CAD IS POLASAÍ ÚSÁIDE INGHLACTHA ANN?

Doiciméad tábhachtach is ea an Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) a rialaíonn an úsáid a bhaineann scoláirí as an Idirlíon ar scoil agus a chlúdaíonn réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le cearta, freagrachtaí agus pribhléidí – chomh maith le smachtbhannaí – a bhaineann le húsáid ríomhairí. Bíonn doiciméad uathúil beartais ag gach scoil go ginearálta, a chuireann múinteoirí le chéile i gcomhar leis an lucht bainistíochta agus ina bhfuil comhairliúchán le páirtithe leasmhara eile ar nós daltaí agus tuismitheoirí.

TEIMPLÉAD AUP

Tá sé ríthábhachtach go gcruthófaí Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) i gcomhair do scoile. D’fhorbair an fhoireann ag Webwise Teimpléad do Pholasaí Úsáide Inghlactha ar féidir le gach scoil úsáid a bhaint as saor in aisce. Tugann ár dteimpléad deis duit Polasaí Úsáide Inghlactha a shaincheapadh go héasca bunaithe ar riachtanais do scoile. Sula dtosóimid molaimid duit an fhaisnéis bhreise thíos a léamh.