Bí Aireach faoi do Spás: Comhairle na bhFéachadóirí

Bí Aireach faoi do Spás: Comhairle na bhFéachadóirí

 Foireann

Tá feachtas Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013 dírithe ar fhéachadóirí sna déaga a fheiceann cásanna bulaíochta ar líne.

Is é an aidhm atá leis daoine óga a spreagadh chun gníomhú go dearfach d’fhonn tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú d’íospartaigh bulaíochta ar líne.

D’fhonn cabhrú leo, chuir saineolaithe an méid seo a leanas le chéile.

Mar sin, má bhíonn tú – mar thuismitheoir nó mar mhúinteoir – i dteagmháil le duine óg ar mian leis cabhrú le híospartach bulaíochta ar líne, seo a leanas an chomhairle thábhachtach atá le tabhairt dó.

  • Bí aireach: An bulaíocht í nó an nathaíocht í? Gan comharthaíocht choirp agus gothaí gnúise a bheith ann, is minic a bhíonn sé deacair an difríocht idir bulaíocht agus nathaíocht a aithint. D’fhéadfadh rud a bhí beartaithe le bheith mar nathaíocht stuaic a chur ar dhuine go minic, agus a mhalairt de dhóigh. Má fheiceann tú rud éigin ar scáileán a d’fhéadfadh muinín a bhaint as duine nó duine a chur trí chéile, seans nach raibh sé ar intinn ag an duine a scríobh é go mbeadh sé chomh dochrach sin.
  • Iarr Cabhair: Iarr cabhair. Bíonn sé níos éasca má mar a dhealraíonn sé. Má fheiceann tú duine éigin atá uaigneach nó atá ag streachailt, is féidir leat difríocht a dhéanamh ach iad a threorú chuig roinnt eagraíochtaí maithe a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil. Caith súil ar WatchYourSpace.ie le haghaidh cuid mhór naisc úsáideacha chuig grúpaí ar nós Aware, Bodywhys, Líne Chabhrach na Leanaí, SpunOut, Headsup.ie, BeLong, na Samárach agus go leor grúpaí eile.
  • Tuairiscigh teagmhais: Cibé acu atá tú ar líne, sa bhaile, nó ar scoil, tá sé de fhreagracht ort teagmhais bhulaíochta a thuairisciú nuair a fheiceann tú iad. Seans nach mbeidh tú in ann é a réiteach i ngach cás, ach is féidir leat an rud ceart a dhéanamh i gcónaí – is é sin, an teagmhas a thuairisciú. Ar an gcéad dul síos, is féidir leat tuairisc a thabhairt do shuíomhanna gréasáin ar nós Twitter agus Facebook. Caitheann siad go dáiríre leis na tuairiscí seo, baineann siad rud ar bith atá maslach agus cuireann siad cuntais ar ceal nuair a thugtar neamhaird ar rabhaidh. Cuimhnigh nach nochtann siad aitheantas an duine a thugann an tuairisc in am ar bith. Is féidir leat rudaí eile a dhéanamh freisin. Tá modhanna chun teagmhais a thuairisciú i bhfeidhm i bhformhór na scoileanna agus na gclubanna. Faigh amach cad iad na modhanna sin agus bain úsáid astu nuair is gá duit. Ba chóir tuairisc a thabhairt do na Gardaí maidir le cásanna tromchúiseacha ina measann tú go bhfuil duine éigin i mbaol díobhála.
  • Inis do dhuine fásta faoi: Inis do dhuine a bhfuil muinín agat as faoi. Is é sin an chéad chéim is féidir a ghlacadh chun dul i ngleic le haon rud. Má ligeann cara rún leat, spreag é chun insint do dhuine fásta a bhfuil muinín aige as, ar nós tuismitheora, gaoil, carad nó múinteora. Cé gur duine fásta a chuireann deireadh le bulaíocht de ghnáth, ní féidir leo rud ar bith a dhéanamh gan do chabhair a fháil.
  • Teagaisc duit féin: Caith súil ar WatchYourSpace.ie le haghaidh físeáin teagaisc maidir le conas snapanna scáileáin a thógáil (scil a chabhróidh leat fianaise a fháil ar iompar cibearbhulaíochta), maidir le conas teagmhais a thuairisciú do shuíomhanna gréasáin oifigiúla agus le foghlaim faoi conas do phríobháideachas a chumrú. Chomh luath agus atá tú cleachta leis, is féidir leat a thaispeáint do dhuine eile conas é a dhéanamh.
  • Bí feasach faoi do roghanna: Tharraing daoine áirithe trioblóid orthu féin toisc gur chuir siad in iúl gur thaitin ábhar ar Facebook nó ar Tumblr leo, nó toisc gur roinn siad ábhar ar Facebook nó ar Tumblr nó go ndearna siad trácht air, nó toisc go ndearna siad teachtaireachtaí ó bhréagchuntais Twitter a leanúint agus a athbhíogaíl. Cuimhnigh go bhfuil roghanna agat, ná cuir suas le bulaíocht; imigh, cuir in iúl nach dtaitníonn sé leat nó ná lean é a thuilleadh
  • Cruthaigh do spás: Ní chuirfear deireadh le bulaíocht mura ndéanaimid rud éigin! Ach cuirfear deireadh léi má dhéanann tú rud éigin. Is fúinn-ne go léir é na spásanna ar líne ar maith linn am a chaitheamh iontu a chruthú agus a mhúnlú. Déanaimis iarracht timpeallachtaí cairdiúla dearfacha a dhéanamh díobh – áiteanna ar féidir linn taitneamh a bhaint as am a chaitheamh iontu.
  • Faigh eolas: An raibh a fhios agat go bhfuil rud ar a dtugtar ‘éifeacht na bhféachadóirí’ ann? Má fheiceann níos mó daoine rud éigin, bíonn níos lú seans ann go ndéanfaidh duine aonarach rud éigin faoi. Is é sin a bhíonn i gceist le héifeacht na bhféachadóirí. Tarlaíonn sé sin ar líne freisin – aisteach ach fíor! Ná fág faoi dhuine eile é rud éigin a dhéanamh – déan tú féin é!
  • Idirghníomhaigh: Déantar cuid mhaith bulaíochta ar líne gan ainm. Samhlaigh conas a bhraithfeá dá rachfá ar scoil agus d’fhéadfadh aon duine a bheith ar an duine atá do do chiapadh. D’fhéadfadh sé a bheith éasca tosú ag tarraingt siar ó fhíorchairde agus a bheith in amhras faoi gach duine. Má tá aithne agat ar dhuine ar bith atá sa chás seo, idirghníomhaigh leis agus inis dó gur miste leat faoi, agus gur mian leat tacú leis.
  • Déan rud éigin anois: Is féidir le bulaíocht ar líne dul ó smacht go han-tapa agus is féidir le daoine a bhfuil bulaíocht ar líne á déanamh orthu a bheith báite go hiomlán. Uaireanta, is leor teachtaireacht amháin chun difríocht a dhéanamh. Is féidir le do thairiscint tacaíochta a bheith níos cabhraí ná mar a cheapann tú. Ná fan, glac gníomh anois!
  • Déan difríocht: Is féidir leat difríocht mhór a dhéanamh. Is rud maith é seasamh suas in aghaidh bulaíochta, cibé acu atá sí á déanamh ar líne nó sa saol seo. Mar sin féin, níor chóir aghaidh a thabhairt go díreach ar dhuine a bhíonn ionsaitheach nó coscrach. Ní hé sin an bealach is fearr chun seasamh suas in aghaidh na bulaíochta. Is féidir leat tuairisc a thabhairt, idirghníomhú nó insint do dhuine éigin, tá cuid mhór roghanna agat chun seasamh a ghlacadh in aghaidh bulaíochta.
  • Bí láidir: Ní bhíonn bulaíocht ceart in am ar bith agus níor chóir duit glacadh léi. Ach ná téigh thar fóir – ná déan bulaíocht ar an mbulaí. Tá sé ceart go leor a chur in iúl gur chóir deireadh a chur le cibearbhulaíocht. Níl sé ceart go leor tosú ag seoladh teachtaireachtaí maslacha chuig an mbulaí. Samhlaigh go mbeifeá i d’íospartach bulaíochta ar líne – conas a bhraithfeadh sé dá mbeadh ort déileáil le ciapadh agus le masla leanúnach ar líne leat féin? Samhlaigh anois cad a bhraithfeá dá bhfaighfeá tacaíocht ó do chairde agus ó do chomhdhaltaí. Beidh an fhadhb níos measa má dhéantar bulaíocht ar dhuine chun dul i ngleic le bulaíocht. Bí láidir, ceannasach agus dearfach agus déan iarracht an rud ceart a dhéanamh i gcónaí. Is é sin an bealach is fearr chun dul i ngleic le bulaíocht.