Forbraíodh i gcomhar le daoine óga é. Ceaptar an lámhleabhar lena úsáid sa seomra ranga agus mar acmhainn úsáideach don phiaroideachas.