Block It: Ag Dul i nGleic le Bulaíocht ar Fhóin Phóca

Block It: Ag Dul i nGleic le Bulaíocht ar Fhóin Phóca

Is seirbhís saor in aisce é Block It a chuireann O2 ar fáil agus a ligeann do dhaoine óga bac a chur ar théacsanna, ar phictiúir, nó ar fhíseáin neamhiarrtha ó fhóin phóca faoi leith.

Ligeann an tseirbhís, a d’fhorbair an gnólacht fóin phóca mór le rá in éineacht le Anam Mobile, gnólacht Éireannach um sheirbhís teachtaireachtaí, do pháistí a bhfuil bulaithe ag díriú orthu a chinntiú nach bhfaigheann siad teachtaireachtaí bagartha nó goilliúnacha ar a ngutháin.

Is féidir le Block It bac a chur ar theagmháil ó líonra móibíleach Éireannach ar bith, ní amháin O2, agus oibreoidh sé ar shás láimhe soghluaiste de dhéanamh ar bith.

Tá an clár seo iontach furasta a úsáid. Níl le déanamh ach BLOCK IT START a théacsáil chuig 50216 chun clárú.

Nuair a bhíonn sé seo déanta, is féidir leat bac a chur ar uimhir ar bith tríd an uimhir BLOCK a théacsáil agus an uimhir fóin ina dhiaidh chuig 50216.

Ón uair a chuirtear an téacs, ní bhfaighidh do pháiste téacsanna, físeáin ná íomhánna ar bith eile ón uimhir seo.

Sheol an tAire Leanaí ag an am, Barry Andrews, é in 2009 agus chuir Block It de chuid 02 go mór leis an gcath in aghaidh na cibearbhulaíochta.

Chun tuilleadh eolais a fháil ó sholáthróirí eile líonra mhóibíligh cliceáil ar na naisc seo a leanas:

O2’s Child Protection Measures: Láithreán Gréasáin ina mínítear bearta um chosaint páistí atá i bhfeidhm leis na húsáideoirí óga a chosaint

Vodafone Safety Net: Eolas ar thionscnamh um chosaint pháistí Vodafone, ina ndírítear ar ábhar míchuí ar líne

eMobile Safe Surf: Cuireann sé srianta ar úsáid Idirlín ar fhóin ionas nach féidir le páistí ach suíomhanna atá oiriúnach dóibh a fheiceáil