Buaiteoirí Chomórtas Grianghraif #Up2Us

Buaiteoirí Chomórtas Grianghraif #Up2Us

Tá ríméad mór orainn a fhógairt gurb iad scoláirí Idirbhliana Phobalscoil Bhéal Átha hAmhnais agus daltaí Holy Family Senior NS i Sord buaiteoirí Mhórdhuais Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 sa Chomórtas Grianghraif #UP2US.

Buaiteoirí na Mórdhuaise de réir Vóta: Pobalscoil Bhéal Átha hAmhnais

Déanaimid comhghairdeas mór millteach lenár mbuaiteoirí Mórdhuaise a fuair 419 vóta ar an iomlán, scoláirí Phobalscoil Bhéal Átha hAmhnais i gCo. Mhaigh Eo. Rinne siad poiblíocht ar shábháilteacht idirlín le féinphic Lá na Sábháilteacht Idirlín 2016, agus d’éirigh leo 419 vóta a fháil. Reáchtáil an scoil comórtas póstaer freisin le haghaidh na chéad bhliana, agus rinne scoláirí deich bpóstaer chun Sábháilteacht Idirlín a chur chun cinn. Tá na póstaeir crochta ar fud na scoile acu. Dhear na scoláirí dhá chlár fógraí faoin bhFeasacht maidir le Sábháilteacht Idirlín i gcodanna éagsúla den scoil.

Rinne scoláirí Cur i Láthair PowerPoint freisin do na scoláirí chéad bhliana faoi chontúirtí na cibearbhulaíochta agus conas a bheith níos sábháilte ar an idirlíon. Bhí an rang Idirbhliana páirteach sa Tionscadal Peer 4 Peer sa bhunscoil áitiúil, áit a dtéann siad amach chuig an scoil agus a múineann siad an tábhacht atá le bheith sábháilte ar líne agus le dea-chaidrimh do dhaltaí rang 6. Tréaslaímid le gach duine agaibh a bhí bainteach leis an iarracht mhór chun sábháilteacht idirlín a chur chun cinn laistigh dá scoil féin agus in bhur mbunscoil áitiúil.

comórtas #up2us

 

Buaiteoirí na Mórdhuaise de réir Tarraingthe: Holy Family Senior National School

Inár dtarraingt le haghaidh na Mórdhuaise, roghnaíodh daltaí Holy Family Senior NS i Sord mar bhuaiteoirí. Rinne Iníon Farrell sárobair agus ar ndóigh na daltaí ar fad ó rang 3 go dtí 6 a dhear na póstaeir álainn le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016. Leag scoil na sinsear seachtain ceachtanna ar shábháilteacht idirlín amach freisin sna ranganna; úsáideadh amhráin, dánta, scéalta agus ceachtanna ar líne. Ar deireadh chuir an scoil tuismitheoirí ar an eolas freisin faoin tábhacht atá le sábháilteacht idirlín agus rinneadh é sin trí shuíomh idirlín na scoile. Comhghairdeas le gach duine a rinne rud éigin chun idirlíon níos fearr a chruthú!

comórtas #up2us

 

Buaiteoirí eile: Scoil Temple Carrig, Na Clocha Liatha

Rinne na buaiteoirí eile éacht mór freisin; daltaí Scoil Temple Carrig a chruthaigh Clár Fógraí le Smaointe Dearfacha a cuireadh i gcroílár na scoile le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016. Le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 tugadh cuireadh do scoláirí na smaointe dearfacha a bhí acu féin ar an lá a chur ar an gclár fógraí. Sheol an scoil comórtas póstaer freisin agus gach lá de sheachtain na Sábháilteachta Idirlín, léigh ionadaí de na scoláirí comhairle éigin nó fíric “an raibh a fhios agat…?” faoi Shábháilteacht Idirlín. Comhghairdeas mór as bhur ngaisce agus as an méid cúnaimh a thug sibh le Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016!

comórtas #up2us

 

Buaiteoirí eile: Scoil Náisiúnta Glanduff, Co. Ros Comáin

Comhghairdeas le daltaí agus le múinteoirí Scoil Náisiúnta Glanduff, a tháinig sa dara háit sa chomórtas agus a bhuaigh ceamara Fuji Instax. Bhí Tionól Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 ag SN Glanduff ar an Idirlíon agus ar rialacha CLISTE i gcomhair scimeála sábháilte. Bhí plé ranga ag na daltaí freisin ar chomhroinnt grianghraf, ar ghrianghraif agus ar fhíseáin mearscaipthe. Cheap na daltaí cód ansin le haghaidh Úsáid an Idirlín agus comhroinnte ar líne. Iarracht iontach eile le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016, tréaslaímid libh ar fad!

comórtas #up2us

 

Buaiteoirí eile: Coláiste Loreto, An Muillean gCearr

Ar aghaidh linn… rinne scoláirí Choláiste Loreto sa Mhuileann gCearr éacht freisin, agus bhuaigh siad ceamara Fuji Instax. Thug na scoláirí aghaidh ar an gcibearbhulaíocht mar chuid dá gcomóradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín agus chruthaigh siad balla gealltanas. Tréaslaímid le gach duine a chabhraigh chun idirlíon níos fearr a chruthú le chéile!

comórtas #up2us

 

Agus ar deireadh thiar thall… ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chuir isteach ar an gcomórtas #UP2US i mbliana agus a bhí rannpháirteach in imeachtaí Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016. Ba í ócáid na bliana seo an ceann ba mhó agus ab fhearr go dtí seo, seo roinnt de na buaicphointí ó 2016:  saferinternetday.ie/highlights/