Leideanna Sábháilteachta ó Facebook

Leideanna Sábháilteachta ó Facebook

Deirtear ar leathanach sábháilteachta Facebook maidir leis an méid a phostálann tú ar an suíomh go nochtann sé cuid mhór faoin gcineál duine atá ionat. San uile láthair phoiblí, a deirtear leis, as líne agus ar líne, tá sé tábhachtach an duine ar mhaith leat a bheith a chur in iúl.

Chuir Webwise an mantra seo chun cinn le fada an lá do scoileanna, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí. Ar na mallaibh, tá forbairt déanta ag Facebook ar a chomhairle féin do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon, mar chuid dá chuid iarrachtaí a úsáideoirí a choimeád sábháilte.

I measc na leideanna seo, deir Facebook gur féidir an pobal ar líne a choimeád slán trí phróifílí bréagacha a thuairisciú; cion é seo nach bhfuil ag teacht le rialacha an ghnólachta.

Molann an fhoireann sábháilteachta san ollchuideachta Idirlín do dhaoine freisin: “smaoinigh sula ndéanann tú postáil”.

Is éasca do chiall a chailleadh ar ala na huaire agus rud éigin a shíleann tú atá greannmhar ag an am a scríobh nó a dhéanamh. Ach meabhraigh go bhféadfadh rud a deir tú cur isteach go mór ar dhuine agus d’fhéadfadh olcas eascairt as seo níos faide anonn. Smaoinigh sula ndéanann tú postáil. Ní thógann sé ach soicind nó dhó. Seo a deir na saineolaithe sábháilteachta atá ar fostú ag Facebook.

Meabhraigh freisin go bhféadfadh sé tarlú go gcóipeálfaí, go ngreamófaí nó go ndáilfí faisnéis a phostálann tú – bíodh sé i bhfoirm ráitis, nóta nó comhrá físeáin – ar dhóigheanna nach raibh ar intinn agat. Fiafraigh díot féin sula bpostálann tú – an mbeinn sásta dá roinnfí an t-ábhar seo ar fud na scoile nó dá léifeadh m’fhostóir amach anseo é?

Tá an méid seo a leanas i measc na leideanna eile a mholann Facebook dá chuid úsáideoirí:

Athraigh do phasfhocal go rialta
  • Ná glac ach le cuirí cairdis ó dhaoine a bhfuil aithne agat orthu
  • Ceap pasfhocal maith agus bain úsáid as faoi choinne Facebook amháin
  • Ná roinn d’fhocal faire le duine ar bith
  • Athraigh do phasfhocal go rialta
  • Ná tabhair d’fhaisnéis phearsanta ach do dhaoine agus do chuideachtaí a bhfuil na sonraí sin de dhíth orthu
  • Ná logáil isteach chuig Facebook ach uair amháin in aghaidh gach seisiúin. Má bhíonn an chuma ar an scéal go bhfuil Facebook ag iarraidh
    ort logáil isteach don dara huair, scipeáil na naisc agus clóscríobh www.facebook.com go díreach
    i mbarra seoltaí do bhrabhsálaí
  • Bain úsáid as pasfhocal aon uaire má bhíonn tú ar ríomhaire duine eile
  • Logáil amach as Facebook tar éis a bheith ar ríomhaire duine eile
  • Bain úsáid as brabhsáil shlán más féidir
  • Ná híoslódáil Aipeanna ach ó shuíomhanna a bhfuil tú muiníneach astu
  • Nuashonraigh do bhogearraí frithvíris go rialta
  • Nuashonraigh do bhrabhsálaí agus d’fheidhmchláir eile go rialta
  • Ná greamaigh script (cód) i mbarra seoltaí do bhrabhsálaí
  • Bain úsáid as forlíontáin ar nós Web of Trust agus NoScript ó Firefox d’fhonn do chuntas
    a choimeád slán ó bhradaíl
  • Bí san airdeall ar ailt “amaideacha” ó dhuine ar bith, fiú amháin ó Chairde. Mura bhfuil rian
    do charad orthu, ná cliceáil orthu.
  • Bí san airdeall ar naisc mhealltacha ó do chairde

Má chloíonn tú leis na leideanna seo, is cinnte go mbeidh tú féin, do dhalta agus do pháiste slán sábháilte ar Facebook.