Príobháideachas: Coincheap Deacair ar Líonraí Sóisialta

Príobháideachas: Coincheap Deacair ar Líonraí Sóisialta

Go soineanta, chuir beirt chairde pictiúir díobh féin ar Facebook á léiriú go gáirsiúil ar oíche shóisialta agus iad gléasta in éide scoile bhréige. Bhí an bheirt acu ag roinnt a spraoi lena gcairde, díreach ar nós na milliún úsáideoirí eile a dhéanann a leithéid ar an suíomh líonraithe shóisialta gach lá.

Ach, bhí fadhb ann. Ba mhúinteoirí scoile iad an bheirt bhan i scoil san Astráil agus d’fhéadfaí teacht ar na pictiúir go héasca. Le teann feirge, d’fhoilsigh na nuachtáin áitiúla na grianghraif. Chuir na húdaráis a ladar sa scéal. Agus tarraingíodh droch-cháil idirnáisiúnta ar an eachtra.

Tá na céadta scéal ar fáil faoi eachtraí a chuaigh thar fóir go tapa i ndiaidh eolas a roinnt ar líne. Is dóigh go bhfeiceann gach úsáideoir Facebook nuashonraithe stádais nár mhaith leo a bheith postáilte, nó pictiúr a thugann drochíomhá de dhuine.

Mar sin cé chomh poiblí atá Twitter agus Facebook? Agus cad iad na réamhchúraim ar cheart duit a dhéanamh agus tú ag postáil ar an suíomh gréasáin?

Seachain do ‘Lorg Digiteach’

Tá gach rud a phostálann tú ar líne le feiceáil go poiblí

Ar phostáil tú barúil mhaslach riamh ar Facebook faoi d’fhostóir, faoi chomhoibrí nó faoi do chomharsa. Má phostáil tú a leithéid, tá an-seans ann go mbeadh fáil éasca air agus d’fhéadfadh sé teacht aniar aduaidh ort agus bheadh aiféala ort.

Samhlaigh go bhfuil tú ag cur isteach ar phost agus go bhfeiceann fostóir ionchasach do phostáil faoi d’iarfhostóir. Cad é a chuireann sé seo in iúl fútsa?

Cuireann Webwise sábháilteacht Idirlín chun cinn agus mar chuid de sin creidimid go mba cheart do gach úsáideoir Idirlín machnamh a dhéanamh sula bpostálann siad aon rud.

Cibé socruithe príobháideachais atá agat, féadfaidh rud a deir nó a phostálann tú ar líne a bheith le feiceáil ag an bpobal. A luaithe is a fhoilsíonn tú rud éigin, is furasta é a chóipeáil, a roinnt agus a athrú.

Príobháideach nó Poiblí?

Níl a fhios ag mórán daoine go mbíonn do shocruithe príobháideachais réamhshocraithe mar stádas poiblí nuair a chláraíonn tú le Facebook mar dhuine atá os cionn 18 mbliana d’aois.

Más mian leat é seo a athrú ní mór duit do roghanna príobháideachais a shaincheapadh agus caithfidh tú díliostáil nó díchumasú a dhéanamh ar na socruithe más mian leat smacht a bheith agat ar d’aitheantas agus ar do cháil ar líne.

Príobháideachas: Coincheap Deacair ar Líonraí Sóisialta

Ach fiú má dhéanann tú é sin, tá seans an fós go bhfeicfear an méid a phostálann tú ar líne go poiblí. Cuir i gcás go ndéanann cara leat athbhíogáil ar phictiúr a bhíogaíl tusa i dtosach agus go bhfuil stádas poiblí aige/aici? D’fhéadfadh an rud céanna tarlú ar Facebook.

Agus ní hé sin an t-aon roinnt a tharlaíonn ar shuíomhanna líonraithe shóisialta.

Cuimhnigh ar Facebook mar shampla. An t-ioncam a shaothraíonn sé – mar is gnó atá ann i ndeireadh na dála – ní ghintear ó na húsáideoirí é.

Cuireann Facebook an t-eolas uile a bhailítear ó na próifílí le chéile, do cheannsa ina measc, chun a fháil amach cad a thaitníonn le daoine. Ansin, tairgeann Facebook táirge gnó éigin a chur chun cinn do ghrúpa áirithe bunaithe ar an eolas a bhailíonn sé agus gearrann sé táillí ollmhóra chun é sin a dhéanamh.

Dúirt Billy Hawkes, Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann, ag seimineár in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath le gairid gurb é an comhaontú intuigthe idir úsáideoir agus Facebook, ós rud é go bhfuil an tseirbhís saor in aisce, go dtugann tú eolas pearsanta do Facebook sa dóigh gur féidir le Facebook airgead a shaothrú trí fhógraí a dhíriú ort.

Daoine Óga agus Líonrú Sóisialta

Áitíonn Facebook go bhfuil cosc ar úsáideoirí faoi 13 bliana d’aois. I ndáiríre, áfach, níl aon chiall leis an gcosc sin.

Tá líon mór páistí in Éirinn idir 9-13 bliana d’aois a bhfuil próifílí acu ar shuíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta ar nós Facebook in ainneoin na rialacha, de réir thuarascáil taighdeoirí ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Social Networking Among Irish 9-16 year olds.

[pdf:http://test.scoilnet.ie/webwise3/SNAmongIrishTeens.pdf]

Thaispeáin an tuarascáil go bhfuil próifíl líonra sóisialta ar Facebook nó ar Bebo ag leath na bpáistí idir aon bhliain déag agus dhá bhliain déag d’aois agus duine as gach cúigear ag páistí idir naoi agus deich mbliana d’aois.

Is cúis imní í gur léirigh an tuarascáil freisin gur fhág 18 faoin gcéad de pháistí na hÉireann idir naoi agus deich mbliana d’aois, an líon is airde in aon aoisghrúpa, a gcuid socruithe príobháideachais gan athrú, sa dóigh go bhfuil a bpróifílí oscailte go poiblí agus gur féidir le haon duine féachaint orthu. Titeann an figiúr seo go deich faoin gcéad do bhuachaillí agus do chailíní idir aon bhliain déag agus dhá bhliain déag bliain d’aois.

Agus baineann na contúirtí céanna le daoine óga ar líne maidir le príobháideachas.

I mbeagán focal, ní ghabhann príobháideachas ar bith leis an méid a phostálann tú ar líne, tá gach rud poiblí, agus ba cheart go gcuimhneodh daoine óga agus daoine fásta air sin i gcónaí.