An Chibearbhulaíocht – labhair le Líne Chabhrach na Leanaí

An Chibearbhulaíocht – labhair le Líne Chabhrach na Leanaí

Páiste ina aonar ar an teileafón...AYY4F4 Páiste ina aonar ar an teileafón

An rud is ceart duit a dhéanamh má tá tú i ngreim ag an mbulaíocht ar líne

Léiríonn suirbhé Pháistí an AE ar Líne go mbíonn 4% de pháistí in Éirinn atá idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois i ngreim ag iompar bulaíochta nó ciaptha de shórt éigin ar líne.

Níl sé sin ceart ná cóir agus ní gá do dhaoine óga a bheith ag fulaingt go ciúin.

Tá cabhair ar fáil: Tugann Líne Chabhrach na Leanaí cabhair agus tacaíocht, ar líne agus ar an nguthán, dóibh siúd atá ina n-íospartaigh bulaíochta.

Tá cabhair ann

[youtube id=”FBgxziSvsVE”]

Tá sé de cheart ag gach duine óg a bheith sábháilte agus in ann é a thuairisciú má tá siad i ngreim ag an mbulaíocht ar scoil nó ar líne.

Ach ní hiad na híospartaigh bulaíochta iad féin amháin is féidir labhairt le Líne Chabhrach na Leanaí.

Má tá daoine óga ag déanamh imní faoi chara atá i ngreim ag an mbulaíocht, nó má tá cásanna cibearbhulaíochta feicthe acu, féadfaidh siad labhairt le Líne Chabhrach na Leanaí ina thaobh, cuma céard atá ag tarlú.

Mura bhfuil daoine óga réidh go fóill labhairt le tuismitheoir nó le múinteoir faoin mbulaíocht atá siad a fhulaingt, féadfaidh siad labhairt le Líne Chabhrach na Leanaí agus cabhair a fháil faoi rún.

Giorraíonn beirt bóthar, agus i ndáiríre tá sé mar an gcéanna le fadhb.

Modhanna teagmhála le Líne Chabhrach na Leanaí

Seol an téacs “talk” chuig 50101, glaoigh ar 1800 66 66 66 nó labhair leo ar líne ag childline.ie