Scileanna Litearthachta Digití: Sábháilteacht ar líne

Sábháilteacht ar Líne

Scileanna Litearthachta Digití: Sábháilteacht ar líne

Sábháilteacht ar líne

 

Cad is Sábháilteacht ar Líne ann?


Nuair a bhíonn tú sábháilte ar líne ciallaíonn sé go bhfuil an t-eolas agat chun na rioscaí féideartha a shainaithint agus go bhfuil tú feasach ar do shlándáil phearsanta fad is atá tú ag brabhsáil, ag comhroinnt nó ag scimeáil an idirlín. Nuair a mhúineann tú sábháilteacht idirlín, ní amháin go bhfuil tú ag cabhrú le do scoláirí a bheith níos airí faoina gcuid sábháilteachta féin, ach tá tú ag cabhrú leo freisin a bheith ina n-úsáideoirí idirlín níos fearr.

Cén fáth a bhfuil tábhacht leis?


Is tús maith é ár dtreoir maidir le sábháilteacht ar líne nuair atá tú ag múineadh scileanna litearthachta digití do do chuid scoláirí. Bíonn rochtain neamhtheoranta ag formhór ár scoláirí sa lá atá inniu ann ar an idirlíon ar a gcuid fón agus sa bhaile, agus tá sé tábhachtach go mbeidís in ann na timpeallachtaí ar líne sin a úsáid go sábháilte. Is céim dhearfach i dtreo scileanna litearthachta digití
a fhorbairt plé a chur ar bun le do chuid scoláirí faoi chleachtais shábháilte agus straitéisí cóipeála.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?


Tá roinnt acmhainní agus físeán forbartha ag Webwise maidir le sábháilteacht idirlín do dhaltaí bunscoile agus do scoláirí iar-bhunscoile araon. Gheobhaidh tú iad sin sa rannán acmhainní ar ár suíomh gréasáin. Tá siad iontach le húsáid sa seomra ranga d’fhonn feasacht a mhéadú agus dea-chleachtais ar líne a fhorbairt le do chuid scoláirí. Seo a leanas roinnt de na topaicí is féidir leat a phlé le do chuid scoláirí:

 

    • Cibearbhulaíocht

 

    • Gnéastéacsáil

 

    • Ábhar atá oiriúnach d’aois

 

    • Comhroinnt grianghraf agus cead é sin a dhéanamh

 

    • Sracadh ar líne

 

    • Teacht i dtír gnéasach ar líne

 

    • Bradaíl agus cóipcheart

 

    • Cosaint ar víris

 

 

Cad eile ba cheart a bheith ar eolas agam?


Coinníonn leanaí agus déagóirí iad féin sábháilte freisin trí theorainn a chur leis an méid faisnéis phearsanta a roinneann siad ar líne. Ina theannta sin, caithfidh scoláirí smaoineamh ar a lorg digiteach agus ar a gcáil ar líne. Cuireann gach rud a phostálaimid ar líne lenár lorg digiteach agus aon cheo a chuirtear ar líne, fanfaidh sé ar líne go deo go minic. Féadfaidh tú ár dtreoir maidir le smaointeoireacht chriticiúil a úsáid chun cabhrú le do chuid scoláirí a gcuid gníomhaíochtaí féin ar líne a cheistiú agus éirí níos feasaí ar conas an t-idirlíon a úsáid go freagrach.

Chruthaigh Webwise roinnt feachtas maidir leis na topaicí sin, agus tá roinnt seicliostaí éasca ann freisin is féidir a íoslódáil agus a thabhairt do do chuid scoláirí:

 

 

    • Seicliosta maidir le Faisnéis a Chomhroinnt ar Líne COMHROINNT  Share Checklist

 

 

 

 

 


Gach bliain, déanann Webwise poiblíocht ar Lá na Sábháilteachta Idirlín, agus iarrann sé ar scoileanna ar fud na hÉireann a bheith rannpháirteach agus feasacht a ardú maidir le sábháilteacht idirlín, cibearbhulaíocht agus neart eile nach iad. Chun clárú le haghaidh bandaí rosta SAOR IN AISCE i gcomhair Lá na Sábháilteachta Idirlín do do scoil, cliceáil anseo. Bíodh do scoil páirteach agus cabhraigh chun scileanna sábháilteachta ar líne a fhorbairt le do chuid scoláirí.



Ina theannta sin, féadfaidh tú an grafaic faisnéise seo a phriontáil anseo: [Download not found]