Moladh d’Acmhainn Teagaisc Scoilnet

Moladh d’Acmhainn Teagaisc Scoilnet

MapaíScoilnet

Mhol an tAire Oideachais acmhainn nua iontach teagaisc. Tá sí ar fáil anois don uile mhúinteoir ar fud an Stáit.

Mapaí Scoilnet, atá ina liostáil idirghníomhach de mhapaí digiteacha agus de ghrianghraif ardchaighdeáin ón aer de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, ar fáil saor in aisce don uile scoil ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna.

Roimhe seo, ní raibh ach meánscoileanna in ann tairbhe a bhaint as an tseirbhís

Anois, áfach, beidh de bhreis ar 4,000 bunscoil agus meánscoil ábalta an uirlis a úsáid chun cuidiú leo ábhair ar nós Matamaitice, Staire agus Tíreolaíochta, a fhoghlaim.

Rinneadh an acmhainn a fhorbairt mar chomhoibriú idir Scoilnet, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, agus an tAonad um Pleanáil chun Cinn sa Roinn Oideachais. Suíomh Idirlín idirghníomhach tarraingteach atá inti a thugann beocht do na mapaí.

Tá sí slán sábháilte agus oireann sí do dhaltaí de gach aois.

Mhol an tAire Oideachais  Ruairí Quinn an tionscadal nuair a labhair sé an tseachtain seo:

“De thoradh an tsuímh Idirlín seo, beidh páistí de gach aois in ann teacht ar an acmhainn den scoth seo le mapaí a théann siar chuig an mbliain 1829, íomhánna satailíte, sraitheanna d’fhaisnéis gheografach, grianghraif ón aer agus mórán uirlisí eile idirghníomhacha, a fheiceáil. Ba chóir go mbeadh sé seo ina ábhar spraoi agus go gcuirfeadh sé leis an bhfoghlaim.”

 

Tags: