Polasaithe Úsáide Inghlactha: forbhreathnú

Polasaithe Úsáide Inghlactha: forbhreathnú

Neamhainmníocht

Tá polasaithe éifeachtachta i gcroílár an dea-chleachtais i scoileanna agus ní haon eisceacht iad polasaithe faoin tsábháilteacht Idirlín. Polasaí tábhachtach é Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) na scoile, mar leagtar amach ann straitéis na scoile chun úsáid shábháilte fhreagrach an Idirlín a chur chun cinn.

Straitéis na scoile chun úsáid shábháilte fhreagrach an Idirlín a chur chun cinn.

Is éard atá in AUP ná cáipéis nó sraith cáipéisí a thugann aghaidh ar gach ceart, pribhléid, freagracht agus smachtbhanna a bhaineann le bheith ag teacht ar an Idirlíon agus á úsáid i do scoil. Cinnteoidh AUP do scoile go mbainfear úsáid éifeachtach as an Idirlíon chun críocha oideachais agus riaracháin scoile gan ceangaltais dlí a shárú ná riosca a chruthú.

Sa chás is fearr, is iad na príomhpháirtithe leasmhara a dhréachtóidh an AUP: foireann na scoile, daltaí agus a dtuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta. Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna teimpléad AUP don tsábháilteacht Idirlín ar fáil chun cabhrú le scoileanna an AUP seo acu a leasú agus a nuashonrú.

Ní mór don scoil a chinntiú go bhfuil fáil éasca ag na daltaí ar na codanna sin den AUP a bhaineann leo agus go bhfuil teanga shothuigthe ann a mhíníonn a gcearta agus a bhfreagrachtaí go soiléir. Tugtar cuntas i gCreat ICT na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar an gcaoi ar féidir le múinteoirí deiseanna foghlama a thabhairt do dhaltaí a chuirfidh ar a gcumas AUP na scoile a phlé, a thuiscint agus a chur i bhfeidhm.

An Creat ICT á úsáid chun an tsábháilteacht Idirlín a theagasc

Míníonn Creat ICT an CNCM gur cheart go gcuirfí ar chumas na ndaltaí:

Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) agus nósanna imeachta a bhaineann le húsáid an Idirlín agus an ríomhphoist agus le húsáid na bhfón póca a phlé, a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas.”

Sa chaoi go dtuigfidh daltaí céard iad a gcearta agus a bhfreagrachtaí ar líne, chomh maith leis na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm nuair nach n-úsáideann siad ICT na scoile mar is ceart, is gá an AUP Idirlín a theagasc dóibh. I measc acmhainní teagaisc agus foghlama Webwise a bhaineann le tuiscint a fháil ar an AUP tá:

  • Rialacha i dtaobh úsáid fhreagrach sa scoil seo againne
  • Faisnéis phearsanta a chosaint
  • Acmhainní le haghaidh plé sa seomra ranga ar an tsábháilteacht Idirlín.

Céard ba cheart a bheith san áireamh in AUP?

Ba cheart go mbeadh polasaí úsáide inghlactha fadréimseach. Ba cheart go ndíreodh sé ar an Idirlíon idir shuite agus mhóibíleach. Ba cheart go ndíreodh sé ar threalamh agus ar líon ICT na scoile, ar an scagadh ábhair agus ar an trealamh pearsanta ICT a thugann daltaí agus an fhoireann araon isteach leo sa scoil.

Ba cheart go míneofaí san AUP cén chaoi a dtabharfar a bhfuil ann le fios d’úsáideoirí uile an Idirlín sa scoil.

Ba cheart go n-aithneofaí san AUP a thábhachtaí ó thaobh tairbhe oideachais agus sóisialta de is atá gléasanna Idirlín na ndaltaí (e.g. fóin chliste, ríomhairí glúine, táibléid) ach ba cheart go mbeadh sé solúbtha a dhóthain le go ndéileálfaidh sé lena n-úsáid ar scoil.