Céard is Líonrú Sóisialta ann?

Céard is Líonrú Sóisialta ann?

social-networking

LinkedIn. Bebo. Twitter. Myspace. Facebook, ar ndóigh. Is suíomhanna gréasáin uile iad sin ar a dtugaimid anois suíomhanna líonraithe shóisialta. Is cuid de chultúr Idirlín freisin iad atá dinimiciúil síorathraitheach agus a imríonn tionchar leanúnach ar an gcaoi a mbainimid úsáid as an Idirlíon.

Sa bhliain 1995, in íoslach tí in Oregon sna Stáit Aontaithe, bhain Randy Conrads, fostaí de chuid Boeing, áit amach sna leabhair staire nuair a sheol sé an chéad suíomh líonraithe shóisialta ar domhan, Classmates.com D’fhéach an suíomh le seanchairde scoile a chur i dteagmháil lena chéile arís. Ach rinne sé i bhfad níos mó ná sin. D’athraigh sé as éadan an chaoi a n-úsáidtear an tIdirlíon agus ba réamhtheachtaire é do thionscal domhanda ar fiú na trilliúin dollar anois é.

Bíodh sin mar atá, bhí ‘líonraí sóisialta’ i gcónaí ann. Grúpaí daoine atá ann atá nasctha agus a roinneann faisnéis lena chéile – bídís i mbun scéim faire comharsanachta i sráidbhaile beag nó ina gcorparáid mhór atá ag cur tuarascáil bhliantúil i dtoll a chéile.

Ach chruthaigh Conrads rud éigin nua: Fóram Idirlín an-phoiblí ina bhféadfadh cairde coinneáil i dteagmháil agus an méid a bhí ar siúl acu a roinnt lena chéile láithreach – gan imeacht ón ríomhaire pearsanta.

Éabhlóid an Líonra Shóisialta

Fógraíonn Twitter a Phlean go gCuirfí ar an Stocmhargadh é

Tá luas lasrach faoi éabhlóid na suíomhanna líonraithe shóisialta ó tháinig ann dóibh i lár na 1990idí. Anois agus 20 bliain imithe ó chonacthas comhéadan bunúsach Classmates.com, tá réimse mór ardán comhrá agus físteachtaireachta ann a ligeann d’úsáideoirí a bheith ar an eolas láithreach faoina bhfuil ar siúl ag a gcairde.

Chuir Mark Zuckerberg tús le Facebook mar thionscadal i gcoláiste. Tá áit bhuan i gcuimhne an phobail anois aige de bharr an scannáin The Social Network agus aithnítear é mar an suíomh líonraithe shóisialta is so-aitheanta agus is mó úsáid ar domhan. Is é an ceann is luachmhaire ar domhan é freisin, ar ndóigh. Is é an líonra is fearr leis an gcuid is mó de pháistí in Éirinn é cé go bhfuil an-tóir freisin ar Twitter agus MSN.

Tá na céadta milliún duine cláraithe ar Facebook mar a bhfuil próifíl phearsanta acu a ligeann dóibh teagmhálacha nua a dhéanamh, cairde a lorg agus páirt a ghlacadh i ngrúpaí éagsúla.

I measc na ngrúpaí sin tá ollscoileanna nó scoileanna eile inar féidir acmhainní oideachais ábhartha a roinnt. Ceann de na fáthanna ar éirigh chomh maith sin leis an suíomh is ea gur féidir físeáin, ailt agus grianghraif a roinnt ann – mar aon le himeachtaí beaga fánacha an tsaoil.

Cibé cén fáth a gcruthaítear próifíl ar líne, níl dabht ar bith ach go bhfuil suíomhanna líonraithe shóisialta ar na suíomhanna Idirlín is mó éileamh ag daoine óga.

Tá baol mór i gceist leis na suíomhanna sin freisin, áfach, chomh maith leis an ráchairt. Bíonn go leor daoine – ní déagóirí amháin – ag roinnt a gcuid faisnéise pearsanta leis an saol mór ar líne ar bhealach an-phoiblí ar fad. Is féidir socruithe príobháideachais a dhéanamh níos doichte, ach is cineál foilsithe é an líonrú sóisialta go bunúsach agus gabhann cuid mhór ceisteanna dlí agus sóisialta leis sin.

Tháinig Twitter ar an bhfód le blianta beaga anuas, ar suíomh é a ligeann do dhaoine teachtaireachtaí gearra a ‘tvuíteáil’ láithreach leis na mílte duine dá lucht leanúna, agus de réir mar a tháinig borradh faoi sin agus faoin líonrú sóisialta i gcoitinne méadaíodh freisin ar na díospóireachtaí faoi ábhar ciníoch, clúmhillteach, gríosaitheach a bheith ann. Go deimhin, is iomaí uair a cuireadh daoine óga – agus daoine fásta araon – i bpríosún nó a gearradh fíneálacha orthu as ábhar gáirsiúil a phostáil ar shuíomhanna líonraithe shóisialta.

Céard é an Baol a Bhaineann le hÚsáid na Suíomhanna Líonraithe Shóisialta?

Cosúil le beagnach gach gníomhaíocht ar líne tá baol ann d’úsáideoirí. Is féidir go mbeidh teagmháil ag daoine óga leo siúd ba chóir dóibh a sheachaint agus, cé gur mairg an scéal é, táthar ann a dhéanfadh iarracht teacht i dtír ar pháistí ar líne.

Cosúil le beagnach gach gníomhaíocht ar líne tá baol ann d’úsáideoirí

Is cosúil gurb iad an bhulaíocht agus an ciapadh na fadhbanna is forleithne ar shuíomhanna líonraithe shóisialta, lena n-áirítear teachtaireachtaí suaracha, gránna nó bagracha a fhágáil ar phróifíl úsáideora chomh maith le próifílí bréige a chruthú d’fhonn fonóid a dhéanamh faoi dhuine. Is fiú an méid seo a leanas a rá freisin: ní amháin go bhféadfadh daoine óga a bheith ina n-íospartaigh mar gheall ar iompar dochrach den chineál sin, ach d’fhéadfaidís a bheith páirteach freisin san iompar céanna, á thosú, á chothú nó á dhéanamh ar pháistí eile.

Is é an difríocht mhór idir teachtaireachtaí gránna a scríobh ar chúl leabhar scoile agus iad a phostáil ar an Idirlíon ná gur féidir le níos mó daoine na teachtaireachtaí a fheiceáil nach mór ar an toirt. Braitheann páistí freisin go bhfuil siad anaithnid ar líne.

Bíonn sé de nós ag foghlaithe gan scrupall díriú isteach ar shuíomhanna líonraithe shóisialta mar áit mhaith chun camscéimeanna nó ionsaithe mailíseacha a dhéanamh nó, sa chás is measa de, déanfaidh péidifiligh iarracht dul i dteagmháil le déagóirí ann ar mhaithe lena mealladh.

Bíonn tuismitheoirí ag déanamh imní freisin faoi ábhar dochrach neamhoiriúnach ar líne, amhail físeáin agus grianghraif a bhaineann leis an gcollaíocht, an foréigean, an leithcheal, andúil i ndrugaí agus adhradh cultais.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin tóra ag daoine óga ar shuíomhanna líonraithe shóisialta?

FacebookScreenCrop1

Tá féith na hiltascála i ndaoine óga. Níor dheacair in aon chor don chuid is mó de dhéagóirí suíomhanna líonraithe shóisialta a shurfáil, obair bhaile a dhéanamh, ceol a íoslódáil agus seirbhís teachtaireachta a úsáid chun labhairt le cairde uile ag an am céanna.

Ligeann suíomhanna líonraithe shóisialta do dhaoine óga iad féin a fhiosrú mar dhaoine. Tá tóir orthu cionn is gur féidir le déagóirí a nguth féin gan srian a aimsiú ar líne, guth is féidir leo a roinnt le cairde. Mothaíonn déagóirí áirithe gur féidir leo iad féin a chur in iúl níos fusa ar líne i gcomparáid leis an bhfíorshaol ar an ábhar go mb’fhéidir go mothaíonn siad go bhfuil an domhan fíorúil níos sábháilte.

Tá buntáistí eile i gceist leo freisin. Ceann de na fáthanna a bhfuil an oiread sin tóra ar an líonrú sóisialta inniu is ea gur féidir a bheith ar an eolas faoi imeachtaí sóisialta, grianghraif, ceol agus ailt a phostáil agus a roinnt, fanacht i dteagmháil le cairde agus cairdeas úr a dhéanamh freisin.

A bhFuil le Teacht

In ainneoin an bhaoil, níl teorainn le hacmhainneacht oideachais an líonraithe shóisialta. Is féidir le déagóirí teacht ar acmhainní bunriachtanacha agus ar dhaoine a chuirfidh ag foghlaim iad. Tá an chomhroinnt faisnéise de dhlúth agus d’inneach i bhfoghlaim faoi chultúir eile. Is féidir, dá tairbhe, meon criticiúil a ghlacadh i leith idé-eolaíochtaí, na polaitíochta agus na gcreideamh reiligiúnach. Agus is tríd an gcomhroinnt sin a osclaítear intinn duine don saol mór.

Tá sé ionann agus cinnte go mbeidh an chéad ardán eile do shuíomhanna líonraithe shóisialta le fáil ar ríomhairí láimhe, cosúil le táibléid, agus ar ghléasanna móibíleacha eile. Ach ní léir dúinn go fóill cén chuma a bheidh ar an líonrú sóisialta amach anseo.

B’fhéidir go bhfuil Zuckerberg nó Conrads eile amuigh ansin, seanchupáin caife mórthimpeall air agus é ag saothrú leis in íoslach dreoite i mbaile beag tuaithe áit éigin i lár Mheiriceá ar thionscadal scoile a bheidh ina Twitter nó ina Facebook nua amach anseo.

Fiú mura bhfuil, is féidir a bheith cinnte faoi rud amháin. Beidh na líonraí nua sóisialta ar líne sciobtha, móibíleach agus ceannródaíoch agus tabharfaidh siad deiseanna úrnua, agus baol nua leis, dúinn sa saol seo atá domhandaithe ach logánaithe cheana féin.