Comhairle do Dhéagóirí maidir leis an Líonrú Sóisialta

Comhairle do Dhéagóirí maidir leis an Líonrú Sóisialta

FacebookDPCAudit (1)

Is fíor go bhfágann an méid a dhéanann tú ar líne a lorg ann agus clú áirithe ort féin. Is geall le CV digiteach é do leathanach Facebook nó Twitter agus imríonn sé tionchar mór ar an gclú atá ort agus ar an tslí bheatha a bheidh agat amach anseo.

Tá sé d’acmhainn ag daoine cáiliúla Bainisteoirí Clú a fhostú a chíorfaidh an tIdirlíon chun ábhar pearsanta nach bhfuil ródheas a cheilt agus na dea-scéalta a chur chun cinn. An bhfuil sé d’acmhainn agatsa sin a dhéanamh?

Is é an chomhairle is fearr ná machnamh a dhéanamh sula bpostálfaidh tú aon cheo agus tú féin a chosaint trí bheith i do shaineolaí ar shocruithe príobháideachais!

Cuimhnigh ar na ceithre ghné a bhaineann leis na meáin dhigiteacha

  1. Tá siad inchuardaithe – is féidir le duine ar bith, am ar bith agus áit ar bith iad a aimsiú
  2. Tá siad buan – is féidir le duine ar bith (fiú do mhamó, príomhoide do scoile nó an saoiste a bheidh agat amach anseo) iad a aimsiú sa lá atá inniu ann, amárach, nó i gceann 30 bliain.
  3. Tá siad inchóipeáilte – nuair a aimsítear iad, is féidir iad a chóipeáil, a roinnt agus a athrú.
  4. Tá lucht féachana domhanda dofheicthe acu – fiú má tá do leathanach príobháideach, ní féidir leat a bheith cinnte an roinnfidh cara leat é. Níl aon smacht agat ar an méid a dhéanfaidh do chairde leis.

Leideanna Facebook do Dhéagóirí

Féadfaidh déagóirí comhairle a fháil in Ionad Sábháilteachta Facebook, ach cuimhnigh go ndeirtear go soiléir sna Téarmaí agus Coinníollacha go gcaithfidh úsáideoirí an tsuímh a bheith 13 bliana d’aois nó os a chionn.

Leideanna do dhéagóirí

  1. Ná roinn d’fhocal faire le duine ar bith
  2. Ná glac le cuirí chun cairdis mura bhfuil aithne agat ar an duine a sheol chugat é.
  3. Ná postáil aon cheo nach mbeifeá ag iarraidh go bhfeicfeadh do thuismitheoirí, do mhúinteoirí nó d’fhostóir.
  4. Bí dílis duit féin. Is fearr i bhfad a bheith dílis duit féin ná bheith ag ligean ort agus ag cur i gcéill.
  5. Foghlaim faoi shocruithe príobháideachais agus déan athbhreithniú go minic orthu.

D’obair bhaile maidir le Facebook – Foghlaim faoi Shocruithe Príobháideachais

Molann Facebook go bhfoghlaimeoidh tú faoi na socruithe príobháideachais atá ann agus go ndéanfaidh tú athbhreithniú orthu go minic.

Ba chóir duit gach rogha príobháideachais ar Facebook a shaincheapadh agus cuimhneamh ar “rogha an diúltaithe” a dhéanamh ó thaobh clibeála agus aghaidh-aitheanta de.

Má dhiúltaíonn tú don chlibeáil, ní chuirfear clib ort go huathoibríoch a thuilleadh nuair a chuirfidh cairde leat nó daltaí eile grianghraif díot ar an Idirlíon.

Is é an dea-chleachtas é teorainn a chur leis an méid eolais is féidir le daoine aonair a fheiceáil.

Ba chóir duit seiceáil gur chuir tú na socruithe i bhfeidhm i gceart leis an rogha “Féach Air Seo Mar” a úsáid.

Leis sin, feicfidh tú cén chuma atá ar do phróifíl ó pheirspictíocht strainséirí agus beidh tú in ann a chinntiú nach bhfuil an t-eolas is mian leat a choinneáil príobháideach nó ar fáil do “chairde amháin” le feiceáil.

Cibé socruithe a úsáideann tú, tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh i gcónaí sula gcliceálfaidh nó sula bpostálfaidh tú aon rud.

Ní deimhniú príobháideachais iad na socruithe “Cairde”.

Má roinneann tú ábhar le daoine eile (grianghraif díot ar laethanta saoire cois farraige san áireamh), níl aon smacht agat air; is féidir le cairde é a roinnt agus a chur ar aghaidh.

Déan do mhachnamh go cúramach faoi na tráchtanna a dhéanann tú ar shuíomhanna do chairde freisin – mura bhfuil próifíl do charad príobháideach beidh do chuid postálacha féin le feiceáil ag an bpríomhoide agus ag do thuismitheoirí… déanta na fírinne, beidh lucht féachana domhanda agat i ngan fhios duit!

Ós rud é go mbíonn Facebook de shíor ag “feabhsú” socruithe, beidh ortsa foghlaim gan glacadh leis na cinn réamhshocraithe sin agus conas diúltú do shocruithe a sháraíonn do chuid príobháideachais nó iad a dhíchumasú.

  • Diúltaigh don chlibeáil agus don aghaidh-aithint – ach amháin, ar ndóigh, má tá tú cinnte nach gcuirfeadh cara ar bith leat grianghraf díot ar líne gan do chead a fháil ar dtús!
  • Diúltaigh do na seirbhísí geoshuite – ach amháin má tá tú ag iarraidh go mbeidh a fhios ag Mam agus ag Daid agus ag an saol mór go díreach cén áit a bhfuil tú an t-am ar fad.

Na rudaí ba chóir a dhéanamh

Déan do mhachnamh go cúramach faoin dóigh a gcuireann tú thú féin i láthair agus íomhá phróifíl á roghnú agat. Tá do chlú ar líne tábhachtach. Déan do mhachnamh freisin faoin gcineál teanga a úsáideann tú fiú más greann atá i gceist – leagfar síos do lorg digiteach trí na rudaí a deir tú agus na rudaí a dhéanann tú ar líne.

ar an eolas fúthu siúd atá in ann teacht ar d’fhaisnéis phearsanta.  Ligeann cuid mhór suíomhanna duit cinneadh a ghlacadh faoi na codanna de do phróifíl is féidir le daoine eile rochtain a fháil orthu. Glac leis go bhfuil gach rud á thaispeáint go poiblí mura bhfuil tú cinnte faoina mhalairt. Má roghnaíonn tú próifíl phríobháideach ní hionann sin is a rá nach féidir ach le do chairde amháin í a fheiceáil. Ciallaíonn sé uaireanta gur féidir le gach uile dhuine na rudaí a chuireann tú ar do phróifíl a fheiceáil, ach nach féidir ach le do chairde tráchtanna a dhéanamh orthu nó teachtaireachtaí díreacha a sheoladh chugat.

Bíodh muinín agat as d’instinní féin. Mura bhfuil an chuma cheart ar rud éigin nó mura mothaíonn sé ceart, gach seans nach bhfuil. Má aimsíonn tú rud éigin ar líne nach dtaitníonn leat nó a mothaíonn tú míshuaimhneach faoi, múch an ríomhaire agus inis do dhuine fásta faoi.

cúramach le d’fhaisnéis phearsanta.  Is é an fhadhb a bhaineann le faisnéis phearsanta a phostáil ar líne ná a luaithe is atá sí ann níl smacht a thuilleadh agat ar na daoine a fheicfidh í ná ar an dóigh a mbainfear úsáid aisti. Is féidir pictiúir a chóipeáil agus a roinnt go héasca le 100,000 duine ach cliceáil ar chnaipe amháin. Mar gheall ar nádúr digiteach na bpictiúr, is féidir iad a athrú nó a chur as riocht fiú. Ná déan pictiúir a phostáil nár mhaith leat a bheith le feiceáil ag gach duine a bhfuil aithne agat orthu, tuismitheoirí agus múinteoirí ina measc.

cúramach le faisnéis phearsanta daoine eile.  Ná clibeáil daoine eile i ngrianghraif gan cead a fháil uathu ar dtús.  Ná roinn faisnéis agus sonraí pearsanta daoine eile leis an saol mór.  Tá sé de cheart acu príobháideachas a bheith acu agus tá freagracht ortsa sin a chosaint.

Na rudaí nár chóir a dhéanamh

glac leis gurb ionann gach duine a chastar ort ar líne agus an duine a mhaíonn siad – cé go ndeir suíomhanna gréasáin áirithe go gcuireann siad daltaí ón scoil chéanna in aithne a chéile, ní hí an fhírinne i gcónaí í. Ní dhéantar seiceáil ar an eolas a chuireann úsáideoirí ar fáil nuair a chláraíonn siad. Is féidir le duine ar bith próifíl úsáideora a chruthú agus iad ag ligean orthu féin gur duine eile iad. Thairis sin, is féidir le duine dul isteach i níos mó ná pobal scoile amháin, beag beann ar a (h)aois.

postáil aon eolas a d’fhéadfaí a úsáid chun thú a aimsiú as líne – d’fhéadfá fios an bhealaigh chugat a thabhairt do dhuine trí thimpiste. Bí cúramach agus tú ag postáil grianghraif ina bhfuil plátaí clárúcháin ghluaisteán nó sainchomharthaí tíre inaitheanta le feiceáil. Ná fág teachtaireachtaí ar bhlaganna ina ndeir tú, mar shampla, “Siúlaim abhaile síos lána an iarnróid de ghnáth”. Táthar ann a chuirfeadh le chéile píosaí beaga eolais mar sin thar thréimhse fhada.

freagair teachtaireachtaí a chiapann thú nó a chuireann as duit! B’fhéidir go mbeadh an-fhonn ort freagra a thabhairt, ach sin é go díreach an rud a theastaíonn ó chibearbhulaithe. Beidh áthas orthu a fháil amach gur éirigh leo cur isteach ort agus go bhfuil tú imníoch agus trína chéile. Tá siad ag iarraidh aireachtáil tábhachtach toisc gur éirigh leo  thú a choipeadh. Ná sásaigh iad. Coinnigh thusa smacht ar an scéal.

Cén chaoi a bhfaighidh mé smacht ar an scéal?

  1. Inis do dhuine a bhfuil muinín agat as/aisti, dála do thuismitheoirí, faoina bhfuil ag tarlú.
  2. Blocáil maslóirí agus bulaithe.
  3. Sábháil na postálacha maslacha; is iad do chuid fianaise iad! Níl siad dofheicthe ná anaithnid ar líne; is féidir leis na Gardaí a seoladh IP a aimsiú agus a rianú má bhriseann siad an dlí.
  4. Bain úsáid as Cnaipe Tuairiscithe an tsuímh chun iad a thuairisciú.

Naisc Idirlín úsáideacha: