Tionscnamh nua ‘Cyber Pals’ chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 a cheiliúradh

Tionscnamh nua ‘Cyber Pals’ chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 a cheiliúradh

Is é “Bí i do Cyber Pal” tionscnamh nua an Ionad Taighde Cibearshíceolaíochta i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn mar chuid dá rannpháirtíocht i Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014.

Cuid lárnach den phrótacal iad cumhachtú an ógra agus an gníomh dearfach a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le teachtaireacht iomlán Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014.

Féachann Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 le páistí agus le daoine óga in Éirinn agus ar fud an domhain a spreagadh chun úsáid níos sábháilte agus níos freagraí a bhaint as an teicneolaíocht ar líne agus as fóin phóca.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/05/SIDcyberpals.pdf”]  Download Cyber Pals

Is éard is aidhm le coincheap an ‘Cyberpal’ feabhas a chur ar iompraíocht ar líne agus tá sé bunaithe ar thorthaí taighde cibearshíceolaíochta a bhfuil fianaise láidir ann dóibh.

Is iad Mary Aiken agus Ciaran McMahon, beirt a oibríonn i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, a chuir an tionscnamh i dtoll a chéile. Tá seacht gcéim leagtha amach ann do dhaoine óga.

Priontáil an bhileog agus cuir in airde i do sheomra ranga í chun spreagadh a thabhairt do do dhaltaí iad féin a iompar go sábháilte agus go freagrach ar líne.