Tá Tionchar Suntasach á Imirt ag Cibearbhulaíocht ar Dhaoine Óga na hÉireann

Tá Tionchar Suntasach á Imirt ag Cibearbhulaíocht ar Dhaoine Óga na hÉireann

LógóSIDie

Tá tionchar mothúchánach suntasach á imirt ag cibearbhulaíocht ar dhaoine óga na hÉireann, de réir na dtorthaí i dtuarascáil nua a eisíodh chun Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2013 a shonrú.

Scríobh taighdeoirí de chuid Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath an staidéar, ‘Cyberbullying among Irish 9-16 year olds’, agus léirítear ann gur dheimhnigh níos mó ná leathchuid de dhaoine óga na hÉireann a dúirt go ndearnadh cibearbhulaíocht orthu gur chuir an ciapadh ar líne iad go mór trí chéile.

De réir na staitisticí, dúirt thart ar 26 faoin gcéad de pháistí idir 9 agus 16 bliana d’aois gur chuir cibearbhulaíocht iad “go mór trí chéile”, agus dúirt an líon céanna de dhaoine óga gur chuir cibearbhulaíocht ar líne iad “go measartha trí chéile”. Dúirt 20 faoin gcéad eile díobh go raibh siad “trí chéile” mar gheall ar a ndearnadh orthu ar líne.

Chomh maith leis sin, dúirt 14 faoin gcéad de pháistí na hÉireann go raibh “tionchar mór” ag bulaíocht ar líne orthu “ar feadh cúpla mí nó níos mó”. Is leibhéal an-ard tionchair é sin i gcomparáid leis an toradh coibhéiseach de dhó faoin gcéad ar fud na hEorpa. Dúirt ocht faoin gcéad de pháistí na hÉireann idir 9 agus 16 bliana d’aois gur mhair an tionchar a bhí ag cibearbhulaíocht orthu ar feadh cúpla seachtain, dúirt 22 faoin gcéad díobh gur mhair sé cúpla lá agus dúirt 56 faoin gcéad díobh gur chuir siad an chibearbhulaíocht díobh láithreach.

“Is é seo an chéad uair a tomhaiseadh an tionchar atá ag cibearbhulaíocht ar dhaoine óga na hÉireann agus léiríonn sé an tionchar suntasach is féidir le cibearbhulaíocht a bheith aici ar íospartaigh,” dúirt Brian O’Neill, ar duine d’údair na tuarascála é.

Léirítear sa tuarascáil freisin go ndearna thart ar 28 faoin gcéad díobh a ndearnadh suirbhé orthu iarracht an fhadhb a réiteach iad féin, gur thug an ceathrú cuid díobh neamhaird ar an bhfadhb, iad ag súil go gcríochnóidh sí, agus nár bhain ach 15 faoin gcéad díobh úsáid as uirlisí tuairiscithe Idirlín.

Dúirt Simon Grehan, ó Webwise: “Léirítear sa taighde go bhfuil daoine óga i bhfad níos compordaí agus iad ag labhairt le cara a bhfuil muinín acu as nuair a dhéantar bulaíocht orthu ar líne. Is é sin an fáth go bhfuil feachtas féachadóirí Up2Us ag moladh do dhaoine a fheiceann bulaíocht ar líne páirt dhearfach a ghlacadh chun a dtacaíocht a léiriú do dhaoine atá ag cur suas le drochaigeantacht nó le bulaíocht leanúnach ar líne.”

Tá údar maith le soirbheachas toisc, de réir thorthaí na tuarascála, go bhfuil cibearbhulaíocht in Éirinn faoi bhun mheánfhigiúr na hEorpa. Thuairiscigh thart ar cheathair faoin gcéad de dhaoine óga sa tír seo do thaighdeoirí go ndearnadh bulaíocht ar líne orthu, i gcomparáid le meánfhigiúr de shé faoin gcéad ar fud limistéar an euro.

Tá na nithe seo a leanas i measc na dtorthaí eile:

  • I gcás páistí a thuairiscigh go ndearnadh bulaíocht orthu ar an Idirlíon, ní raibh ach 29% de thuismitheoirí ar an eolas faoi sin. Ní raibh a fhios ag 68% de thuismitheoirí go ndearnadh bulaíocht ar a bpáiste ar líne.
  • Dúirt suas leis an gceathrú cuid (24%) de pháistí idir 15 agus 16 bliana d’aois go ndearna siad bulaíocht ar dhaoine eile freisin. Bhí beagnach leathchuid díobh siúd a rinne bulaíocht ar dhaoine eile ar líne ina n-íospartaigh chibearbhulaíochta freisin.
  • Tá bulaíocht ar líne i bhfad níos neamhchoitianta i measc páistí níos óige idir 9-12 bhliain d’aois agus tarlaíonn sí níos minice do dhéagóirí.

Toisc nach n-iarrann mórán daoine óga tacaíocht ó mhúinteoirí i gcásanna cibearbhulaíochta, moltar sa tuarascáil polasaithe breise scoile agus gníomhaíochtaí breise seomra ranga a bheith ann chun cabhrú le múinteoirí straitéisí cuí a chur le chéile. Ní mór daoine óga a spreagadh chun labhairt níos oscailte faoi bhagairtí cibearbhulaíochta.

Moltar sa staidéar freisin gur chóir iarrachtaí a dhéanamh feabhas a chur ar chumarsáid idir tuismitheoirí agus páistí mar gheall ar na bearnaí arda i bhfeasacht. Ba chóir iarrachtaí ardaithe feasachta a dhíriú ar chomhphlé a spreagadh idir tuismitheoirí/cúramóirí agus páistí faoin gcibearbhulaíocht agus faoi conas dul i ngleic léi.

[gview file=”http://webwise.nevada.ie/wp-content/uploads/2014/05/CyberbullyingIrelandSID.pdf”]