Fúinne: Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014

Fúinne: Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014

Banner_Sid-2014-468x60_static

Is cuid d’fheachtas domhanda é Lá na Sábháilteachta Idirlín chun Idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn don uile úsáideoir, go háirithe an t-aos óg. Tá an imeacht seo á ceiliúradh in Éirinn ó 2004 i leith agus bíonn níos mó daoine ag tacú léi gach bliain. Beidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 ar siúl Dé Máirt, an 11 Feabhra. Is é an téama Cruthóimid Idirlíon níos Fearr le Chéile.

Beidh eagraíochtaí ar fud na tíre ag glacadh páirt ann; ag cur seisiúin eolais ar fáil do thuismitheoirí, ag tabhairt cainteanna i scoileanna, ag óstáil ceardlann, agus ag tabhairt spreagadh do pháistí an tIdirlíon a úsáid ar bhealach níos sábháilte agus níos dearfaí. Is féidir eolas a fháil faoin méid a bheidh ar siúl ach cuairt a thabhairt ar www.saferinternetday.ie

Beidh Webwise ag comhordú feachtas náisiúnta a spreagfaidh daoine óga rud éigin dearfach a dhéanamh chun an bhulaíocht ar líne a throid. Is iad príomhtheachtaireachtaí an fheachtais ná go dtéann an bulaíocht i bhfeidhm orainn go léir; ní chuirfear deireadh léi mura ndéanaimid rud éigin! Ach má dhéanann, beidh deireadh léi.

Beimid ag dul i dteagmháil le daoine óga agus á spreagadh aghaidh a thabhairt ar cheist na cibearbhulaíochta iad féin trí bheith i gceannas ar fheachtais ardaithe feasachta ina scoileanna agus ina bpobail. Tabharfaimid tacaíocht, inspioráid agus acmhainní do dhaltaí agus iad ag glacadh seilbh ar fhadhb na cibearbhulaíochta agus ag seasamh an fhóid ina haghaidh trí bheith ag forbairt a bhfeachtais chruthaitheacha nuálacha féin.

Tá Webwise tar éis paca acmhainní a fhorbairt ina bhfuil ábhar tacaíochta chun feasacht a ardú, acmhainn nua múinteoireachta a dhíríonn ar cheist na cibearbhulaíochta tríd an gcuraclam OSPS in iar-bhunscoileanna agus tionscnamh nuálach le haghaidh póstaeir idirghníomhacha. Tabharfaidh an paca dúshlán do dhaoine óga teacht ar bhealaí nua leis an Idirlíon agus na meáin shóisialta a úsáid chun an fód a sheasamh in aghaidh na bulaíochta agus cur le chéile leo siúd a fhulaingíonn í. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.watchyourspace.ie