Tuarascáil Pháistí an AE ar Líne maidir leis an Líonrú Sóisialta

Tuarascáil Pháistí an AE ar Líne maidir leis an Líonrú Sóisialta

Bíonn líon mór páistí faoi aois ag cruthú próifílí ar shuíomhanna líonraithe shóisialta dála Facebook agus is sárú é sin ar Théarmaí agus Coinníollacha Seirbhíse na suíomhanna sin, dar le Tuarascáil 2010 Pháistí an AE ar Líne.

Tugtar na nithe seo a leanas le fios sa tuarascáil dar teideal ‘Social Networking, Age and Privacy’:

“Baineann 38 faoin gcéad de pháistí idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois úsáid as suíomhanna líonraithe shóisialta agus tá próifíl Facebook ag duine amháin as gach cúigear acu sin in ainneoin go socraíonn an líonra go gcaithfear a bheith 13 bliana d’aois ar a laghad le clárú ann.”

Bíonn daoine óga ag dul sa seans ar líne

Dar leis na taighdeoirí a rinne suirbhé Pháistí an AE ar Líne, inar ceistíodh 25,000 duine óg ar fud na hEorpa, níl teorainneacha aoise éifeachtach ach go pointe.

Aimsíodh sa staidéar go bhfuil méadú ag teacht ar an líon páistí a bhíonn ag dul sa seans ar líne.

Tá próifíl phoiblí socraithe ag an gceathrú cuid de pháistí atá ar shuíomhanna líonraithe shóisialta. Tá seoladh baile agus/nó uimhir theileafóin ar taispeáint ag an gcúigiú cuid díobh siúd a bhfuil próifíl phoiblí acu, líon atá dhá oiread níos mó ná i gcás páistí a bhfuil próifíl phríobháideach acu.

Is í an tOllamh Sonia Livingstone as Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitiúla Londan a stiúrann an tionscadal. Dúirt sí:

“Tá sé soiléir go bhfuil páistí ag dul i dtreo Facebook – is é sin an suíomh is mó úsáid anois é i 17 gcinn de na 25 tír ina ndearnamar suirbhé. Déanann go leor soláthraithe iarracht aoisteorainn úsáide, 13 bliana nó níos sine, a chur i bhfeidhm ach is léir dúinn nach bhfuil ag éirí leo.”

Dá óige na páistí, is ea is dóchúla nach mbeidh siad in ann na Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide a léamh ná iad a thuiscint.

Níl sé chomh dóchúil céanna go mbainfidh páistí óga úsáid as socruithe príobháideachais ná go dtuigfidh siad céard iad na gnéithe sábháilteachta atá ann ná cén chaoi iad a chur i bhfeidhm.

Iad siúd a thugann eolas bréige nuair a chláraíonn siad cuntas agus a ligeann orthu go bhfuil siad os cionn 18 mbliana d’aois, beidh “Cuntas Duine Fásta” acu ar Facebook agus beidh sé le feiceáil go poiblí mar réamhshocrú. Tugtar “Cuntas Mionaoisigh” áfach do dhéagóirí (idir 13 bliana agus 18 mbliana d’aois) a insíonn go fírinneach cén aois iad nuair a chláraíonn siad. Beidh cuntas mionaoisigh socraithe chuig “Cairde Amháin” mar réamhshocrú.

Sna 25 tír Eorpach ina ndearnadh an suirbhé, chuir 57% de pháistí (idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois) in iúl gurb é Facebook an t-aon suíomh líonraithe shóisialta amháin a úsáideann siad nó an ceann is minice a úsáideann siad. Is amhlaidh an scéal le 98% de pháistí sa Chipir, ach ní fíor é ach i gcás 2% díobh siúd sa Pholainn.

Tá bearta cosanta níos fearr de dhíth

[gview file=”http://webwise.nevada.ie/wp-content/uploads/2014/06/ShortSNS.pdf”]
De bharr na dtorthaí sin tá ceist ann faoi aoisteorainneacha a bhaint de shuíomhanna líonraithe shóisialta.

Dúirt Elisabeth Staksrud ó Ollscoil Osló, duine d’údair na tuarascála, go mb’fhéidir gurb in é an chaoi is éifeachtaí an tsábháilteacht ar líne a fheabhsú.

Dar léi, tá de thoradh na n-aoisteorainneacha go dtugann siad ar pháistí óga dul i mbun an líonraithe shóisialta faoi rún:

“Ós minic a insíonn páistí bréag faoina n-aois le dul isteach i suíomhanna ‘coiscthe’, ba phraiticiúla na húsáideoirí óga sin a aithint agus bearta cosanta a bheadh furasta le húsáid a dhíriú orthu. Dá gcuirfí deireadh le haoisteorainneacha, áfach, glacaimid leis go bhféadfadh méadú mór teacht ar an líon daoine a úsáideann na suíomhanna.”

“Cairde” Liom ar Líne?

I measc thorthaí eile an tsuirbhé, aimsíodh go bhfuil 100 teagmhálaí ar líne ar a laghad ag aon séú de pháistí atá idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois agus ag aon trian díobh siúd idir 13 bliana agus 16 bliana d’aois.

Bíonn thart ar aon cheathrú d’úsáideoirí suíomhanna líonraithe shóisialta i mbun teagmhála leo siúd nach bhfuil aithne acu orthu as líne, lena n-áirítear aon chúigiú de pháistí idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois thar raon na suíomhanna sin go léir (chomh maith le haon cheathrú d’úsáideoirí Facebook níos óige).

Léirítear an méid seo a leanas sa tuarascáil freisin:

  • Tá an-tóir ag páistí na hEorpa ar shuíomhanna líonraithe shóisialta: Tá próifíl ag 38% díobh siúd idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois agus ag 77% díobh siúd idir 13 bliana agus 16 bliana d’aois.
  • Bíonn Facebook á úsáid ag aon trian d’úsáideoirí Idirlín idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois.
  • Tá próifíl Facebook ag duine as gach cúigear páistí idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois, nó ceathrar as gach deichniúr i dtíortha áirithe.
  • Níl aoisteorainneacha éifeachtach ach go pointe, cé go bhfuil difríochtaí móra eatarthu de réir tíre agus suíomh líonraithe shóisialta.
  • Is dóchúla go mbeidh próifíl ‘phoiblí’ ag páistí óga ná ag páistí níos sine. Tá próifíl phoiblí socraithe ag an gceathrú cuid díobh siúd atá idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois agus atá ar shuíomhanna líonraithe shóisialta.
  • Nuair a chuireann tuismitheoirí na rialacha a dhéanann siad faoi úsáid na suíomhanna líonraithe shóisialta i bhfeidhm, tá siad éifeachtach go pointe, go háirithe i gcás páistí óga.
  • Tá seoladh baile agus/nó uimhir theileafóin ar taispeáint ag an gcúigiú cuid de pháistí a bhfuil próifíl phoiblí acu, líon atá dhá oiread níos mó ná i gcás páistí a bhfuil próifíl phríobháideach acu.
  • Níl tuiscint mhaith ag mórán páistí óga ná ag roinnt páistí níos sine ar na gnéithe sábháilteachta atá ceaptha iad a chosaint ar úsáideoirí eile más gá.