Comhairle do Thuismitheoirí maidir le Tréimhsí ar Líne

Comhairle do Thuismitheoirí maidir le Tréimhsí ar Líne

tréimhse ar líne

An bhfuil imní ort faoin méid ama a chaitheann do leanbh ar an bhfón/táibléad/ríomhaire? Tá treoir curtha le chéile againn do thuismitheoirí ina bhfuil comhairle agus pointí a bheidh le plé agat le do leanbh maidir lena t(h)réimhse ar líne. 

An bhfuil sé in am stopadh?

Níl aon am ceart ann – faraor, úsáideann leanaí a gcuid gléasanna agus a gcuid ríomhairí ar go leor cúiseanna éagsúla – chun rudaí a fhoghlaim, a bheith ag spraoi, agus le bheith i measc cairde. Is é an rud is tábhachtaí ná rialacha soiléire a leagan síos faoin tréimhse a chaitheann siad ar líne agus sampla maith a thabhairt tú féin, má tá imní ort go bhfuil do leanbh ag caitheamh an iomarca ama ar líne.

Pointí Áisiúla

  1. Tar ar chomhaontú le do leanbh faoi shraith rialacha soiléire faoin tréimhse a chaithfidh siad ar líne sa bhaile. Labhair le do leanbh faoi cathain atá sé oiriúnach agus neamhoiriúnach scáileáin a úsáid, dar leat. Comhaontaigh amanna a cheadófar scáileáin agus nach gceadófar iad sa teach. Mar shampla ag am dinnéir, le linn obair bhaile agus am codlata.
  2. Déan beart de réir do bhriathair. Má dhéanann tú féin an méid atá á mholadh agat is é sin an bealach is cumhachtaí ar fad a mbeidh tionchar agat ar iompar do linbh.
  3. Cuir srian ar úsáid ríomhairí/gléasanna sa seomra codlata. Ag brath ar aois do linbh b’fhéidir gur mhaith leat cuirfiú a leagan síos nó cosc iomlán a chur ar ghléasanna sa seomra leapa.
  4. Ceannaigh clog aláraim le haghaidh seomra do linbh agus luchtaigh a bhfón i do sheomra san oíche. Is bealach é sin chun briseadh a thabhairt dóibh ón idirlíon.
  5. Déan iarracht gan a bheith ag brath rómhór ar scáileáin mar mhodh siamsaíochta do na leanaí. Is furasta a rá leis na leanaí an táibléad a thabhairt leo nó cluiche a imirt ar an ríomhaire chun rud a thabhairt le déanamh dóibh. Cuireann sé sin na rialacha maidir le tréimhsí ar líne as a riocht, déan iarracht cloí leis na rialacha a d’aontaigh tú le do leanbh agus tabhair sampla maith thú féin.
  6. Labhair le do leanbh faoina mbíonn ar siúl acu ar líne agus spreag iad lena gcuid ama ar an scáileán a úsáid i gcomhair foghlama agus oideachais.
  7. Pioc tráthnóna amháin sa tseachtain ina ndéanann sibh rud éigin le chéile mar chlann, bíodh sibh ag féachaint ar scannán, nó ag imirt cluichí. Má dhéanann sibh rudaí le chéile mar chlann cuideoidh sé sin chun na treoirlínte maidir leis an tréimhse ar líne a chur i bhfeidhm agus beidh roghanna spraíúla eile ag na leanaí.
  8. Ná bíodh scáileáin ar siúl i gcónaí sa chúlra. Múch an Teilifís agus na Ríomhairí nuair nach mbíonn siad in úsáid, cuireann siad leanaí ar seachrán má tá siad ag iarraidh bheith páirteach i rud éigin eile.
  9. Ar deireadh, glac páirt tú féin, cuir am ar leataobh leis an gcluiche is fearr le do leanbh a imirt agus gheobhaidh sibh cleachtadh ar an saol ar líne le chéile.