Sábháilteacht agus an Baol do Pháistí ar an Idirlíon: Tuarascáil na hÉireann

Sábháilteacht agus an Baol do Pháistí ar an Idirlíon: Tuarascáil na hÉireann

MeetingOnlineFriendsOffline

Dar le suirbhé, baineann páistí in Éirinn úsáid fhreagrach as an Idirlíon agus as teicneolaíochtaí na bhfón póca

Mar a léiríodh sa tuarascáil “Risks and safety for children on the internet: the Ireland report”, tá páistí agus daoine óga in Éirinn orthu siúd is fearr, ar go leor bealaí, a bhaineann úsáid fhreagrach as an Idirlíon i gcomparáid lena macasamhla i dtíortha eile na hEorpa.

Tá céatadán na bpáistí in Éirinn a úsáideann an tIdirlíon sa bhaile i bhfad os cionn an mheánfhigiúir Eorpaigh (87% vs. 62%). Tá an scéal mórán mar an gcéanna ó thaobh teacht ar an Idirlíon ar scoil nó i gcoláiste (66% vs. 63%).

Is airde céatadán na bpáistí in Éirinn a úsáideann an tIdirlíon nuair a bhíonn siad amuigh ar a gcois freisin ná san Eoraip go ginearálta (21% vs. 9%) rud a léiríonn go bhfuil níos mó daoine ag teacht ar an Idirlíon go móibíleach le fóin chliste, le ríomhairí glúine agus le gléasanna láimhe eile.

Baineann 53% de pháistí úsáid as an Idirlíon gach lá nó beagnach gach lá. Is amhlaidh an scéal ag trí cheathrú díobh siúd atá 15-16 bliana d’aois. Tá sé sin beagáinín níos ísle ná an meán Eorpach (60%) ach i bhfad níos ísle ná an ráta úsáide laethúla de 80% a aimsítear i dTuaisceart na hEorpa agus i gCríoch Lochlann.

[gview file=”http://webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/Risks-and-Safety-for-Children-on-the-Internet-the-Ireland-Report-1.pdf”]

Mar an gcéanna, caitheann páistí in Éirinn níos lú ama ar líne ná an meánmhéid Eorpach. Bíonn páistí in Éirinn ag caitheamh uair an chloig, geall leis, ar líne in aghaidh an lae (61 nóiméad). Caitheann páistí sa Ríocht Aontaithe a leathoiread níos mó ama ná sin ar líne (99 nóiméad in aghaidh an lae ar an meán).

Aisteach go leor, cé nach iad na páistí Éireannacha is mó a úsáideann an tIdirlíon san Eoraip, is iad is dóchúla a chuirfidh in iúl go bhfuil imní áirithe orthu faoi a bheith ag caitheamh an iomarca ama ar líne.

Dúirt thart ar 43% de pháistí in Éirinn, i gcomparáid le 30% san Eoraip i gcoitinne, go raibh gné éigin eile dá saol sóisialta nó teaghlaigh thíos leis an méid ama a chaith siad ar líne agus go raibh aiféala orthu faoi sin.

Ceann de na rudaí a bhí le sonrú go láidir sa suirbhé le Páistí an AE ar Líne ná go nglacann tuismitheoirí ar an iomlán céimeanna gníomhacha chun a bpáistí a choinneáil sábháilte ar líne. Déanann tromlach mór na dtuismitheoirí (91%) idirghabháil de shórt éigin san úsáid a bhaineann a bpáistí as an Idirlíon. Tá sé sin os cionn an mheánráta Eorpaigh de 87%.

Fanann an chuid is mó de thuismitheoirí (72%) gar dá bpáistí nuair a bhíonn siad ar an Idirlíon nó bíonn siad ag faire orthu á úsáid, go háirithe i gcás páistí óga.  Labhraíonn go leor tuismitheoirí lena bpáistí freisin faoin méid a bhíonn ar siúl acu ar líne (67% ar an iomlán agus 75% i gcás páistí óga).

Ní tuismitheoirí amháin atá freagrach as páistí a choinneáil sábháilte ar líne agus an chaoi a n-úsáideann siad an tIdirlíon a mhaoirsiú. Cuireann tromlach mór in iúl go mbíonn múinteoirí i mbun maoirseachta (87%), go háirithe ó thaobh rialacha a leagan síos (91%).  Is díol suntais é go ndúirt 68% de pháistí gur mhol a múinteoirí dóibh cén chaoi an tIdirlíon a úsáid go sábháilte.

Tá sé sin pas beag níos airde i gcás déagóirí ar an meánscoil. Tá sé sin i bhfad os cionn an mheánráta Eorpaigh de 58%. Dúirt 61% gur mhínigh a múinteoirí dóibh céard is drochshuíomh gréasáin nó dea-shuíomh gréasáin ann.  Tá 57% de pháistí tar éis cabhair a fháil nuair a bhraith siad go raibh rud éigin dúshlánach ar an Idirlíon.

Foilsíodh an suirbhé dar teideal “Risks and safety for children on the internet: the Ireland report” inniu chun comóradh a dhéanamh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín, ar cuid d’fheachtas domhanda é chun Idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn don uile úsáideoir, go háirithe an t-aos óg.

Is é an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE) a d’eagraigh an tionscnamh uile-Eorpach in Éirinn agus is é an suíomh gréasáin Webwise.ie, tionscnamh sábháilteachta Idirlín NCTE, a chuir chun cinn é.

Aimsíodh an méid seo a leanas sa suirbhé:

•    Baineann 87% de pháistí Éireannacha úsáid as an Idirlíon sa bhaile sa seomra suite nó i seomra coiteann eile, ráta atá i bhfad os cionn an mheáin Eorpaigh (62%).

•    Dúirt 45% de fhreagróirí gur chaith siad níos lú ama ná is cóir le cairde, leis an teaghlach nó ag déanamh obair bhaile mar gheall ar an méid ama a bhí siad ar líne. Tá sé sín píosa suntasach os cionn an leibhéil Eorpaigh de 35%. Tá an oiread céanna daoine, geall leis, i ndiaidh iarracht a dhéanamh níos lú ama a chaitheamh ar an Idirlíon ach theip orthu toisc gur bhraith siad trína chéile nuair nach raibh teacht acu air.