Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013 – Nasc le Meas

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013 – Nasc le Meas

LógóSID.ie

Is cinnte go mbeidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013 ar an  gceann  is spreagúla go dtí seo den tionscnamh domhanda i leith sábháilteacht Idirlín.

Ceiliúrtar an tionscnamh sna scórtha tír. Is é Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013 an deichiú bliain den imeacht spreagtha feasachta. Tá sé ar intinn i mbliana an téama “Nasc le Meas” a chur chun cinn.

In Éirinn tá Webwise.ie, Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín, atá mar chuid de SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas, ag comhordú iarrachtaí i measc na bpáirtithe leasmhara uile.

Seoladh www.SaferInternetDay.ie an tseachtain seo a chuaigh thart.

Mol é an suíomh faoi choinne tuismitheoirí, múinteoirí agus an phobail i gcoitinne. Tá an dúrud faisnéise air, lena n-áirítear smaointe gníomhaíochta atá bunaithe ar théama Lá na Sábháilteachta Idirlín i gcomhair tuismitheoirí/múinteoirí, faisnéis faoi mhodúl úr Chlár Scoileanna na nGardaí agus na himeachtaí uile atá á mbeartú ag ár gcuid páirtithe leasmhara.

Mar is eol dúinn go léir, tá béim athnuaite á cur i mbliana ar chosaint daoine óga ar líne.

Agus mar fhreagra air sin, tá Webwise.ie agus SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas chun feachtas feasachta cibearbhulaíochta a sheoladh, a bheidh dírithe ar fhéachadóirí sna déaga a fheiceann cásanna bulaíochta ar líne.

Spreagfaidh an feachtas, Bí Aireach faoi do Spás: Fúinne Atá Sé, daltaí meánscoile gníomhú go dearfach nuair a thagann siad ar chibearbhulaíocht d’fhonn dlúthpháirtíocht a léiriú do na híospartaigh agus chun deireadh a chur le cibearbhulaíocht.

Seolfar an suíomh gréasáin go luath agus stiúrfaidh sé feachtas meán sóisialta. Tá leathanach Facebook agus fotha Twitter an fheachtais beo cheana féin.

Ceapadh an feachtas tar éis dul i gcomhairle go fairsing leis an bPainéal Comhairleach Óige de chuid Idirlíon níos Sábháilte, Éire, agus seolfaidh sé raon leideanna agus comhairle do dhaoine óga.

Tá gearrthóg físe dhearfach á cur le chéile freisin agus gheall saineolaithe agus eiseamláirí iomráiteacha a dtacaíocht don fheachtas.

Beidh ócáid seolta Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013 ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an Luan an 4 Feabhra, an lá roimh Lá oifigiúil na Sábháilteachta Idirlín, agus beidh an tAire Oideachais Ruairí Quinn i láthair.

Gheall eagraíochtaí ar nós RTÉ, Spin1038 FM, SpunOut, BelongTo agus cuid mhaith eagraíochtaí eile a dtacaíocht don fheachtas cheana féin.

Is féidir leatsa, mar thuismitheoir nó mar mhúinteoir, do thacaíocht a ghealladh don fheachtas freisin. Seol tvuít chugainn @watchyourspace nó chuig ár haischlib #Up2Us. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin tríd an táb “Inis Dúinn” ar saferinternetday.ie chun insint dúinn cad a dhéanfaidh tú ar Lá na Sábháilteachta Idirlín.

Tá sé in am againn go léir ár n-iarrachtaí a athdhíriú ar shábháilteacht na ndaoine óga ar líne a bhaint amach – ionas gur féidir leo taitneamh a bhaint as teicneolaíocht agus teicneolaíocht a ghabháil chucu saor ó riosca. Tá sé mar aidhm ag Lá na Sábháilteachta Idirlín i mbliana é sin a bhaint amach agus tá do thacaíocht ag teastáil chun fíordhifríocht a dhéanamh.