Aipeanna: mínithe

Aipeanna: mínithe

Apple iPhone ar a bhfuil Aipeanna Meán Sóisialta

An bhfuil Aip ar fáil dó sin?

Beidh ar an tuismitheoir na huirlisí sábháilteachta a ghníomhachtú.

Deirtear linn go bhfuil Aip ann do gach rud beagnach, ach an raibh a fhios agat go bhfuil Aipeanna Scagaire Teaghlaigh ann chun do pháiste a choinneáil slán ar líne?  Cé go bhfuil uirlisí fón póca agus uirlisí ar líne ann ar nós Rialúcháin Tuismitheoirí, Cuardach Sábháilte Google agus Mód Sábháilteachta YouTube, b’fhéidir nach bhfuil siad go hiomlán éifeachtach agus, ar ndóigh, níl siad níos fearr ná maoirseacht na dtuismitheoirí féin.

Ar eagla nach bhfuil tú ar an eolas faoin méid seo a leanas, ní mór don tuismitheoir gach ceann de na huirlisí sábháilteachta a ghníomhachtú ar gach gléas a bhfuil cumas Idirlín aige a úsáideann an páiste le dul ar líne, toisc nach bhfaightear na huirlisí agus iad réamhshocraithe mar sin, go fóill.

Ciallaíonn ‘Aipeanna’ na feidhmchlár a úsáidtear ar fhóin chliste, ar ríomhairí nó ar tháibléid.  Píosaí bogearraí iad ar féidir le páiste iad a íoslódáil chun oibriú ar fhón póca, ar ríomhaire pearsanta, agus ar ghléasanna eile a bhfuil cumas Idirlín acu, ar nós iPad nó táibléid eile.  Tá na mílte Aip ar fáil anois ó Shiopaí Aipeanna éagsúla ar líne, fearacht Shiopa Aipeanna Apple iTunes nó Mhargadh Android.   Íoslódáladh de bhreis ar 18 billiún earra ó Shiopa Aipeanna Apple go dtí seo, agus íocadh $3 billiún le lucht forbartha Aipeanna.

Aipeanna agus páistí

Ní oireann gach Aip do pháistí.

Tá anrud Aipeanna á dtáirgeadh faoi choinne teaghlach. Chomh maith le hAipeanna siamsaíochta agus Aipeanna cluichí, tá mórán Aipeanna oideachais ann a chuidíonn le páistí leis an léamh, leis an scríobh agus leis an gcruthaitheacht. Níl gach Aip ceaptha le haghaidh páistí ná ní oireann gach Aip dóibh ach oiread.

Aip oiriúnach?

Agus tú i do thuismitheoir, beidh ort na hAipeanna a íoslódálann do pháistí óga a sheiceáil. Tá ábhar foréigneach, ábhar pornagrafach agus ábhar do dhaoine fásta amháin ar an Idirlíon a bheidh tú ag iarraidh a chosc ar fhón póca agus ar chonsól cluichí do pháiste. Ní mór do thuismitheoirí a chinntiú nach mbíonn fáil ag a bpáistí ach ar Aipeanna agus ar ábhar a oireann dá n-aois agus dá n-aibíocht.

Ligeann Aipeanna Láithreach d’úsáideoirí fón cliste an áit ina bhfuil siad a phostáil. Cé go mb’fhéidir go mbíonn spraoi ag daoine fásta le hAipeanna geoshuímh macasamhail Foursquare nó an 20 Aip geoláithreach eile atá ar fáil, moltar do thuismitheoir machnamh a dhéanamh ar oiriúnacht na nAipeanna seo dá bpáistí toisc go gcuireann siad ar a gcumas ‘seiceáil isteach’ i bhfíor-am ar líne agus a láthair fhisiciúil a phostáil le go bhfeicfí an domhan mór é.  Saincheist é an príobháideachas go fóill i gcás roinnt Aipeanna ar nós Foursquare, ina dtaispeántar grianghraif na n-úsáideoirí ar an leathanach baile.

Cé a íocann as an Aip?

Cé go bhfuil go leor de na hAipeanna saor in aisce, níl siad uile saor in aisce. Beidh ort labhairt le do pháistí faoi na costais a d’fhéadfadh a bheith i gceist le híoslódáil Aipe. Conas a íocfaidh siad as na hAipeanna a íoslódálann siad?  I measc na modhanna íocaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá cuntas iTunes, cuntais PayPal, cárta creidmheasa nó cárta dochair.

Costais bhreise nó costais fholaithe Aipeanna

D’fhéadfadh
costais bhreise nó costais fholaithe
a bheith i gceist toisc go ngabhann costais san Aip féin nó costais fógraíochta le roinnt Aipeanna; ní i gcónaí a bhíonn siad saor in aisce in ainneoin go mbíonn an chuma sin ar an scéal corruair.  Beidh costais san Aip féin i gceist má ligeann an Aip duit seirbhísí nó ábhar breise a cheannach laistigh den fheidhmchlár.

Seo a leanas roinnt samplaí de cheannacháin san Aip féin:

  • Slaitín draíochta a thugann cumhachtaí breise duit i gcluiche
  • Eochair a bhaineann an glas de na gnéithe breise i bhfeidhmchlár saor in aisce
  • Airgeadra fíorúil is féidir a úsáid i bhfeidhmchlár

Tugann Margadh Android de chuid Google le fios nach ionann ceannacháin san Aip agus ceannacháin eile ó Mhargadh Android ar roinnt bealaí:

  • Níl aon fhuinneog thrialach ann.
  • Tá gach aisíocaíocht faoi rogha an fhorbróra.
  • Beidh ort féin nó do pháiste déileáil go díreach leis an bhforbróir a cheap an Aip mura n-oibríonn sí nó má bhíonn fadhb ann maidir le costais agus táillí.
  • Tá an fhreagracht ar an bhforbróir as ceannacháin ‘San Aip’ a athbhunú.

Aipeanna iad ‘Aipeanna Síorcheangailte’ a thabhaíonn costais bhreise má bhíonn an Aip nasctha leis an Idirlíon seachas a bheith ar siúl go neamhspleách. Nuair a bhíonn a leithéid d’Aip ar siúl, gearrfaidh do sholáthróir fón póca táille ort de réir an chomhaontaithe a rinne tú leis maidir le pacáiste sonraí. Sampla den chineál seo Aipe í Aip nuachta a fhothaíonn an nuacht is déanaí ón Idirlíon chuig d’fhón póca.

Ionad Sábháilteacht Teaghlaigh Google

Tá sé mar aidhm ag Google uirlisí a thabhairt do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí le cuidiú leo an t-ábhar is féidir lena bpáistí a fheiceáil ar líne a roghnú, agus le leideanna agus comhairle a thabhairt do theaghlaigh faoin dóigh le fanacht slán ar líne.

Molann Google do thuismitheoirí Cuardach Sábháilte a shuiteáil ar fhón cliste nó ar ríomhaire ar bith a mbaineann páiste úsáid astu. Maidir le YouTube, molann siad Mód Sábháilteachta YouTube a ghníomhachtú agus meabhraíonn siad do thuismitheoirí “nach bhfuil YouTube oiriúnach do pháistí atá níos óige ná 13 bliana d’aois”.

Leideanna do Thuismitheoirí faoi Aipeanna

  • Cuir Rialúcháin Tuismitheoirí agus Scagairí Aipeanna i bhfeidhm ar an uile fhón póca agus ar an uile ghléas a bhfuil cumas Idirlín acu a mbaineann páistí óga úsáid astu.
  • Labhair le do pháistí faoi na hAipeanna a íoslódálann siad.
  • Labhair le do pháistí faoi na costais a bhaineann le fón póca agus le pacáiste sonraí.
  • Faigh amach faoi na Rialúcháin Tuismitheoirí agus faoin gComhairle Sábháilteachta a chuireann soláthróir fón póca ar fáil nuair a cheannaíonn tú sás láimhe nó bogearraí do do pháiste.
  • Iarr ar sholáthróirí seirbhíse gléasanna agus seirbhísí a shocrú go “Príobháideach de réir réamhshocrú” ionas go mbeidh “liostáil roghnach” mar an réamhshocrú. Nuair a bhíonn socruithe cosanta páiste mar an réamhshocrú, déanfar socruithe príobháideachais agus sábháilteachta a lódáil go huathoibríoch go gléasanna. Dá thoradh sin, ní chaithfidh an tuismitheoir iad a chuardach nó foghlaim faoin gcaoi chun iad a íoslódáil.