Buaiteoirí ‘Cad é do Scéal?’ don Bhliain 2013

Buaiteoirí ‘Cad é do Scéal?’ don Bhliain 2013

cadédoscéal_buaiteoirí_2013
Fógraíodh Buaiteoirí 2013 ‘Cad é do Scéal?’

Is comórtas ar líne é ‘Cad é do Scéal?’ a chuireann úsáid níos fearr an Idirlín i measc daoine óga chun cinn. I mbliana, iarradh ar dhaltaí físeán nó póstaer a chur isteach a dhéanann achoimre ar a bhfuil go maith faoin Idirlín. Tá an comórtas, a reáchtálann Trend Micro, ar siúl in Éirinn ón mbliain 2012.

Buaiteoirí 2013

Ba iad Judith agus Tessy ó Choláiste Naomh Iósaf, Leamhcán, buaiteoirí foriomlána na duaise €3000.

Labhair a n-iarracht faoin dóigh a mbreathnaíonn daoine óga ar na gnéithe maithe den Idirlíon.

De réir Judith agus Tessy, “Ba é an cur chuige a bhí againn ná spreagadh a thabhairt do roinnt mhaith daoine óga a d’amharc ar ár bhfíseán faoi na gnéithe maithe den Idirlíon! D’fhéachamar lena dhéanamh chomh spraíúil, chomh tarraingteach agus chomh cruthaitheach agus ab fhéidir linn. Tá teachtaireacht á cur amach againn chuig roinnt mhaith daoine óga lena ndícheall a dhéanamh ar na rudaí ar a bhfuil siad inniúil agus gan éirí as choíche! A luaithe is atá dúil mhór agat ina bhfuil á dhéanamh agat, is féidir leat aghaidh a thabhairt ar na spéartha!”

Buaiteoirí sna catagóirí eile

Eve: Tiobraid Árann PÓSTAER IDIR 8 AGUS 11 BLIAIN D’AOIS
Caught Up in the Net

Niamh: Corcaigh FÍSEÁN IDIR 8 AGUS 11 BLIAIN D’AOIS
Having fun on the Net

Rang 6: Scoil Náisiúnta Mhuire do Chailíní, Leamhcán, Baile Átha Cliath PÓSTAER IDIR 12 AGUS 15 BLIAIN D’AOIS
Manga Magic

Jonathan, Keith agus Raphael: An Ardscoil Phaitríoch, Carraig Mhachaire Rois, Muineachán FÍSEÁN IDIR 12 AGUS 15 BLIAIN D’AOIS
Amazing Uses of the Internet

Laura Groves: Baile Átha Cliath PÓSTAER OS CIONN 16 BLIANA D’AOIS
Bringing the world to you

Daltaí Idirbhliana: Coláiste Loreto, an Cabhán FÍSEÁN OS CIONN 16 BLIANA D’AOIS
The Internet is Quitting

Tags: