Ardmholadh faighte ag Magic Desktop do Pháistí de chuid UPC

Ardmholadh faighte ag Magic Desktop do Pháistí de chuid UPC

I mí an Mhárta, sheol UPC Éireann, an gnólacht teileachumarsáide, Magic Desktop. Píosa nuálach bogearra é a thugann cúnamh do thuismitheoirí a bpáistí a choimeád slán ar líne agus iad ag spreagadh a gcuid páistí imirt agus foghlaim i dtimpeallacht shábháilte ríomhaireachta.

Dearadh é d’aon ghnó faoi choinne páistí idir 2 bhliain agus 10 mbliana d’aois agus tugann an clár deis do pháistí spraoi a bheith acu go sábháilte trí chomhéadan taitneamhach deisce dá gcuid féin.

Cuireann Magic Desktop bac ar rochtain ar an ríomhaire iomlán agus déanann sé bainistíocht ar rochtain ar líne le rialuithe tuismitheoirí.

Tá na bogearraí seo atá bunaithe ar Windows saor le híoslódáil do gach teach, teaghlach nó scoil trí chliceáil anseo.

Sheol Dana Strong, Príomhfheidhmeannach UPC Éireann, an clár mí an Mhárta seo caite le linn seó draíochta le haghaidh páistí i mBunscoil Naomh Bríd, Bóthar Haddington i mBaile Átha Cliath.

Chuir Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus Webwise, tionscnamh sábháilteachta Idirlín an Ionaid Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas fáilte roimh an seoladh.

“Gné thábhachtach dár dtiomantas do chuimsiú digiteach do chách, d’fhorbairt luathscileanna agus do shábháilteacht ar líne is ea seoladh UPD Magic Desktop,” a dúirt Dana Strong.

Cuireann Magic Desktop timpeallacht atá oiriúnach do pháistí ar fáil.

“Murab ionann é agus an chuid is mó de bhogearraí rialaithe tuismitheoirí ina n-iarrtar ort bac a chur ar shuíomhanna gréasáin a d’fhéadfadh a bheith míchuí, éilíonn Magic Desktop ar thuismitheoirí na suíomhanna a bhfuil rochtain ag a gcuid páistí orthu a cheadú roimh ré, gné a thugann smacht iomlán dóibh ar an úsáid a bhaineann a gcuid páistí as an ríomhaire agus a sholáthraíonn eispéireas taitneamhach agus sultmhar do pháistí.”

Soláthraíonn an clár timpeallacht ríomhaireachta atá oiriúnach do pháistí, atá sábháilte agus so-úsáidte ina bhfuil cláir luathfhoghlama agus cluichí cliste a chuidíonn le páistí an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an ríomhaire.

Áirítear leis na gnéithe sultmhara postas do pháistí, léitheoireacht, scríobh, uimhreacha, mata, péinteáil agus ceol.

Áirítear leis na gnéithe do thuismitheoirí rialuithe rochtana ríomhaire, cosaint córais agus sonraí, agus maoirseacht ábhar. Is féidir leo rochtain a bpáistí a cheadú agus a bhainistiú chomh maith leis na daoine lenar féidir leo teagmháil a dhéanamh.

Dúirt Áine Lynch, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, an méid seo chomh maith: “Tosaíonn an tosaíocht le haghaidh litearthacht ríomhaireachta go han-luath agus an gá lena chinntiú go leagtar síos teorainneacha soiléire chun páistí a chosaint maidir le hoiriúnacht ábhair áirithe agus leis na hidirghníomhaíochtaí a d’fhéadfaidís a fheiceáil agus iad ag baint úsáide as ríomhairí.

“Tá sé soiléir gur riachtanas agus dualgas do thuismitheoirí é sin agus creidimid gur gléas luachmhar agus úsáideach do thuismitheoirí é an bogearra seo Magic Desktop ó UPC agus iad ag spreagadh a gcuid páistí an ríomhaire a úsáid ar bhealach sábháilte agus sultmhar.”