Bí Webwise ar Facebook

Bí Webwise ar Facebook

Níor rud éasca an tuismitheoireacht riamh. Sa lá atá inniu ann, agus iomadú an Idirlín agus na rioscaí ar fad a bhaineann leis, tá sé chomh deacair agus a bhí riamh.

Tá Webwise anseo chun iarracht a dhéanamh cuid de na dúshláin teicneolaíochta, a bhféadfadh cur isteach ort mar thuismitheoir, a fhuascailt duit.

I bpáirt leis an suíomh gréasáin seo, reáchtálaimid Webwise ar Facebook freisin a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú leat tús a chur leis an gcomhrá le do chuid páistí de réir mar a thosaíonn siad ag gníomhú ar líne.

D’fhéadfadh Webwise ar Facebooka bheith mar an chéad cheann scríbe agat chun ceisteanna a chur agus freagraí a fháil.

Ansin, déanfaimid físeanna, ailt, pictiúir agus foilseacháin a phostáil a mheasaimid a chuideoidh leat dul i ngleic leis na ceisteanna uile a bhaineann le tuismitheoireocht sa ré dhigiteach.

Ag Webwise, mothaímid gur gné thábhachtach chun do pháistí a choimeád slán é rialacha agus teorannacha a leagan síos dóibh agus iad ag scimeáil ar an Idirlíon.

Creidimid go bhfuil sé riachtanach cumarsáid mhaith, oscailte agus mhacánta a bheith agat le do pháistí ionas, má théann rud ar bith in aimhréidh, gur tusa an chéad phointe teagmhála atá acu maidir lena gcuid imní.

Tá leideanna agus comhairle faoin dóigh a bhfuil ag éirí le daoine eile, chomh maith le rud ar bith eile a shílimid ba mhaith leat a léamh, ar fáil ar ár leathanach Facebook.

Rinneadh é a fhorbairt i gcomhar le Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí chun Lá an Idirlín Shábháilte a mharcáil in 2011, agus tá súil againn go gcuideoidh Facebook leat agus le do pháiste a bheith Webwise.