Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015: Cuimhnigh ar an dáta!

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015: Cuimhnigh ar an dáta!

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015

Sula dtugann tú do phleananna scoile chun críche, ná déan dearmad ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015.

Cathain a bheidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 ar siúl?

Ceiliúrfar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 timpeall na cruinne Dé Máirt, an 10 Feabhra 2015. Is é seo an 12ú huair a reáchtálfar an t-imeacht. Thosaigh sé amach mar thionscnamh de chuid an AE ach déantar é a cheiliúradh i níos mó ná 100 tír sa lá atá inniu ann.

Is é téama na bliana 2015, “Cruthóimid Idirlíon níos fearr le chéile”. Bainfear úsáid as na haischlibeanna #Up2Us agus #SID2015 chun feasacht ar an imeacht a mhúscailt ar líne.

Cad é Lá na Sábháilteachta Idirlín?

Is é cuspóir Lá na Sábháilteachta Idirlín feasacht a ardú ar an dóigh a dtig linn uile – páistí, daoine óga, tuismitheoirí agus caomhnóirí, múinteoirí, earnáil na tionsclaíochta, polaiteoirí agus an lucht déanta cinntí – cúnamh a thabhairt chun Idirlíon níos fearr a chruthú. Baintear sochar as an lá áirithe seo chun úsáid níos sábháilte agus níos freagraí as teicneolaíocht ar líne agus as gléasanna soghluaiste a chur chun cinn, go háirithe i measc páistí agus déagóirí.

Déanann Webwise agus SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas comóradh Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn a chomhordú agus a chur chun cinn.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/09/SID-2015-flyer.pdf”]

Download SID 2015 flyer

Cad a tharla in 2014?

Ba éard a bhí i gceist le hócáid seolta Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 in Éirinn ná an t-aos óg a chumasú chun dul i ngleic le cibearbhulaíocht ina bpobail áitiúla. In éineacht le hÓgphainéal Webwise, rinne Webwise forbairt ar Phaca Frithbhulaíochta #Up2Us agus ar fheachtas na meán sóisialta. Rinne an tAire Oideachais iad sin a sheoladh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014.

Reáchtáladh anrud imeachtaí eile ar fud na tíre chun an lá a cheiliúradh, mar shampla feachtais físeán agus phóstaer, seimineáir Ghréasáin agus tionscnaimh phiaroideachais. Breathnaigh ar leathanach Lá na Sábháilteachta Idirlín chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid a bhí ar siúl.

Cad is féidir liom a dhéanamh le bheith páirteach i Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015?

Tá sonraí á dtabhairt chun críche faoi láthair le haghaidh ócáid ​​agus fheachtas Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015. Coinnigh súil ar an suíomh Idirlín seo agus ar chainéil na meán sóisialta dár gcuid chun sonraí a fháil faoin imeacht. Lena chois sin, beimid ag eisiúint gníomhaíochtaí agus acmhainní nuafhorbartha a d’fhéadfaí a úsáid chun an lá a cheiliúradh i gcuideachta do dhaltaí.

Idir an dá linn, b’fhéidir gurbh fhiú duit smaoineamh freisin ar na rudaí a d’fhéadfadh do scoil a dhéanamh chun an lá a cheiliúradh. Fúinne atá sé Idirlíon níos fearr a chruthú i ndeireadh na dála – #Up2Us!