Treoir maidir le Scagadh Idirlín ar Scoil

Treoir maidir le Scagadh Idirlín ar Scoil

Faigheann gach scoil in Éirinn atá ceangailte leis an gClár Leathanbhanda le haghaidh Scoileanna rochtain ar ábhar Idirlín trí lárscagaire ábhair.

Is faoin scoil féin atá sé an leibhéal scagtha ábhair is oiriúnaí do riachtanais agus d’éiteas na scoile a roghnú.

Conas a Oibríonn Scagadh Idirlín Scoile?

Roinntear an córas scagtha ina sé leibhéal dhifriúla – is é leibhéal a haon an ceann is srianta agus is é leibhéal a sé an ceann is oscailte.

Féadfaidh gach scoil a leibhéal féin a phiocadh, ag brath ar a riachtanais agus ar a gcás féin.

Faoin bplean seo, cuirtear suíomh gréasáin i gcatagóir ag brath ar an ábhar atá air.

Toirmisctear mórán catagóirí de shuíomh gréasáin glan amach.

Mar shampla, suíomh gréasáin líonraithe shóisialta é Facebook agus tá sé sa chatagóir, ‘líonrú sóisialta’. Tá an rangú seo inrochtana ar leibhéal a sé amháin. Mar sin de, ní bheidh rochtain ag scoileanna a chuireann iarratas isteach ar na leibhéil eile, ar Facebook.

Sampla eile é suíomh gréasáin Tesco, an tsraith ollmhargaí. Tá an suíomh seo sa chatagóir ‘siopadóireacht’. Is féidir teacht ar shuíomhanna gréasáin siopadóireachta i ngach rangú seachas leibhéal a haon, an ceann is srianta.

Seo a leanas mar a oibríonn an córas:

  • Leibhéal a haon: Is é seo an ceann is srianta. Ní thugtar teacht ach ar an liosta bán agus ar chatagóirí suíomh gréasáin ar nós ‘Oideachas’ agus ‘Rialtas’.
  • Leibhéal a dó: Tá sé seo cosúil le leibhéal a trí, ach cuireann sé bac ar shuíomhanna gréasáin sa chatagóir ‘suíomhanna cluichíochta’ freisin.
  • Leibhéal a trí: Is é seo an socrú is coitianta. Tugann an leibhéal seo rochtain ar na milliúin suíomh gréasáin, lena n-áirítear cluichí. Cuirtear bac ar shuíomhanna macasamhail YouTube, Facebook agus Flickr, áfach.
  • Leibhéal a ceathair: Tá sé seo díreach cosúil le leibhéal a trí a bheag mó a mhór seachas go dtugtar rochtain ar YouTube. Ní thugtar rochtain sa leibhéal seo ar shuíomhanna líonraithe shóisialta ná ar ‘suíomhanna Idirlín a thugann stóras pearsanta’ dála Flickr, áfach.
  • Leibhéal a cúig: Is féidir teacht ar bhlaganna agus ar shuíomhanna a thugann stóras pearsanta sa rangú seo, chomh maith leis an ábhar uile ó gach leibhéal eile.
  • Leibhéal a sé: Tugann an leibhéal seo rochtain do dhaltaí ar shuíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta agus is é an rangú is oscailte dá bhfuil ann é.

Cuimhnigh go bhfuil toirmeasc ar roinnt ábhar ar fud an chórais. Ina measc tá suíomhanna gréasáin a bhaineann le pornagrafaíocht, cleamhnas, cearrbhachas, bradaíl agus airm.

In ainneoin go bhfuil na milliúin suíomh gréasáin i gcatagóirí éagsúla, d’fhéadfadh sé tarlú nach gcuirfí cuid acu i gcatagóir ar bith nó d’fhéadfaí cuid acu a chur sa chatagóir mhícheart.

Chun níos mó faisnéise a fháil, cliceáil anseo le dul chuig suíomh Idirlín an Ionaid Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, áit ina mínítear scagadh. Tá foirmeacha ábhartha agus sonraí ann freisin faoin dóigh a n-athraítear leibhéal scagtha do scoile.

Tags: