Níl Uirlisí Tuairiscithe Idirlín Éifeachtach go Leor ? Staidéar Eorpach

Níl Uirlisí Tuairiscithe Idirlín Éifeachtach go Leor ? Staidéar Eorpach

Dar le staidéar nua a rinneadh ar fud na hEorpa, is annamh a lorgaíonn páistí cabhair ó na huirlisí tuairiscithe atá ar an Idirlíon faoi láthair.

Arna éascú in Éirinn ag lucht taighde Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, cuireadh in iúl sa tionscadal “I dTreo Idirlín níos fearr do Pháistí” de chuid Pháistí an AE ar Líne (‘EU Kids Online’), nár thuairiscigh ach 13% de pháistí san Eoraip rud a chuir as dóibh ar líne. Níor bhain ach páiste amháin as gach cúigear páistí Éireannacha leas as na huirlisí seo.

Tugtar le tuiscint sa tuarascáil go bhfaca páiste amháin as gach ceathrar páistí in Éirinn ábhar contúirteach ar an Idirlíon, macasamhail suíomhanna gréasáin a chuireann anoireicse agus modhanna féinmharaithe chun cinn.

Tá ábhar contúirteach ar an Idirlíon feicthe ag an gceathrú cuid de pháistí na hÉireann

In ainneoin iarrachtaí a dhéantar chun páistí a chosaint ó ábhar dochrach, mhaígh trian de na páistí a thuairiscigh an t-ábhar gur beag an mhaitheas atá ag uirlisí tuairiscithe a chuireann cuideachtaí agus soláthróirí Idirlín ar fáil.

Tógtar na figiúirí as staidéar uile-Eorpach ina ndearnadh suirbhé ar 25,000 páiste agus tuismitheoir i 25 tír. Fuarthas maoiniú don staidéar ón gClár um Idirlíon níos Sábháilte de chuid an CE. Tá na torthaí bunaithe ar agallamh duine le duine le sampla srathaithe randamach de 1,000 páiste Éireannach ina mbaile féin, i dteannta tuismitheora nó caomhnóra.

Tá an Dr Brian O’Neill, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, freagrach as as suirbhé in Éirinn. Dhearbhaigh sé go gcaithfidh an tionscal i bhfad níos mó a dhéanamh d’fhonn páistí a chosaint.

“D’iarr Neelie Kroes, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um an gClár Oibre Digiteach, ar Chomhghuaillíocht CEO de na príomhchuideachtaí Idirlín rud éigin a dhéanamh faoi seo agus teacht ar réitigh níos fearr. Creidimid go leagann na torthaí seo béim ar a thábhachtaí atá an tasc sin. Is léir nach bhfuil aon mhaitheas sa chur chuige reatha.”

Tugtar le fios sa staidéar freisin gurb iad tuismitheoirí na hÉireann an dream is fearr san Eoraip i ndáil le monatóireacht a dhéanamh ar na suíomhanna gréasáin a n-amharcann a bpáistí orthu. Fuarthas amach go n-admhaíonn de bhreis ar leath na dtuismitheoirí Éireannacha go ndéanann siad monatóireacht ar úsáid a bpáistí as an Idirlíon.

D’inis 51% de thuismitheoirí Éireannacha don lucht taighde go mbaineann siad leas as bogearraí monatóireachta nó go ndéanann siad seiceáil ar stair na leathanach Idirlín d’fhonn cuntas a choimeád ar na suíomhanna gréasáin a n-amharcann a bpáistí orthu.

Ba é 27% meánfhigiúr na hEorpa sa chatagóir seo. D’admhaigh 49% de thuismitheoirí na Ríochta Aontaithe, an dara figiúr ab airde a taifeadadh, go raibh siad sách fiosrach fosta.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/05/EUKidsOnlineTowardsBetterInternet.pdf”]

Tugtar nósanna imníocha na dtuismitheoirí Éireannacha, atá i mbun athrú ollmhór faoi láthair, le fios sa tuarascáil freisin. San am i láthair, tá níos mó tuismitheoirí Éireannacha buartha faoina bhfuil ar bun ag a bpáistí ar líne ná mar atá siad faoin aos óg ag ól, ag glacadh drugaí nó tarraingt aird na nGardaí.

Dúirt 34% de na tuismitheoirí leis an lucht taighde go bhfuil imní orthu go ndéanfaidh strainséir teagmháil lena bpáistí ar líne. Dúirt 35% díobh go bhfuil faitíos orthu go bhféadfadh a bpáistí suíomhanna Idirlín míchuí a fheiceáil.

Níor mhaígh ach 16% díobh go bhfuil níos mó imní orthu faoina bpáistí ag ól barraíocht nó ag glacadh drugaí. Bhí 12% de na tuismitheoirí buartha go ndíreodh a bpáistí aird na nGardaí.

Dúirt Simon Grehan, an tOifigeach um Shábháilteacht Idirlín san Ionad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas, gur cheart do thuismitheoirí na hÉireann díriú ar neartú na muiníne atá acu as a bpáistí ar an Idirlíon.

“Baineann sé uile le muinín as do pháistí a neartú. Má spreagann tú iad labhairt leat faoin úsáid a bhaineann siad as an Idirlíon agus má thaiscéalann sibh an tIdirlíon le chéile, is dóchúla go roinnfidh siad a n-eispéiris leat,” ar sé.

“Níor chóir go mbeadh tuismitheoirí Éireannacha ródhian ar thaiscéaladh a bpáistí ar an Idirlíon. Ní iadsan is ciontaí i dtólamh má aimsíonn siad ábhar míchuí ar líne. Nuair a aontaíonn tú rialacha le do pháistí, áfach, agus nuair a spreagann tú iad a bheith cúramach le linn dóibh faisnéis phearsanta a nochtadh ar líne, cinnteoidh tú go bhfanfaidh siad sábháilte ar líne.”