Seoltar Taisceadáin chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 a chomóradh

Seoltar Taisceadáin chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 a chomóradh

Seoltar Taisceadáin

Seoltar Taisceadáin chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 a chomóradh

Seoladh acmhainn nua do scoileanna ar ghnéastéacsáil chun comóradh a dhéanamh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016. Is acmhainn faisnéise agus oideachais é Taisceadáin. Cuidíonn sé le scoileanna chun déileáil le heachtraí ina ndéantar íomhánna gáirsiúla de mhionaoisigh a chruthaigh siad féin a roinnt agus iad a chosc.
Is é
Taisceadáin an chéad acmhainn oideachais dá chineál in Éirinn a théann i ngleic le hábhar leochaileach na gnéastéacsála.

Is acmhainn OSPS na Sraithe Sóisearaí é Taisceadáin faoi chomhroinnt neamhthoilteanach íomhánna dlúthphearsanta

Tá sé le húsáid i gcomhar le ranganna OSPS na Sraithe Sóisearaí, agus tá tacaíocht ag an acmhainn oideachais ó dhá bheochan nuafhorbartha agus ó shé cinn de phleananna ceachta. Forbraíodh Taisceadáin chun tacú le scoileanna agus iad ag dul i ngleic leis an tsaincheist a bhaineann le comhroinnt neamhthoilteanach íomhánna dlúthphearsanta (ar a dtugtar ‘pornagrafaíocht díoltais’ uaireanta), i gcomhthéacs an ranga OSPS.

Seoltar Taisceadáin

Tá sé i gceist san acmhainn comhbhá, ómós agus teacht aniar a chothú i measc daoine óga agus cuidiú leo na hiarmhairtí a bhíonn lena ngníomhaíochtaí a thuiscint.

Dírítear ceachtanna go sonrach ar na dlíthe maidir le gnéastéacsáil, ar an mbrú piarghrúpa agus steiréitíopáil a chuireann le comhroinnt neamhthoilteanach agus conas is féidir le scoláirí cúnamh a fháil nuair a tharlaíonn cásanna de chomhroinnt neamhthoilteanach. Déantar iniúchadh i gceann de na ceachtanna freisin ar eachtraí ina gcuirtear an milleán ar an íospartach, tríd an mbeochan For Your Eyes Only agus trí shliocht ó leabhar sárdhíola Louise O’Neill, Asking For It.

Tá bileoga oibre difreáilte san acmhainn freisin. Ciallaíonn sé sin gur féidir an acmhainn a chur in oiriúint go héasca le húsáid le scoláirí a bhfuil cumais éagsúla acu agus riachtanais foghlama éagsúla.

Tá rannán faisnéise do phríomhoidí i dTaisceadáin

Tá rannán faisnéise do cheannairí scoile mar chuid den acmhainn freisin. Tugann an rannán seo ina bhfuil 25 leathanach treoir do phríomhoidí ar an gcomhthéacs maidir le gnéastéacsáil i measc daoine óga, na dlíthe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm nuair a tharlaíonn gnéastéacsáil faoi aois agus na himpleachtaí do bheartas scoile. Tugtar cuntas freisin ar rudaí nach mór do scoileanna a chur san áireamh agus iad ag déileáil le heachtraí gnéastéacsála.

Tá an acmhainn ar fáil, saor in aisce, do gach scoil

Is é Webwise a tháirg Taisceadáin, i gcomhar leis an tSeirbhís Tacaíochta d’Oideachas Speisialta, an Chigireacht sa Roinn Oideachais agus Scileanna, Clár um Thoirchis Ghéarchéime Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Pauline Walley SC, Brian Hallissey BL, agus an Garda Síochána. Is féidir an acmhainn a íoslódáil anseo agus is féidir cruachóipeanna den acmhainn a ordú, saor in aisce.