Ionad Feasachta um Idirlíon níos Sábháilte, Éire

Ionad Feasachta um Idirlíon níos Sábháilte, Éire

Tá géarghá le freagairt do chomhrac i gcoinne úsáid mhídhleathach, dhíobhálaí, chreiche ar an Idirlíon ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá Éire tiomanta go huile agus go hiomlán a páirt a ghlacadh ann.

Tá páirt ag tionscal, ag comhpháirtithe tionscail, oideachais, leas leanaí agus rialtais i dtionscadal Idirlíon níos Sábháilte, Éire.

Feidhmíonn sé mar Ionad Idirlíon níos Sábháilte d’Éirinn agus cuireann sé seirbhísí ar fáil d’fhonn feasacht a fheabhsú chomh maith le beolíne agus feidhmeanna líne chabhrach.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal tionscnaimh a fhorbairt chun úsáid níos sábháilte na meán leictreonach a chothú agus páistí a chosaint ón gcuid dhiúltach den Idirlíon.

Is éard atá i bpríomhchuspóirí an tionscadail:

  • Cruthófar gníomhartha náisiúnta um Idirlín níos Sábháilte atá go mór os comhair an phobail agus a ndéanfar comhordú maith orthu. Beidh na gníomhartha seo inbhuanaithe sa todhchaí, de réir mar a bheidh teicneolaíochtaí agus úsáidí nua do na meáin ag forbairt i gcónaí.
  • Forbrófar ábhair agus cláir fheasachta chun a chinntiú go dtuigfidh páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí na tairbhí agus na rioscaí a ghabhann leis an Idirlíon. Tabharfar comhairle iontu freisin faoin riachtanas maidir le hábhar neamhdhleathach nó ábhar díobhálach a thuairisciú má thagtar air, agus tabharfar treoir iontu faoin dóigh leis seo a dhéanamh.
  • Soláthrófar seirbhís ghairmiúil chomhairleoireachta, chun comhairle agus treoir a thabhairt do pháistí a gcuirfidh aon rud ar an Idirlíon isteach orthu.
  • Oibreofar seirbhís bheolíne Idirlín de réir na gcaighdeán is gairmiúla agus is féidir, a mbeidh an pobal muiníneach aisti chun tuairisciú rúnda gan ainm a dhéanamh ar ábhar nó ar ghníomhaíochtaí ar an Idirlíon a cheaptar a bheith neamhdhleathach.

Feidhmíonn an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE), atá ina chuid den tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí anois, mar chomhordaitheoir teicniúil sa chuid sin den tionscadal a bhaineann le feasacht a fheabhsú.

Is trí bhranda agus trí shuíomh gréasáin Webwise a ghlacaimid ár bpríomhchúram maidir le forbairt ábhair agus cláir fheasachta chun a chinntiú go dtuigfidh páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí na tairbhí agus na rioscaí a ghabhann leis an Idirlíon.