Bluetooth agus do pháiste

Bluetooth agus do pháiste

iPad

Céard is Bluetooth ann?

Teicneolaíocht gan sreang é Bluetooth atá ionsuite i gcuid mhaith gléasanna leictreonacha amhail fóin chliste nó phóca a ligeann duit labhairt agus ceol nó físeáin agus a leithéid a roinnt gan sreang.

Baineann Bluetooth úsáid as tonnta raidió chun faisnéis a sheoladh gan sreang chomh fada le 10 méadar.

Is maith an áis í ar mhórán bealaí, mar shampla chun d’fhón póca a nascadh leis an steiréó i do charr nó chun grianghraf a phriontáil ó fhón póca.

Céard ba chóir do thuismitheoir a bheith ar an eolas faoi maidir le Bluetooth?

Is féidir le páistí Bluetooth a úsáid ar a bhfón póca, mar sin ba chóir go dtuigfeadh tuismitheoirí an baol a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an teicneolaíocht sin ó thaobh sábháilteachta agus príobháideachais de.

D’fhéadfadh Bluetooth a bheith costasach agus cumhacht chadhnra a ídiú go sciobtha.

Mar an gcéanna leis an Wi-Fi nó le gléas ar bith eile gan sreang, is féidir é a mhí-úsáid agus ceisteanna slándála a tharraingt aníos:

  • Blue-fhuadach: Is féidir turscar nó teachtaireachtaí gan iarraidh a sheoladh chuig gléasanna a bhfuil Bluetooth i bhfeidhm iontu, amhail fóin phóca. D’fhéadfadh fógraí áirithe a bheith nasctha le seirbhísí ardráta atá costasach agus seans go bhfeicfeadh do pháistí  ábhar atá dochrach nó nach n-oireann dá n-aois.
  • Blue-snarfáil: Is éard is brí leis seo go ndéanann duine éigin rochtain agus cóipeáil ar an bhfaisnéis phearsanta atá stóráilte ar ghléas Bluetooth, e.g. leabhar seoltaí, teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist agus grianghraif.
  • Blue-bhugáil: Ciallaíonn sé seo go n-úsáideann haiceálaithe Bluetooth chun seilbh a ghlacadh ar fhón póca  chun  glaonna a chur, téacsanna a sheoladh agus rochtain a fháil ar leabhar seoltaí an pháiste.
  • Víris: Is féidir go dtiocfaidh víreas isteach san fhón póca i ngan fhios nuair a fhaightear comhad trí Bluetooth.

Céard iad na saincheisteanna eile atá ann maidir le Bluetooth?

Ba chóir do thuismitheoirí labhairt lena bpáistí faoin úsáid a bhaineann siad as gléasanna ina bhfuil Bluetooth i bhfeidhm.

  • Cóipcheart: Tá sé éasca comhaid a roinnt trí Bluetooth, mar sin tá sé tábhachtach go dtuigfidh páistí na freagrachtaí cóipchirt atá orthu.  D’fhéadfadh páistí dlí an chóipchirt a bhriseadh má sheolann nó má fhaigheann siad comhaid áirithe trí Bluetooth, amhail rianta ceoil nó gearrthóga físeáin, nár íoc siadsan ná tusa astu.
  • Gnéastéacsáil: Tá roinnt ceiliúrán agus peileadóirí príomhshraithe tar éis grianghraif nochta díobh féin a sheoladh trí Bluetooth. Is ionann an scéal le roinnt daoine óga.  Ní amháin go bhféadfadh a ndea-cháil a bheith i mbaol, ach fágann sin sobhuailte iad ag an mbulaíocht agus ag an bhfonóid má thagann deireadh leis an gcaidreamh agus má scaiptear na híomhánna go poiblí. D’fhéadfaidís a bheith ag briseadh an dlí freisin as íomhánna den chineál sin a chruthú agus a sheoladh.

Leideanna do Thuismitheoirí faoi Bluetooth

  • Labhair le do pháiste faoi úsáid agus faoi mhí-úsáid Bluetooth.
  • Foghlaim cén chaoi le socruithe fhón cliste do pháistí a chur in oiriúint agus Bluetooth a dhíchumasú mura bhfuil do pháiste in inmhe a bheith ag plé leis an teicneolaíocht seo go fóill.
  • Féach thart ar shuíomh gréasáin sholáthróir fhón cliste nó fhón póca do pháiste, go háirithe an chuid a bhaineann le Sábháilteacht do Thuismitheoirí. Foghlaim faoi na Rialúcháin Tuismitheoirí agus na huirlisí a chuireann an soláthróir seirbhíse ar fáil.