Tagann Ábhar ThinkB4UClick aníos sna Scrúduithe

Tagann Ábhar ThinkB4UClick aníos sna Scrúduithe

Sa bhliain 2010, cuireadh ceisteanna a bhain le cúrsaí teicneolaíochta ar dhaltaí i scrúdú OSSP sa Teastas Sóisearach don chéad uair sna scrúduithe Stáit.

Mar fhianaise ar a thábhachtaí atá acmhainn ThinkB4UCLick, ar féidir leat níos mó a léamh fúithi anseo, chuir an lucht scrúdaitheora ceisteanna ar na daltaí faoi líonrú sóisialta.

Sa cheist atá faoi chaibidil, dúirt an lucht scrúdaitheora gur “iontach na háiteanna iad suímh ghréasáin líonraithe shóisialta… le teagmháil a choinneáil le cairde” agus le “bualadh le daoine nua”.

“Ach uaireanta tugann daoine an iomarca eolais ar líne,” a dúradh sa cheist ina dhiaidh sin.

“Scríobh síos trí phíosa comhairle a chuirfeá le rphost chuig cara leat atá ag beartú próifíl a shocrú ar Facebook mar shlí chun bheith bainteach le líonrú sóisialta.”

Dúradh sa dara cuid den cheist: “Tá beartaithe ag do rang OSSP leabhrán gearr a chur le chéile le haghaidh tuismitheoirí ar an ábhar ‘Sábháilteacht ar an Idirlíon’. Scríobh alt don leabhrán seo ina leagann tú béim ar cad ba chóir a bheith ar eolas ag tuismitheoirí agus cad ba chóir dóibh a dhéanamh faoi líonrú sóisialta a gcuid páistí.”

Má rinne na daltaí taighde ar an réimse mar chuid den fhaisnéis atá ar fáil in acmhainn ThinkB4UCLick, ba bheag stró a bheadh orthu an cheist a fhreagairt ina hiomláine.

Dá bhrí sin, más múinteoir thú, is fiú duit machnamh a dhéanamh ar an gcúrsa ThinkB4UClick a chur san áireamh i mbliana.