Seolann an tAire Oideachais an acmhainn teagaisc #Up2Us

Seolann an tAire Oideachais an acmhainn teagaisc #Up2Us

Lá na Sábháilteachta Idirlín

Sheol an tAire Oideachais Ruairí Quinn paca uirlisí agus feachtas frithbhulaíochta #Up2Us i dtús na míosa seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionscnamh domhanda sábháilteachta ar líne, Lá na Sábháilteachta Idirlín.

Ag labhairt leo siúd a tháinig le chéile ag Ionad Ché an Adhmaid i mBaile Átha Cliath, ina raibh Ógphainéal Webwise agus daltaí as scoileanna ar fud na tíre, dúirt an tAire Quinn gur uirlis thábhachtach a bheadh san acmhainn teagaisc do mhúinteoirí le dul i ngleic leis an tsábháilteacht ar líne.

“Tabharfaidh an acmhainn oideachais nuálach seo tacaíocht d’iarrachtaí scoileanna cur in aghaidh na bulaíochta trí chultúr dearfach a fhorbairt agus a chothú a bheidh bunaithe ar chuimsiú agus ar mheas, i scoileanna agus sna pobail ar líne araon ina mbíonn páistí ag caitheamh ama,” a dúirt sé.

“Is éard atá i gceist le cleachtas éifeachtach ná bearta a fhéachann le gach gné den bhulaíocht a chosc agus feasacht a ardú ina dtaobh chomh maith le straitéisí a thugann ar dhaltaí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna nuair a thagann siad aníos. Ní foláir do na straitéisí sin díriú go háirithe ar an ionbhá, an meas agus an teacht aniar a chothú i ndaltaí.”

Seolann Gavin James, amhránaí is scríbhneoir a bhfuil duaiseanna buaite aige, comórtas spreagúil do scoileanna le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014

Is é téama Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 “Cruthóimid Idirlíon níos Fearr le Chéile”. In Éirinn, díreofar ar theagmháil a dhéanamh le daoine óga agus iad a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar cheist na cibearbhulaíochta iad féin trí bheith i gceannas ar fheachtais ardaithe feasachta ina gclubanna, ina scoileanna agus ina bpobail.

“Páiste ar bith a bhfuil gléas móibíleach aige, tá sé ar an Idirlíon agus oscailte do gach uile rud atá ann, pé maith nó olc é, an chibearbhulaíocht san áireamh,” a dúirt an tUasal Quinn freisin. “Ní mór dúinn a bheith feasach air sin. Bhí an bhulaíocht riamh ann. Ach tá cuma úr anois uirthi sa chaoi gur féidir a bheith i ngreim aici 24/7.”

Labhair baill d’Ógphainéal Webwise freisin leo siúd a d’fhreastail ar an imeacht, ag cur a dtuairimí féin in iúl faoi Idirlíon a bheadh níos sábháilte do chách.

Sheol Richard O’Connor, ealaíontóir a dhíríonn ar an bhfocal labhartha, gearrthóg físeáin ag tacú leis an bhfeachtas agus sheinn Gavin James, amhránaí is scríbhneoir.

[youtube id=”THgcs8E2JXg”]

D’fhonn Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014 a cheiliúradh, sheol taighdeoirí ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath an tuarascáil ‘Net Kids Go Mobile’.

Brian O’Neill agus Thuy Dinh a rinne an staidéar inar aimsíodh go bhfuil páiste amháin as gach cúigear in Éirinn tar éis teacht ar rud éigin ar líne a chuir as dóibh le bliain anuas agus go ndearnadh bulaíocht trí shuíomh líonraithe shóisialta ar pháiste amháin as gach ochtar atá idir 13 agus 14 bliana d’aois.

Aimsíodh freisin gur thuairiscigh 20% díobh siúd atá idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois go bhfaca nó gur léigh siad rud éigin ar líne a d’fhág “míchompordach nó trína chéile iad nó ag ceapadh nár chóir go mbeadh sé feicthe acu” – sin beagnach a dhá oiread níos mó ná an céatadán a aimsíodh i staidéar sa bhliain 2011.

FAIGH PACA UIRLISÍ FRITHBHULAÍOCHTA #UP2US