Táibléid agus Sábháilteacht Idirlín: 10 Ní le Cur san Áireamh

Táibléid agus Sábháilteacht Idirlín: 10 Ní le Cur san Áireamh

táibléid agus sábháilteacht Idirlín sna scoileanna: leideanna

An bhfuil do scoil ag smaoineamh ar tháibléid a thabhairt isteach? Nó b’fhéidir gur thosaigh tú ag baint úsáide astu le gairid? Más amhlaidh an scéal, seans gur chaith tú roinnt ama ag smaoineamh ar shlándáil líonra, ar chumas leathanbhanda, ar thacaíocht theicniúil, ar chosaint sonraí agus ar a lán saincheisteanna eile a thagann chun cinn.

Táibléid agus sábháilteacht Idirlín sna scoileanna

Leis an ualach a mhaolú, thiomsaíomar 10 ní is fiú a chur san áireamh maidir le sábháilteacht Idirlín nuair atá táibléid á dtabhairt isteach agus a n-úsáid sna scoileanna:

1. Cathain is féidir na táibléid a úsáid?

Is ionann an scéal i scoileanna agus i ngnólachtaí araon go bhféadfadh rochtain oscailte ar ghléasanna a bhfuil an tIdirlíon orthu cur as go mór dóibh siúd atá in ainm a bheith ag obair. Ba chóir do scoileanna machnamh a dhéanamh ar úsáid gléasanna a cheadú le linn tréimhsí áirithe amháin nó nuair a thugann múinteoir cead dearfa do dhaltaí gléas a úsáid. Tá sé tábhachtach úsáid na dtáibléad a rialú freisin ionas go rachaidh na daltaí thart i gcuideachta a chéile agus go ndéanfaidh siad cairdeas lena chéile. Má chaitheann na daltaí gach nóiméad saor ag brabhsáil ar an Idirlíon ar a dtáibléad, b’fhéidir nach mbeadh fonn orthu idirghníomhú lena chéile agus b’fhéidir nach mbeidís ábalta socrú isteach i ngrúpa ranga nua.

2. Ná déan dearmad ar na ceamaraí!

Má fhiafraíonn tú de mhúinteoirí a bhaineann úsáid as táibléid faoi shaincheisteanna sábháilteachta Idirlín, is é an chéad fhocal amach as a mbéal i gcónaí ná… ceamaraí! Tá ceamaraí maithe sna táibléid uile a bheag nó a mhór. Cé gur féidir suíomhanna Idirlín agus aipeanna míchuí a scagadh agus a bhacadh, tá sé níos deacra ceamaraí a dhíchumasú. Mura bhfuil treoirlínte soiléire maidir le cathain is féidir ceamaraí a úsáid i bhfeidhm sna scoileanna, is éasca a fheiceáil conas a d’fhéadfadh roinnt grianghraf do-mhaiteach, méimeanna agus pictiúr a athraíodh dul ó smacht agus a bheith ina hábhar le drochíde agus cibearbhulaíocht. Ba cheart duit smaoineamh ar rannán a chur le do Pholasaí Úsáide Inghlactha (AUP) a dhéileálann le grianghraif.  Ní mór duit cinneadh a dhéanamh maidir le grianghraif a ghlacadh ar thailte scoile nó le linn gníomhaíochtaí scoile – cosc ​​iomlán a chur orthu, iad a ghlacadh le cead amháin, nó iad a ghlacadh faoi choinníollacha sonracha áirithe.

 3. Conas is féidir na táibléid a úsáid a chur in iúl go soiléir.

Caithfidh tú cinneadh a dhéanamh ón tús cibé acu an úsáidfear táibléid le haghaidh cuspóirí oideachais amháin nó an úsáidfear iad le haghaidh cuspóirí eile. An bhfuil sé ceart go leor Angry Birds a imirt ag am lóin? An féidir le daltaí sruthú a dhéanamh ar cheol agus éisteacht leis le linn obair thionscadail? Déan iarracht an dóigh is éifeachtaí le húsáid a bhaint as na táibléid a thaispeáint do na daltaí ionas go mbeidh siad ábalta leas iomlán a bhaint astu ina gcuid foghlama. Ní mór duit machnamh a dhéanamh freisin ar phrótacail a chur i bhfeidhm maidir le haipeanna a shuiteáil nó le teacht ar chluichí ar líne. Arís, is féidir an méid sin a leagan síos i do bheartas AUP.

 4. Droch-cháil a tharraingt ar an scoil trí na meáin shóisialta.

Is ann don dúrud uirlisí meán sóisialta a ligeann dúinn idirghníomhú agus coinneáil i dteagmháil le chéile. Ós rud é go dtugann táibléid teacht éasca ar sheirbhísí na meán sóisialta, tá sé tábhachtach go gcuirtear do phobal scoile ar an eolas faoi na prionsabail nach mór dóibh a chomhlíonadh nuair atá na meáin shóisialta á n-úsáid, go háirithe i ndáil leis an scoil.  Tá freagracht ar gach duine as clú na scoile a chosaint. An gceapann tú go bhfuil sé cuí faisnéis phearsanta faoi na daltaí nó faoin bhfoireann a phlé ar fhóraim phoiblí ar líne? Mura gceapann, ní foláir duit a bheith an-soiléir agus iarmhairtí an ghnímh sin a chur ina luí ar gach duine.

 5. Bí ar an eolas faoi na treochtaí is déanaí.

Tá forbairt á déanamh ar fheidhmchláir agus ar shuíomhanna Idirlín nua le haghaidh déagóirí i rith an ama. Ba é Snapchat toighis mhór na bliana seo caite, ach ní fhéadfaí a rá cad atá ar na bacáin. Caithfidh na scoileanna ina mbaintear úsáid as táibléid a bheith ar an eolas faoi na haipeanna is déanaí a úsáideann na déagóirí ionas gur féidir leo liostaí na suíomhanna Idirlín agus na n-aipeanna inghlactha dá gcuid a choinneáil nua agus ábhartha. Tá sé mar aidhm ag suíomh Idirlín agus ag cainéil na meán sóisialta de chuid Webwise múinteoirí a choinneáil ar an eolas faoi aon ábhar imní atá ag teacht chun cinn i dtaobh sábháilteacht Idirlín.

 6. Déan cinnte go bhfuil a fhios ag gach duine cad a bhfuiltear ag súil leis uathu.

Tá sé tábhachtach beartais a chur i dtoll chéile ina gclúdaítear úsáid na dtáibléad i do scoil ach níl sa mhéid sin ach tús an phróisis. Ní leor beartas a scríobh, é a shíniú agus é a chur i dtaisce. Caithfidh tú a chinntiú go bhfuil a fhios ag gach duine (daltaí, múinteoirí, baill foirne eile agus tuismitheoirí) cad atá sa bheartas agus go cuireann siad i bhfeidhm é. Má théann rud ar bith ó rath, is gá duit a thaispeáint go bhfuil céimeanna tógtha agat chun do chuid beartas a chur i bhfeidhm agus chun athbhreithniú rialta a dhéanamh orthu.

7. Monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann na daltaí as na táibléid.

Tá roinnt bealaí ann ina dtig leat monatóireacht a dhéanamh ar na suíomhanna Idirlín agus ar na haipeanna atá á n-úsáid i do scoil. Tig leat scrúdú rialta a dhéanamh ar chomhaid loga do rochtain Ghréasáin le haghaidh aon phatrúin neamhghnácha nó i gcomhair fianaise go bhfuiltear ag teacht ar shuíomhanna míchuibhiúla ó do líonra. De rogha air sin, d’fhéadfadh teagascóir ranga spotseiceálacha rialta a dhéanamh ar na táibléid. Ina theannta sin, féadfaidh na scoileanna an ceart a choimeád acu féin na haipeanna a bhfuil na daltaí ag baint úsáide astu a sheiceáil. Lámh chúnta é monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar na haipeanna a íoslódálann na daltaí lena chinntiú go bhfuil úsáid chuí á baint as na táibléid.

 8. Níl páistí uile na scoile ina saineolaithe teicneolaíochta.

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil páistí an-oilte ar úsáid na dtáibléad, ní hé sin le rá go bhfuil a gcuid scileanna litearthachta digití thar mholadh beirte. Macasamhail daoine fásta, beidh roinnt páistí níos oilte ná páistí eile. Is minic nach n-aithníonn siad cad iad na foinsí faisnéise ar líne is údarásaí agus is iontaofa. Lena chois sin, is gá oideachas a chur ar mhórchuid na ndaltaí chun dlisteanacht tairiscintí ar líne a sheiceáil d’fhonn camscéimeanna a sheachaint, agus chun a bheith aireach ar chomhaid amhrasacha a íoslódáil a bhféadfadh víris a bheith iontu.

 9. Oideachas a chur ar dhaltaí faoi shaincheisteanna sábháilteachta Idirlín faoi mar a thagann siad aníos.

Féadtar leas a bhaint as eispéiris na dtáibléad chun pointí teagaisc i leith sábháilteacht Idirlín a chomhcheangal leis an gcuraclam ar fad. Má iarrann múinteoir ar dhaltaí gabhálacha scáileáin a ghlacadh, d’fhéadfadh an múinteoir a chur i gcuimhne do na daltaí ansin gur chóir gabhálacha scáileáin a úsáid chun fianaise ar chibearbhulaíocht a thaifeadadh.

 10. Téigh i gcomhairle leis na daltaí nuair atá do Pholasaí Úsáide Inghlactha á nuashonrú.

Dá mhéad daltaí a úsáideann an tIdirlíon, is mó seans go dtiocfaidh siad ar rioscaí ar líne agus go mbeidh siad eolach orthu. Nuair a bhíonn Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) do scoile á nuashonrú, faigh tuairimí na ndaltaí ionas go mothóidh siad go bhfuil baint acu le cruthú na rialacha. Faoi mar a fhoghlaimíonn tú ó eispéiris na dtáibléad ar scoil, bí cinnte go ndéanann tú do AUP a nuashonrú dá réir sin. Ní mór AUP a nuashonrú go rialta le go mbeadh sé úsáideach.