Cuimhnigh ar an dáta: Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016

Cuimhnigh ar an dáta: Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016

sid-16

Tá an dáta socraithe do Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016; ceiliúrfar é timpeall na cruinne Dé Máirt, an 9 Feabhra. Is é is aidhm le Lá na Sábháilteachta Idirlín le leanaí agus le daoine óga ar fud an domhain a spreagadh le húsáid níos sábháilte agus níos freagraí a bhaint as an teicneolaíocht ar líne agus as fóin phóca.

Beidh an 13ú heagrán den imeacht ar siúl in 2016 agus is é an ghairm chun gnímh don bhliain seo chugainn  “Déan do chuid chun Idirlíon níos fearr a chruthú“.

Anuraidh, cheiliúir 100 tír ar fud an domhain Lá na Sábháilteachta Idirlín (SID), 28 dtír an Aontais Eorpaigh san áireamh.

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015

Chomóir beagnach 34,000 duine óg
Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015, ag eagrú agus ag glacadh páirte i 219  ócáid éagsúla a bhain le Lá na Sábháilteachta Idirlín ar  fud na hÉireann.

Ba é téama na hócáide in 2015 “Cruthóimid Idirlíon níos Fearr le Chéile” agus thug na céadta scoileanna agus grúpaí óga an dúshlán sin trí bheith ag comóradh Lá na Sábháilteachta Idirlín lena bhfeachtais phobalthionscanta féin.

Seo ceann de na buaicphointí ó fheachtas Lá na Sábháilteachta Idirlín na bliana seo –  rap frith-chibearbhulaíochta  a chruthaigh  Criú Óige GMC. Fonn a d’fhanfadh leat é an rap seo dar teideal ‘I Like It’ agus bhí an-tóir air, óir breathnaíodh ar an bhfíseán breis agus 125,000 uair, chuir 2,300 duine in iúl gur maith leo é agus roinneadh 930 uair é ó chuaigh sé ar líne i mí Feabhra.

Cén chaoi an féidir bheith Rannpháirteach?

Coinnigh súil ar ár suíomh Idirlín nó ar saferinternetday.ie agus ar chainéil na meán sóisialta dár gcuid chun sonraí a fháil faoin imeacht agus bealaí le bheith rannpháirteach. Is féidir chomh maith an comhrá a leanúint ar Twitter le #SID2016 agus #Up2Us.

Déanann Webwise agus SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas comóradh Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn a chomhordú agus a chur chun cinn.